An Páirtí Pobaltánach

Claochlú Fhianna Fáil ó aimsir de Valera go dtí an lá inniu

Niorbh eol d'Fhianna Fáil conas dul i ngleic leis nuair a phléasc iarmhairt Dhroichead Bhun Tolaide agus Dhomnach na Fola (thuas) amach. Grianghraf: Frederick Hoare/Central Press/Getty Images
Niorbh eol d'Fhianna Fáil conas dul i ngleic leis nuair a phléasc iarmhairt Dhroichead Bhun Tolaide agus Dhomnach na Fola (thuas) amach. Grianghraf: Frederick Hoare/Central Press/Getty Images

B’fhéidir go mbeidh sé deacair aon rud sa bhreis a léamh mar gheall ar Fhianna Fáil tar éis an tóstail mhóir a bhí acu ag an deireadh seachtaine. Bhí na maithe is na móruaisle ann, an seanduine críon is an óige, an fear ón sliabh, an bhean ón gcnoc, an neach ar an tsráid, an gaigín agus an glincín, an smuigín a bhí bocht tráth agus an tógálaí atá saibhir anois, Pádaí puiteach agus Laoise láibe, Trevor Tréan agus Beryl bheartach, gan trácht ar Airí rialtais, Teachtaí Dála, comhairleoirí contae, cathaoirligh chumann, lucht déanta ceapairí, soláthróirí sicín ruibéir, líoracóirí clúdaigh litreach, boicíní pócaí domhaine, slibirí sleamhaine ar a seans, agus b’fhéidir naomh. Óir mhaítí uair amháin nár pháirtí polaitíochta ba ea Fianna Fáil ach gluaiseacht náisiúnta.

Bhí an chuma sin orthu ar feadh i bhfad, agus chun a gceart a thabhairt dóibh, agus dá bhunaitheoir Éamon de Valera go ró-áirithe, strac siad anuas an conradh réitigh a déanadh sa bhliain 1922 diaidh ar ndiaidh, giob ar ghiob, smut ar smut go dtí gur bheag de a bhí fágtha. Cuimhnítear mura mbeadh bunreacht 1937 go mbeadh an Rí thar toinn Séarlas III ina cheann ar an stát, agus go mbeadh teidil áiféiseacha á mbronnadh ar ghéillsinigh dhílse (seachas saoránaigh) a dhéanfadh lúitéis dó. Uaireanta, ba dhóigh leat gur thuig formhór an phobail go raibh an ceart ag an taobh a dhiúltaigh don chonradh sin, ach gur thuigeadar nach raibh aon dul as acu ag an am. B’in cúis amháin, fara na polasaithe sóisialta a chinntigh gur tógadh tithe do na gnáthdhaoine, go raibh oiread sin de ghean ar an bpáirtí.

Fiafraíodh de Sheán Lemass uair amháin cad fáth nach raibh páirtí lucht oibre sa cheart in Éirinn. B’é a d’fhreagair sé: ‘Ach tá, tugtar Fianna Fáil air.’

Is í an cheist mhór ná cathain ar casadh seo thart agus gur tosnaíodh ar FG a dhéanamh díobh?

An tAire Tráchtála Jack Lynch, Príomh-Aire Thuaisceart Éireann Terence O'Neill, an tAire Gnóthaí Eachtracha Frank Aiken agus an Taoiseach Seán Lemass ag Teach Uíbh Eachach in 1965. Grianghraf: Joe Clarke
An tAire Tráchtála Jack Lynch, Príomh-Aire Thuaisceart Éireann Terence O'Neill, an tAire Gnóthaí Eachtracha Frank Aiken agus an Taoiseach Seán Lemass ag Teach Uíbh Eachach in 1965. Grianghraf: Joe Clarke

Beidh a dháta féin ag gach duine. Leáigh na feirmeoirí beaga, lucht saothraithe na talún, d’imigh aicme bhocht na mbailte ceal oibre chomh maith. Slogadh iad i dtaoide na hollimirce. Fós féin, d’fhan dílseacht airithe i measc fuílligh na muintire sin. Bhí sé ceart go leor teacht chun réitigh lena raibh fágtha de na seantiarnaí agus aicme na dtithe móra agus de bhodaigh an airgid nua ach nuair a chrom ceannasaíocht an pháirtí ar chomhshamhlú leo bhí an claochlú faoi lánseol.

B’fhéidir nár pháirtí náisiúnta riamh iad, ach páirtí de chuid an stáit. Níor eagraigh siad lastuaidh den teorainn áit a raibh pobal a raibh a mbundún amuigh acu ag iarraidh go dtabharfaí cluas dóibh. Nuair a chuaigh Lemass chun cainte le Terence O’Neill, príomhaire an stáitín soir ó thuaidh, d’éigh Eddie McAteer, ceannasaí an pháirtí a sheas ar son an phobail ‘Chaitlicigh’ gurbh iad an pobal náisiúnach sin a bhí ligthe i ndearmad, gurbh iad na neamhdhaoine iad. Agus b’ea.

B’fhéidir nár pháirtí náisiúnta riamh iad, ach páirtí de chuid an stáit. Níor eagraigh siad lastuaidh den teorainn áit a raibh pobal a raibh a mbundún amuigh acu ag iarraidh go dtabharfaí cluas dóibh

Ba de dheasca an mheoin chríchdheighiltigh sin a bheith dulta chun ainsil in Fianna Fáil a bhí thiar orthu, agus mearbhall, agus trí chéile nuair a phléasc iarmhairt Dhroichead Bhun Tolaide agus Dhomnach na Fola amach agus nárbh eol dóibh conas dul i ngleic leis. Scoilt an páirtí agus chuadar taobh gach taobh, ach a bhformhór leanadar go humhal pé glam a lig Fine Gael astu maidir leis an tuaisceart, an bunreacht, an Ghaeilge, an t-agenda liobrálach, agus anois iad ar tí an neodracht a chaitheamh uathu chomh maith, dá mhéid is a shéantar sin.

Beidh tugtha faoi deara go bhfuil an lipéad ‘An Páirtí Poblachtánach’ dulta i laghad ar a gcuid fógraíochta le fada ionas gurb oiriúnaí go mór, maidir lena dtóraíocht ar vótaí gan bheann ar phrionsabail, An Páirtí Pobaltánach a ghairm orthu.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar