Bóithre fada dána

Cé a thógfaidh an bóthar agus na hiarnróid seo?

Tugaim faoi deara go bhfuil an rialtas ó dheas ag cur airgid ar fáil chun dealramh a chur ar an mbóthar A5 idir Doire agus Achadh na Cloiche. Tiocfaidh sin áiseach do mhuintir Thír Chonaill ar a dteitheadh dóibh, agus do mhuintir Dhoire ag teacht go minic go Páirc an Chrócaigh. Cuid d’infheistíocht níos leithne é ina bhfuil atógáil Pháirc Mhic Easmuinn ón bhfód aníos ionas go mbeifear in ann féachaint níos compordaí ar fhoirne sacair na Poblachta agus Norn Éireann á mbualadh go hálainn ag leithéidí Andóra agus an Vatacáin. Ní foláir gurbh í seo an chéad ócáid go bhfuil rialtas Bhaile Átha Cliath ag cur airgead an phobail ar fáil do thionscnaimh ar an taobh eile thall ó dhein Micheál Ó Coileáin tuarastal múinteoirí ann a íoc sa bhliain 1922.

Ach ní chuige sin mé ach na bóithre féin. Bhí tráth ann nuair a thiocfadh do ghluaisteán slán ar éigean ó sclaigeanna Mhuineacháin sula dtuirlingeofaí ar tharramhacadam cothrom réidh Thír Eoghain. Is é sin, bhí bóithre na sé chontae níos réidhe, níos socra agus níos dírí (seachas an ceann go Baile Átha Cliath) ná bealaí briste na sé chontae fichead. Is fada ó d’imigh sin agus gur tháinig seo, agus is de shuimiúlacht go bhfuilimid ag iarraidh iad a tharraingt ar urla isteach sa bhfichiú haois ar deireadh thuaidh thall (mar thosach).

Is í an bheach nach bhfuil ag crónán, nó an dreancaid san im, nó an cáithnín sa leathshúil áfach, ná cén fad a thógfaidh seo, nó an bhfíorófar tairngreachtaí uile Cholm Cille, Nostradamus agus Old Moore sula bhfeicfear an chéad fhiacail mhór ag réiteach an talaimh? Tar éis an tsaoil bhí trácht ar bhóthar ceart a thógáil idir Corcaigh agus Luimneach nuair a bhí Donnchadh Rua Mac Conmara ina gharsún, agus is beag duine a cheapann go bhfeicfear Metro Bhaile Átha Cliath go dtí an t-aerfort sula gcuirfear cosc glas ar thaisteal eitleáin agus go mbeidh Ryanair bancbhriste.

Cé a thógfaidh an bóthar agus na hiarnróid seo? Bí chomh deimhin de go mbíodh Fungi i mBá an Daingin nach iad gnáthlucht oibre na hÉireann a bheidh ina mbun. Tá ár gcuid dochtúirí ar a gcoimeád san Astráil agus ár múinteoirí óga ag saothrú allais in Dubai agus i ngaineamhlaigh eile ar son airgid a chnuasach d’fhonn botháin a cheannach san ardchathair nó i ngiorracht céad míle di. Tá ceardaithe oilte na tíre ar an ngluaiseacht chéanna ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.

READ MORE

B’iad oibrithe ar a bpá seachtaine as gach cúinne in Éirinn a thóg an Bhreatain tar éis a scriosta sa dara cogadh barbartha. Turcaigh bhochta a thug an Ghearmáin aníos as an scraith smionagair. Eachtrannaigh na chéad ghlúine isteach a scríob spéartha Mheiriceá. Indiaigh a bhfuil súil le beatha beagán níos fearr atá ag líonadh na bearnán oibre tar éis díbirt shaothar na bPalaistíneach in Iosrael faoi láthair.

Tá chomh maith é a scaoileadh amach d’fhocail ghearra ghonta: is inimircigh as tíortha i gcéin a thógfaidh bóithre, a ardóidh foirgnimh is a thochlóidh tolláin dúinn don chuid is mó sa ghlúin nó dhó atá romhainn amach. Más mian linn na tograí breátha seo a chur i gcrích is é an saothar isteach a dhéanfaidh an beart.

Tá fadhb mhór leis seo, áfach. Ní inimircigh go díreach mar inimircigh a bheidh ina mbun. Is measa ná sin é.

Fir a bheidh iontu.

Fir aonair shingilte neamhphósta go leor díobh, fir aonair shingilte neamhphósta chrónchraicneach dhorcha, fiú. Fir aonair shingilte neamhphósta a bheidh ina dtrúig amhrais agus eagla do phobail íogaire scáfara nach bhfuil aon óstán ná ionad bainise acu.

Agus ní fhéadfaimis daoine mar sin a ligean isteach, an bhféadfadh?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar