Cáinaisnéis 2023

Díomá nár fhreastal oiread agus ionadaí tofa amháin as Tír Chonaill ar chruinniú stocaireachta CnaG

Tá práinn ar leith ag baint leis an éileamh go gcuirfí maoiniú breise ar fáil sa cháinaisnéis ag deireadh na míosa d’ earnáil na Gaeilge, a dúirt Julian de Spáinn, ard-rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Agus é ag caint le Tuarascáil tar éis dó cruinnithe stocaireachta a reáchtáil le Teachtaí Dála agus Seanadóirí, dúirt de Spáinn gur aithin na polaiteoirí ar labhair Conradh na Gaeilge leo, go bhfuil géarghá le maoiniú na hearnála a chur i gceart “ach go háirithe” i gcomhthéacs an ráta boilscithe.

D’fhreastail breis agus 50 polaiteoir ar ócáid bhliantúil stocaireachta Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i rith na seachtaine seo caite.

“Bhíomar an-sásta leis,” a dúirt de Spáinn.

READ MORE

“Bhí breis agus 50 polaiteoir, idir Theachtaí Dála agus Seanadóirí, i láthair agus deis an-mhaith a bhí ann ár gcás faoin gcáinaisnéis ach go háirithe a chur abhaile ar na polaiteoirí.”

“Thuigeadar ceist an airgid. I gcomhthéacs an mhór phictiúir \[airgeadais\]. Thuigeadar gur cheart go gceadófaí an ¤24.7m atá á éileamh.”

Le cúrsaí boilscithe mar atá, dúirt de Spáinn go bhfuil gá le €5m breise ag Údarás na Gaeltachta chun dul i ngleic leis na costaisí atá cothaithe ag an mboilsciú.

“Ar nós gach dream eile, tá na costaisí ag méadú agus caithfear a chinntiú go soláthrófar airgead sna háiteanna ina bhfuil sé ag teastáil.”

Cé gur chas ionadaithe Chonradh na Gaeilge ar trí scór pholaiteoir, geall leis, bhí díomá ar dhaoine nár fhreastal oiread agus ionadaí tofa amháin as Tír Chonaill.

“Níor tháinig aon ionadaí ó Dhún na nGall chugainn i mbliana, rud nár tharla cheana,” a dúirt de Spáinn.

“Is dócha go bhfuil fáthanna ar leith leis sin – níl an Dáil ar ais fós.”

“Tá sé luath sa bhliain. Ach tá muid luath de bharr go mbeidh an cháinaisnéis luath i mbliana agus ní raibh an dara rogha againn.”

“B’fhéidir go mbaineann sé leis sin,” a dúirt de Spáinn.

“Bhí ionadaíocht láidir ann ó Theachtaí Dála ó gach contae eile Gaeltachta.”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.