‘An lúb is laige’

Cáineadh easpa tola agus easpa measa na Roinne Oideachais i dtaca le scolaíocht Ghaeilge ag cruinniú comhchoiste Déardaoin seo caite

Léas dóchais: Aoife Colgan agus a mac Ethan Byrne (4) le tuismitheoirí ó Gaelscoil na Ríthe i nDomhnach Seachnaill taobh amuigh de Theach Laighin le héileamh ar an Aire Oideachais níos mó áiteanna scoile a chur ar fáil sa scoil roimh an mbliain scoile nua. Grianghraf: Bryan O’Brien.
Léas dóchais: Aoife Colgan agus a mac Ethan Byrne (4) le tuismitheoirí ó Gaelscoil na Ríthe i nDomhnach Seachnaill taobh amuigh de Theach Laighin le héileamh ar an Aire Oideachais níos mó áiteanna scoile a chur ar fáil sa scoil roimh an mbliain scoile nua. Grianghraf: Bryan O’Brien.

“Tá an Rialtas tiomanta do thacú leis an oideachas lán-Ghaeilge agus táimid ag iarraidh tuilleadh deiseanna a chur ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga a gcuid oideachais a fháil trí Ghaeilge.”

Sin a dúirt an tAire Oideachais Hildegarde Naughton agus í ag tabhairt freagra ar cheist faoin nGaeloideachas ag cruinniú de Chomhchoiste Oideachais an Oireachtais an mhí seo caite.

Lean sí uirthi: “Sa pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, tá fís uaillmhianach leagtha amach againn go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do gach uile dhuine i suíomhanna atá ionchuimsitheach agus ilchultúrtha.”

Mhaígh an tAire freisin gur infheistigh an Roinn Oideachais €513 mhilliún i dtionscadail tógála i scoileanna lán-Ghaeilge idir 2020 agus deireadh 2025.

Ba í Teachta Dála Shinn Féin do Chill Dara Theas, Shónagh Ní Raghaillaigh, a chuir an cheist, agus í ag fiosrú na gcéimeanna atá beartaithe ag an Roinn Oideachais chun feabhas a chur ar sholáthar an oideachais lán-Ghaeilge.

Mhínigh Ní Raghaillaigh gur fhreastail sí ar sheoladh an bhrúghrúpa Imeasc an tseachtain roimhe sin, áit ar tugadh léargas duairc ar an soláthar easnamhach ar fud na tíre.

Easnamh é sin, a deir rúnaí Imeasc, Aidan Kinsella, a fhágann go bhfuil aon chontae dhéag sa Stát gan oiread agus Gaelcholáiste amháin iontu.

Bhí Kinsella, i measc na n-ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, an Foras Pátrúnachta agus Gaeloideachas a d’fhreastail ar an gcruinniú is déanaí den Chomhchoiste Oideachais Déardaoin seo caite.

Ba é Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, a chuir tús leis an gcruinniú agus is fiú an chodarsnacht idir a ndúirt na hionadaithe ag an gcruinniú seo faoi riocht an oideachais lán-Ghaeilge sa chóras a mheas i gcomhthéacs ráitis an Aire.

“Is iad na focail a ritheann liom maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais ná éigeandáil, cruachás, géarchéim, fadhbanna tromchúiseacha, cur i gcéill, agus [focail] eile den sórt céanna,” a dúirt sé.

“Ní bhfaighidh tú cur síos macánta mar sin, dar ndóigh, ón Roinn Oideachais agus Óige, nó ón Aire, cé go bhfuil na fíricí loma maidir leis an éigeandáil atá tar éis fás go ciúin ach go leanúnach ann,” a dúirt sé.

“Tá na treochtaí ag dul i mbealach amháin, agus níl sé ceart nó cothrom an éigeandáil seo a sheachaint ná a shéanadh. Is gá í a aithint agus dul i ngleic léi anois go práinneach.”

“Tá an córas oideachais ag teip ar bhreis agus 60,000 dalta sa mheánscoil a bhfuil díolúine ó staidéar na Gaeilge acu. In ionad córas ionchuimsitheach a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar chumas agus ar chúinsí pearsanta na ndaltaí sin, tá an córas ag séanadh, ag seachaint agus ag teip orthu,” a dúirt sé.

D’áitigh Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta, eagraíocht atá ina pátrún ar 75 bhunscoil agus 5 iar-bhunscoil lán-Ghaeilge, gur “ábhar imní” é go ndúirt an tAire Oideachais go mbainfí úsáid as torthaí suirbhé a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais mar fhianaise ar éileamh, nó ar easpa éilimh, ar oideachas lán-Ghaeilge.

De réir thorthaí an tSuirbhé Náisiúnta Bunscoile, bhí thart ar 13 faoin gcéad de thuismitheoirí bunscoile ag iarraidh go n-athrófaí teanga teagaisc na scoile ó Bhéarla go Gaeilge.

Mhínigh Ó hEaghra go raibh ceisteanna casta le cur san áireamh ag tuismitheoirí: cumas Gaeilge na múinteoirí, agus leibhéal suime, úsáide agus tiomantais don Ghaeilge atá le feiceáil sa phobal scoile cheana féin.

