Éagsúlacht ár sinsear

Deirtear go bhfuil stair fholaithe i réamhscéal an uile dhuine arbh fhearr nach nochtfaí é.

Solas na gréine ag lonrú i bpasáiste Bhrú na Bóinne le linn ghrianstad an gheimhridh. Grianghraph: Alan Betson/The Irish Times
Solas na gréine ag lonrú i bpasáiste Bhrú na Bóinne le linn ghrianstad an gheimhridh. Grianghraph: Alan Betson/The Irish Times

An chuid is mó againn bíonn eolas ar ár seanmháithreacha agus ar ár seanaithreacha againn, agus is fánaí fós é go mbeadh cur amach ar shinseanmhuintir ag formhór na ndaoine. Bheadh fadsaol go brách ag sinsir aon neach a rachadh níos sia ná sin siar.

Mar sin féin, gné de chultúir go forleathan ar fud an domhain is ea ómós faoi leith a thabhairt do na sinsir a bhí acu, agus dúil go minic go mbeidh siad ina dteannta arís sa saol eile amach anseo, pé acu Tír nAill nó Annwyn nó laistíos de Bhrú na Bóinne féin a bheidh ann.

Is lánait liom seo, óir ní raibh tuairim dá laghad acu cérbh iad na sinsir a bhí acu agus ba lú ná sin go bhféadfaí deimhin a dhéanamh dá ndóigh go gcuirfí fáilte rompu. Tar éis an tsaoil, tharlódh saol deas compordach teolaí a bheith á chaitheamh ag na sinsir chéanna agus gan fonn dá laghad orthu go gcorródh fáslach anuas an saol deas sin.

Ní go baileach adhradh na sinsear atá sa bhfaisean anois mar atá do ghinealach aigéid dí-ocsairibeanúicléasaigh (nó DNA) a thaighdeadh d’fhonn a raibh ar chrann do mhuintire i bhfad siar a fhionnadh. Is mó sin comhlacht a dhéanfaidh anois duit é ach seile a chaitheamh i bhfeadán go moch oíche spéirghealaí agus na réaltaí a bheith san ionad ceart ar an aer agus an reicneáil chóir a thabhairt dóibh in am is i dtráth.

Deirtear go bhfuil stair fholaithe i réamhscéal an uile dhuine arbh fhearr nach nochtfaí é.

Níl sin fíor ar fad, mar ba chuma liom féin cé a bhí mar réamhaithreacha agus réamh-mháithreacha agam, agus dá shuimiúla iad b’amhlaidh ab fhearr é. Táim cinnte go raibh scata bligeard ina measc, fara baothóga agus stróinsí agus sciotracháin agus straipeanna agus boicíní agus gadaithe agus ba mhór é mo dhíomá mura mbeadh dúnmharfóir nó beirt ar a bhfuaid chomh maith.

Chaithfeadh a bheith. Ráinig mé ag meabhrú ar na col ceathaireacha agus na col cúigireacha agus seisireacha agus ochtaireacha atá agam ar chúis éigin nach dtuigim agus buaileadh isteach im aigne go raibh an saol is a ghaolta go léir iontu: fear a dhein milliúin is a chaill níos mó, boc a chuaigh timpeall an domhain i luamh, bean a thugadh airgead ar iasacht ar ús mór, boc a d’éalaigh as príosún, póilín in Tuvalu, feithideolaí a raibh spéis faoi leith aige sna seangáin, bean mhírialta, ealaíontóir tatú, feirmeoir gabhar, taistealaí tráchtála do phúdar tailc, Búdach (ar feadh tamaill, mar is nós), cuntasóir le hacmhainn grinn, ficheallaí focal, stocbhróicéir bocht, píolóta heileacaptar, polaiteoir gan uaillmhian, buachaill báire, bligeard sráide, cócaire éisc órga, mac bacaigh, siopadóir cúinne, cúblálaí airgid… agus tuilleadh.

Níl aon chúis agam a cheapadh nach mbeadh mo shinsir chomh héagsúil céanna mura mbeadh siad níos aistí fós.

Mar a tharla, fuaireas bronntanas de cheann de na pacáistí taighde sinsireachta sin cúpla bliain ó shin. Ní mó ná sásta a bhíos nuair a tugadh le fios dom gur de mhuintir iarthuaisceart na hEorpa gach ar bhain liom, seachas aon ruainne beag amháin a thug ardú meanman dom. Is é sin, go raibh mír amháin, smut amháin, giota amháin díom a bhí Néandartálach a thug le fios go mbíodh duine dem shinsir ag máinneáil timpeall le cleith ag bualadh a chomharsan céad míle bliain ó shin.

Cúis mhórtais, chomh maith, nach bhfuil braon den fhuil ghorm ríoga im chuisleanna. Ní raibh rí ná rex, ná diúc ná dauphin, ná iarla ná impire, ná banríon ná barún, ná tsár ná marascal ná emir ná biocúnta ná sabhdán ná sultana ar mo shinsir. Bhíomar riamh chomh táir leis an bhfuil uiríseal chomónta atá ionainn go léir.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar