Is deacair scríbhneoir Angla-Éireannach a thabhairt ar Oscar Wilde má úsáidtear na catagóirí ginearálta: a bheith as Éirinn ó dhúchas, a bheith ag scríobh i mBéarla, agus a bheith dírithe amach is amach ar an eispéireas Gaelach. Baineann saothair liteartha Wilde níos mó le seomraí suite galánta Shasana ná le saol na hÉireann, cé gur Gael bródúil ba ea é a dúirt uair amháin: “Cliseann orainn thar cionn mar náisiún ach is sinne na cainteoirí is fearr dá raibh riamh ann ó aimsir na nGréagach”.
Ba náisiúnaí cruthanta a mháthair Jane Francesca Wilde (‘Speranza of the Nation’) a d’fhoilsigh dánta tírghrá sa ‘Nation’ in aimsir Thomáis Dáibhís agus Éire Óg.
Le linn dom féin a bheith i mbun léachtóireachta do mhic léinn Mheiriceánacha in Ollscoil Mhá Nuad, ba mhó mo bhéim ar leithéid Joyce, Yeats, Synge agus O’Casey, ach pé acu sin é, b’ábhar díospóireachta Wilde go háirithe ó thaobh a chuid nathán.
Is cara liom JD Murphy atá ina shaineolaí ar Wilde agus a chaith blianta ag déanamh taighde ar a shaol agus ar a shaothar. Tá ról lárnach ag JD i gCumann Oscar Wilde. Ó bhí sé páirteach i dtionscal na ngluaisteán chuir sé suas an fhuinneog ghloine dhaite den ‘bPrionsa Sona’ sa Choláiste Meiriceánach ag Uimhir 1 Cearnóg Mhuirfean, áit a raibh cónaí ar mhuintir Wilde, le hurraíoicht Braemor Fiat don togra sa bhliain 1996.
READ MORE
Aisteach fós mar scéal nuair a bhí Oscar ag fáil bháis in Óstán d’Alsace i bPáras na Fraince, bhaist an tAthair Cuthbert Dunne arís é…
Bliain ina dhiaidh sin nocht Merlin Holland, garmhac le Oscar, dealbh cháiliúil Danny Osborne d’Oscar Wilde don phobal i gCearnóg Mhuirfean. Is cara pearsanta Merlin le JD, agus ba mhór an onóir dom nuair a cuireadh in aithne mé dó féin an lá sin.
I rith an chomhrá a bhí eadrainn dhearbhaigh sé dom gur baisteadh Oscar ina Phrotastúnach agus ina Chaitliceach.
Ó thaitin deasghnáth na hEaglaise Caitlicí go mór lena mháthair thóg sise Oscar, a bhí ceithre bliana d’aois, agus a dheartháir mór Willie, a bhí sé bliana d’aois, chuig an Athair Predaux Fox, séiplíneach Scoil Cheartúcháin Ghleann Crí agus bhaist seisean an bheirt bhuachaillí in ainneoin gur baisteadh cheana féin iad san Eaglais Anglacánach nuair a rugadh iad. Aisteach fós mar scéal nuair a bhí Oscar ag fáil bháis in Óstán d’Alsace i bPáras na Fraince, bhaist an tAthair Cuthbert Dunne arís é agus glacadh isteach san Eaglais Chaitliceach é.
Sa bhliain 2012 nuair a bhí Bláthnaid Ní Chofaigh ag cur i láthair an chláir teilifíse ‘Scannal’ ar Oscar Wilde, d’fhiafraigh sí de JD an mbeadh suim ar bith aige páirt a ghlacadh ann. Cé go bhfuil Gaeilge agus Spáinnis ag JD, mar chéimí ealaíon, dar leis nach raibh sé líofa go leor don chlár agus, mar sin, d’iarr sé orm dul air ina ionad.

Chuir Bláthnaid faoi agallamh mé i Sráid Synge i dteach George Bernard Shaw atá ar oscailt don phobal mar ionad oidhreachta, agus phléigh mé na heachtraí is suntasaí i saol Oscair: ardú agus titim san áireamh, agus, dar ndóigh, an triail cháiliúil. Ghlac an tOllamh Colbert Kearney, Pat Liddy agus an Dr Noreen Doody páirt sa chlár freisin.
San agallamh sin phléigh mé na blianta a chaith sé ag Coláiste na Tríonóide agus ag Oxford, a thuras go dtí na Stáit Aontaithe agus mar a phós sé ina dhiaidh sin. Luaigh mé freisin an dá scéal do pháistí a scríobh sé: ‘An Prionsa Sona’ agus ‘An Fathach Leithleach’, scéalta a d’inis sé cheana féin dá bheirt mhac óga i naíolann a thí féin, agus ansin na drámaí a raibh rath agus bláth chomh mór orthu. D’inis mé di mar ar tharla dó a bheith splanctha i ndiaidh an Tiarna Alfred Douglas, mac an Mharcais de Queensberry.
Nuair a chuir Oscar an dlí ar Queensberry, mar ar thug seisean cor in aghaidh an chaim dó sa chaoi gur briseadh Oscar agus gur cuireadh i bpríosún é as míchuibheas dearg.
Luaitear go mór a ráiteas deiridh “Tá mé féin agus mo pháipéar balla i bun comhraic aonair go bás. Caithfidh duine againn imeacht.”
Blianta ina dhiaidh sin d’aistrigh me an dá scéal ‘An Prionsa Sona’ agus ‘An Fathach Leithleach’ go Gaeilge agus bhí siad mar chuid den tSraith ‘Fadó’ ar fhinscéalta agus ar naoimh na hÉireann a d’fhoilsigh mé do pháistí. Mheas mé go raibh sé cuí go mbeadh seans ag páistí tallann chruthaitheach duine de na scríbhneoirí is clúití agus is deisbhéalaí a bhí againn a bhlaiseadh.
Seans go n-aimsíonn véarsa Bhreandáin Uí Bheacháin (sa dán Oscar Wilde) saol déthoiseach Wilde:
Dá aoibhne bealach an pheaca
Is mairg bás gan bheannacht
Mo ghraidhin thú a Oscair,
Bhí sé agat gach bealach.
Foclóir
Seomraí suite galánta - elegant drawing rooms
A chuid nathán - his aphorisms
Gloine dhaite - stained-glass
Togra - project
Dhearbhaigh sé - he confirmed
Deasghnáth - ritual
Rath agus bláth - so successful
Míchuibheas dearg - gross indecency