“De bharr an líon sin de chúinsí praiticiúla agus pearsanta, ní hiontas ar bith go roghnódh go leor tuismitheoirí fanacht mar atá - beag beann ar an rogha a dhéanfadh siad dá dtairgfí scoil nua lán-Ghaeilge dóibh mar rogha áitiúil,” a dúirt sé.

Ba í an tuiscint a bhí ann ón méid a dúirt Ó hEaghra ná gur cuireadh na ceisteanna ar bhealach a gcinnteodh go maolófaí an t-éileamh.

Threisigh Ó hEaghra an tuairim sin, “I gcodarsnacht leis sin, nuair a chuirtear ceist ar thuismitheoirí go díreach agus go srianta an roghnóidís oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí dá mbeadh scoil [ar fáil] deir 49 faoin gcéad go ndéanfaidís é.”

“Sin é an fíor-thomhas ar éileamh, dar linn,” a dúirt sé.

Dúirt ionadaí Imeasc, Aidan Kinsella, go bhfuil an Stát ag teip ar 3,000 dalta in aghaidh na bliana de cheal iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge, agus go bhfuil gá dualgas reachtúil a leagan ar an Roinn chun oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil.

Sampla na Breataine Bige

Is minic a dhéantar comparáid idir cás na tíre seo agus cur chuige rialtas na Breataine Bige. Bunaithe ar shonraí oifigiúla, tá sciar na scoileanna lán-Bhreatnaise sa Bhreatain Bheag (28.8 faoin gcéad) i bhfad níos airde ná sciar na scoileanna lán-Ghaeilge in Éirinn (8.7 faoin gcéad).

“Feiceann muid an dul chun cinn atá déanta acu [sa Bhreatain Bheag] le daonra níos lú,” a dúirt Uachtarán Gaeloideachas, Clodagh Ní Mhaoilchiaráin leis an gcoiste.

“Tá na deiseanna, tá na féidearthachtaí againn anseo ach tá an tacaíocht agus an creideamh de dhíth chun gur féidir linn iad sin a chur i bhfeidhm. Is dócha gurb é sin an rud is mó atá in easnamh.”

“Feictear dúinne gurb é an toil agus an tiomantas don Ghaeilge agus dá cur chun cinn sa chóras an lúb is laige atá ann faoi láthair,” a dúirt sí.

Ach in ainneoin na huaillmhéine agus na físe a luaitear i ráitis oifigiúla, ní léir go bhfuil riachtanas teanga ina phríomhthosaíocht sa chóras oideachais anseo.

Dúirt Shónagh Ní Raghallaigh, atá ina ball de choiste, gur chuir an freagra Dála a thug an tAire Naughton faoi bhunú scoileanna nua “an-díomá orm”.

“Tá mé lán le himní. Bhí mé ag éisteacht le bhur ráitis tosaigh, an frustrachas. Tá mé chomh crosta. Tá sé soiléir domsa nach dtarlóidh aon athrú go dtí go mbeidh athrú rialtais againn.”

Dúirt sí nach bhfuil “aon mheas” nó “aon toil” ag an Rialtas reatha, “agus is dócha nach n-athróidh aon rud go dtí go mbeidh an t-athrú sin. Sin a mhothaím. Táim chomh crosta.”

Bhain tagairt Ní Raghaillaigh le ceist a chuir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh ar an Aire Oideachais agus Óige le gairid maidir le cé mhéad Gaelscoil agus Gaelcholáiste atá le hoscailt idir 2026 agus 2031. Thug sí le fios ina freagra nach bhfuil sé beartaithe go mbunófar meánscoil lán-Ghaeilge ar feadh na gcúig bliana sin.

“Ní bhunófar scoileanna nua ach amháin i limistéir ina bhfuil fás déimeagrafach, toisc go gcaithfear tosaíocht a thabhairt d’acmhainní bonneagair scoile chun freastal ar riachtanais limistéar ina bhfuil méadú suntasach ar an daonra chun a chinntiú go bhfuil áit scoile ag gach páiste.”

Dúirt sí gur fógraíodh in 2018 “go raibh sé bhunscoil nua beartaithe, ceann acu réamh-ainmnithe mar scoil mheán-Ghaeilge, agus trí iar-bhunscoil nua mar thoradh ar iniúchadh déimeagrafach ar fud na tíre.”

Ach tar éis “tuilleadh anailíse” a rinneadh ó shin ar an ngá atá le scoileanna nua a bhunú “agus roinnt cúinsí á gcur san áireamh” dúirt sí go raibh an roinn “sásta” gur leor na scoileanna atá ann faoi láthair chun “freastal ar an éileamh atá ann faoi láthair”.

Is mar sin a fheidhmíonn polasaí na roinne.

Foclóir:

lúb is laige - weakest link

duairc - bleak/gloomy/grim

easnamhach - deficient/inadequate,

dualgas reachtúil - statutory duty/obligation

cruachás - predicament/plight,

cur i gcéill - pretence/deception

dualgas reachtúil - statutory duty/obligation

ionchuimsitheach - inclusive

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is Irish Language Editor at The Irish Times