‘Athrú meoin’ de dhíth ag an leibhéal is airde - Ó Coinn

Tá easnaimh móra sa chaoi a gcaitear le hearnáil na Gaeilge ó thaobh maoinithe de dar le príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge

Foclóir: Achan – every; cé is moite de – except for; go huile agus go hiomlán – completely and utterly; i gcomhar le – in partnership with; easpa tuisceana – lack of understanding; de dhíth – required; neamhréireanna – inconsistencies; díobháil – damage; luail – movement/activity; coibhneas – relationship.

Tá “athrú meoin” de dhíth ag an leibhéal is airde sa Rialtas agus ag leibhéal ceannaireachta an státchórais maidir leis an tábhacht agus na deiseanna a bhaineann leis an nGaeilge.

Sin a thug Seán Ó Coinn, príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, le fios agus é ag caint le Tuarascáil ar phróiseas comhairliúcháin poiblí atá á reáchtáil ag an eagras chun mórchuspóirí a shocrú don tréimhse 2025-2030.

“Tá bá ag achan duine sa Rialtas leis an Ghaeilge. Aithníonn siad tábhacht na Gaeilge ach ní fheiceann siad agus ní léir dóibh riachtanais na teanga ó thaobh í bheith ina teanga bheo a bhfuil daoine ag maireachtáil a saoil tríthi.”

READ MORE

Feictear na heasnaimh sin sa chaoi a gcaitear le hearnáil na Gaeilge ó thaobh maoinithe de.

Cé is moite de stádas na Gaeilge atá leagtha amach i mBunreacht na hÉireann agus “na forbairtí iontacha” atá tarlaithe ó thaobh na reachtaíochta de, tá an méid a fhaigheann earnáil na Gaeilge “go huile agus go hiomlán as alt”, dar le Ó Coinn.

“Tá cuid mhór oibre déanta againn i gcomhar le Conradh na Gaeilge a léiríonn go bhfuil an Stát ag caitheamh an méid céanna anois ar an nGaeilge agus a bhí á chaitheamh b’fhéidir 50 bliain ó shin, agus nach bhfuil an méid tar éis athrú ar aon bhealach suntasach.”

“Sílim go mbaineann sé le heaspa tuisceana agus le heaspa béime ag an leibhéal is airde sa Rialtas ar na deiseanna a bhaineann leis an nGaeilge san am atá i láthair,” a dúirt sé.

Tá cuid mhaith acu sin “aineolach” ar na forbairtí atá i ndiaidh tarlú maidir leis an teanga, dar leis.

“Tá forbairtí iontacha atá an-dearfach tar éis tarlú ar nós Acht na Gaeltachta, Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Polasaí don Oideachas Gaeltachta. Beidh polasaí úr don oideachas lán-Ghaeilge agus plean cuimsitheach don chúram leanaí againn gan mhoill [agus] tá Plean Digiteach don Ghaeilge agus an Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe againn.

“Is forbairtí iontacha iad seo ach níl a fhios ag daoine ag an leibhéal is airde sa Rialtas na deiseanna a d’fhéadfadh teacht [astu] sin d’athshlánú na Gaeilge.

“Is dóigh liom go bhfuil athrú meoin de dhíth.”

Treo Straitéiseach

Mar a bheadh ag aon eagras, is gá don Fhoras aird ar leith a thabhairt ar phleanáil don todhchaí agus sin go díreach atá faoi chaibidil ag Treo Straitéiseach 2025-2030.

Is ar an saothar sin a bhunófar an chéad phlean corparáideach eile agus pleananna gnó bliantúla an Fhorais sa tréimhse chúig bliana go 2030.

Tá dréacht den phlean foilsithe ina n-áirítear Cumas Teanga, Úsáid Teanga, Dearcadh Teanga, agus Rialachas eagraíochta mar mhórchuspóirí na straitéise nua.

“Léiríonn an Treo Straitéiseach na rudaí a bheas muid ag iarraidh tosaíocht a thabhairt dóibh agus béim a chur orthu,” a dúirt Ó Coinn.

Foilsíodh an chéad Treo Straitéiseach in 2020 agus tiocfaidh deireadh leis sin an bhliain seo chugainn. Cé gur éirigh “go maith” le cuid de na cuspóirí a bhí ann, “go háirithe forbairtí ag leibhéal an phobail, cúrsaí foclóireachta agus téarmaíochta,” deir Ó Coinn nár éirigh “chomh maith céanna” le cuspóirí eile.

Neamhréireanna

Is minic dar ndóigh a cheistíonn gluaiseacht na Gaeilge feasacht agus tuiscint an Stáit ar an dátheangachas agus ar riachtanais phobal na Gaeilge i gcoiteann.

