Nuair a thagann an tráth seo timpeall bíonn fonn orm scríobh gach bliain ar an eachtra mhór a d’athraigh stair an domhain níos mó ná aon rud riamh. Ach cúbaim chugam féin agus gabhaim i bhfolach laistiar d’aon chabaireacht eile a bhíonn ar siúl. Óir ní féidir leis an aigne dhaonna breith uirthi, agus nílimid ag iarraidh sin a dhéanamh.
Ar feadh i bhfad chuir aon mharana ar chinedhíothú alltacht ar dhaoine, nó ligeamar orainn gur chuir. Ba é uileloscadh na nGiúdach, na ngiofóg agus ‘táirdhaoine’ eile cúis na halltachta sin, cé go raibh go leor eiseamláirí eile ann do dhuine ar bith a d’oscail leabhar. Ach díothú thar insint nach bhfuil focal ceart againn air fós - go deimhin ní bheadh feidhm le focal choíche dá dtiocfadh ann dó - a músclaíodh tar éis buamaí adamhacha Lúnasa 1945, agus a macasamhla núicléacha ina dhiaidh sin. Seans go ndéanfadh ‘daonnachtdíothú’ an gnó, fág is gur ródhócha gur ‘domhandíothú’, leis, a bheadh ann.
Nuair a cromadh ar na buamaí núicléacha a leathnú i 50idí na haoise seo caite, bhí caint leanúnach ar chosc a chur leo. Go deimhin, bunaíodh an Feachtas um Dhí-Armáil Núicléach (CND) sa Bhreatain a d’eagraigh léirsithe agus mórshiúlanna in aghaidh ‘an Bhuama’ (níor ghá a rá cad a bhí ann), gluaiseacht a raibh géaga dá sórt aige ar fud na hEorpa ar a laghad. Bunaíodh craobh de in Éirinn sa bhliain 1957 a raibh John de Courcy Ireland agus Peadar O’Donnell gníomhach ann. Bhí go láidir sa díospóireacht phoiblí.
Bhí úrscéalta agus scannáin ann. Ceann díobh On the Beach (1959) le Stanley Kramer a bhain le toradh cogaidh núicléach. An toradh sin: bás na beatha. Bhí sceimhle ar an BBC a choimisiúnaigh é, an scannán The War Game (1965) a thaispeáint. Ba le Peter Watkins é, an duine céanna a dhein Culloden, scannán a léirigh an bhúistéireacht a lean an cath sin ar shlí nár thaispeáin aisling filíochta Ghaeilge riamh.
READ MORE
Cad tá le clos anois? Ciúnas mór na reilige. Mo leithscéal, ní fíor ar fad, óir is láidre iad na guthanna fíochmhara ag fáidheadóireacht cogaidh. N’fheadar, mar gabhann thar áireamh, an mó uair a chualas ginearál, nó aimiréal, nó ambasadóir, nó polaiteoir ardghradaim ag tuar gur gairid uainn an tríú cogadh domhanda, amhail is go raibh sé ag dul dúinn mar thíolaic, mar earra a rabhamar airí air, agus gur cheart go mbeadh dúil againn ann ar nós páiste ar chothrom a lae bhreithe.
An bhfuil tuairim dá laghad acu cad ba bhrí leis sin, nóisean bídeach sa chillín is íochtaraí dá n-aigne mhaol thiubh? Mar ná bíodh aon amhras orainn, cumhacht ar bith a bhfuil airm núicléacha acu, ní thig iad a chloí. Is é sin, tír ar bith a bhfuil airm ollscriostacha an bháis, an ocrais, an chumais cneas a stialladh ó cholainn mar a dhéanfaí le craiceann banana, gal a dhéanamh de chnámha níos gaiste ná an créamatóiriam is teo, cathracha a leagadh le puth gaoithe anuas ón aer, beatha a bheiriú de dhroim soicinde, an oíche a dhéanamh den lá, an samhradh a chur siar isteach sa gheimhreadh, na dineasáir a dhúiseacht óna gcodladh mhilliúin bliain, tír ar bith a bhfuil an chumhacht sin aici, bainfear aimhleas aisti nuair a thig sé go smior na hiongan agus baol ann go bhfuil umar na haimléise ag bagairt, nó b’fhéidir, ar thoisc chomh simplí is eagla go náireofaí iad.
Agus má scaoiltear aon bhuama amháin, beidh ina chith. Ina rúisc. Ina mhúirling. Ina thuile.
Eagla ort roimh róthéamh na cruinne, roimh bhláthú aeráide, roimh ghaineamhú an fhéir, roimh nimh sna farraigí?
Ná bíodh! Mura dtagann ciall roimh bhaois beidh an saol ar fad ina Nagasaki.