Chun tosaigh i measc na gceisteanna is minic a luaitear neamhréireanna an córas oideachais ar nós coisceadh ar fhás na Gaelscolaíochta, na haonaid Ghaeilge, agus córas conspóideach na ndíolúintí ó staidéar ar an nGaeilge.

Tá réiteach na fadhbanna sin i measc na gcuspóirí gur mhaith le Ó Coinn dul chun cinn a fheiceáil iontu.

“Is córas é nach bhfuil in úsáid, go bhfios dúinn, i stát ar bith eile a bhfuil mórtheangacha agus mionteangacha iontu,” a dúirt sé faoi chóras na ndíolúintí, rud atá, dar le Foras na Gaeilge, ag déanamh “díobháil as cuimse” do stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar sa chóras oideachais.

“Tá na díolúintí in úsáid anseo go fóill agus dar linne tá chuid mhaith de na boinn á bhaint ag an gcóras sin ó na polasaithe i leith na Gaeilge atá ag an Stát.”

Áit eile ar leagadh béim air ach nach raibh an luail bhisithe “an-ghasta” ach atá ag tarlú anois ná réimse na leanaí agus an luathoideachais, a dúirt sé.

Tá comhairliúchán poiblí á riar ag an Roinn Leanaí faoi láthair maidir le plean náisiúnta do sholáthar trí Ghaeilge san fhoghlaim agus cúram na luath-óige.

“Beidh sé sin ag díriú isteach ar phlean cuimsitheach Gaeilge do sheirbhísí luathoideachais agus cúram leanaí sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Sin dul chun cinn iontach,” a dúirt Ó Coinn.

De bharr go bhfuil an t-oideachas luathóige ag brath go hiomlán ar an earnáil phríobháideach, ní thugtar aird ar riachtanais pháistí ó thaobh na Gaeilge de agus creideann Ó Coinn go dteastaíonn athrú ó bhonn air sin.

“Sin an phríomh-theachtaireacht atá muid ag iarraidh a thabhairt don Roinn Leanaí - go gcaithfear córas a bhunú le gur féidir le grúpaí pobail soláthar cúram leanaí a chur ar fáil agus go mbeidh cúnamh airgid agus tacaíocht ar fáil.

Maoiniú

Tá “bearnaí móra” i soláthar acmhainní an fhorais, rud dar le Foras na Gaeilge a chuir bac ar an eagras aidhmeanna straitéiseacha a chur i gcrích in imeacht na mblianta. Táthar ag súil go dtabharfar aghaidh ar chroí-mhaoiniú an Fhorais agus go gcuirfear struchtúr níos inmharthana agus níos éifeachtaí i bhfeidhm. “Maidir leis an struchtúr Thuaidh-Theas tá castacht ar leith ann,” a dúirt Ó Coinn.

“Tá maoinithe 75:25 ann [cuireann rialtas na hÉireann 75 faoin gcéad de mhaoiniú an Fhorais ar fáil agus cuireann rialtas na Breataine 25 faoin gcéad ar fáil] agus mura mbíonn ceachtar den dá rialtas ag cur airgead atá cothrom sa choibhneas sin, caithfidh an rialtas eile an maoiniú a ísliú.

Táthar á plé sin faoi láthair chun teacht ar shocrú le nach mbeidh bac ar cheachtar den dá stát dá mbeadh siad le forbairt a dhéanamh ar réimsí ar nós réimse na Gaeilge.

“Bheadh mise ag súil roimh dheireadh na bliana seo go mbeadh rud éigin forbartha i dtaca leis sin a bhéarfaidh deis don rialtas ó dheas cur lenár maoiniú,” a dúirt Ó Coinn.

Maidir leis an maoiniú a chuirtear ar fáil sa Stát, tá neamhréir ann le hearnálacha eile.

“Nuair a tuigeadh don Rialtas go bhfuil tábhacht ar bhonn domhanda agus ar bhonn an Stáit leis na healaíona, méadaíodh go mór an tacaíocht stáit a tugadh dóibh.

“Tharla claochlú ar shaol na n-ealaíon dá bharr. Tá an maoiniú atá ar fáil don Chomhairle Ealaíon méadaithe b’fhéidir faoi cheathair le deich mbliana anuas.

D’fhág sin neamhréir idir an méid acmhainní a chuirtear ar fáil d’earnáil na n-ealaíon agus d’earnáil na Gaeilge

“Dá mbeadh an dearcadh céanna ann i leith na Gaeilge, d’fhéadfaí an líon daoine atá ag úsáid na teanga ar bhonn rialta a mhéadú ar bhealach an-ghasta.”

Tá fáilte roimh chách a gcuid tuairimí a chur in iúl sa chomhchomhairliúchán.

Breis eolais: forasnagaeilge.ie/ts/

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.