An bhfuil na seanfhocail a mhaisigh ár gcaint uair amháin anois ag trá?

Tá cumha ar ár gcolúnaí i ndiaidh na nathanna saibhre a chloiseadh sí ní ba rialta tráth

The Traitors Ireland:  moladh an clár de bharr go raibh an Ghaeilge le cloisteáil in úsáid ag an láithreoir Siobhán McSweeney.
The Traitors Ireland: moladh an clár de bharr go raibh an Ghaeilge le cloisteáil in úsáid ag an láithreoir Siobhán McSweeney.

Tá an tsraith spraíúil theilifíse, The Traitors Ireland, a taifeadadh i gCaisleán Bhaile Shláine, thart anois ach tá sí fós i mbéal an phobail. Tá daoine á moladh, ag rá go raibh an Ghaeilge le cloisteáil in úsáid go nádúrtha babhtaí ag an láithreoir drámatúil Siobhán McSweeney, gan trácht ar na fealltóirí iad féin - bhí “bíonn cluasa ar na ballaí” agus “is minic a bhris béal duine a shrón” le haireachtáil in eipeasóid amháin, mar shampla.

An rud eisceachtúil é seo áfach? Arbh í úsáid na seanfhocal Gaeilge ar ardán poiblí ba chúis le cumha agus tnúthán ionam féin, a chuir ag smaoineamh mé ar na seanfhocail a chloisfeá go rialta sa chaint tráth? An gcloistear iad sa chaint a thuilleadh? An léiríonn an easpa úsáide seo gné chinniúnach de mheath agus de bhánú na Gaeilge?

“Giorraíonn beirt bóthair.”

“Is glas iad na cnoic i bhfad uainn.”

“Is fearr an tsláinte ná na táinte.”

Cá bhfuil frásaí agus nathanna rithimiúla ár sinsear? Cá bhfuil na seanfhocail seo a thug slí isteach dúinn ar ghaois agus ar sheantuiscint shaol na Gaeilge, agus atá mar acmhainn luachmhar againn i dteanga na Gael?

“Tugann seanfhocal cuntas dúinn ar an gciall a bhaineann pobal as an saol, ar na creidimh agus na luachanna atá mar bhunchlocha ina mbeatha agus ina slí mhaireachtála,” a scríobh Donla Uí Bhraonáin in 2010 i réamhrá an bhailiúcháin a chóirigh sí as an nua do Cois Life de Seanfhocla Chonnacht le Tomás Ó Máille, leabhar a foilsíodh den chéad uair in 1948.

“Tá comhairle iontu maidir leis an iompar atá oiriúnach i gcúinsí áirithe, rialacha faoi conas déileáil le gnáthchúrsaí an tsaoil. Cé gur teachtaireacht an-dáiríre a bhíonn ina bhformhór, cuirtear sin i láthair go minic le greann agus le híoróin.

“Léiríonn an úsáid a bhain scríbhneoirí as seanfhocla a dtábhacht mar chuid den chumarsáid agus mar threoir don saol agus an tslí ina bhfeidhmíonn siad sa ghnáthchaint,” a leanann sí. Admhaíonn sí go bhfuil athruithe móra le feiceáil idir dearcadh an lae inniu agus dearcadh na seanfhocal go ginearálta ar roinnt ábhar ar leith - mná, an lucht siúil agus creideamh spioradálta go pointe áirithe - ach, arsa sí, “ceann de na gnéithe is suntasaí de na seanfhocail is ea an ghontacht agus an deisbhéalaí a bhaineann leo”.

Seans go mbaineann siad le glúin atá imithe ach cloisim iad ag caint i gcónaí, macallaí ag aisfhuaimniú thar na céadta.

Nuair a bhí mo mháthair ag foghlaim Gaeilge sa Rinn sna seachtóidí, scríobhadh sí na seanfhocail ar fad ina leabhar nótaí. Is cuimhin liom í ag déanamh athrá ar “Ní troimide an loch an lacha” agus í faoi dhraíocht ag loighic an ráitis sin agus an rúndiamhracht a bhain leis. Is iad na seanfhocail seo a fháiscim chugam féin anois. Filleann siad orm, go háirithe na cinn a léiríonn sólás an chreidimh. “Is gaire cabhair Dé ná an doras” - bhaineadh na seandaoine úsáid as an seanfhocal sin dá mbeifeá ag fulaingt nó in argóint leis an saol nó chun a mheabhrú duit a bheith dóchasach mar go “bhfaigheann seanbhróg seanstoca”.

Bhí seanfhocail agus frásaí cliste gonta fite fuaite i saol gach páiste tráth dá raibh, in úsáid ag múinteoirí dá mbeidís ag iarraidh rang a dhéanamh ciúin: “is binn béal ina thost” a chloisfeá á rá go cráifeach acu; nó duine éigin eile amuigh sa halla agus “ní thagann ciall riamh roimh aois” in úsáid go feasach aige nó aici. Bhí na nathanna ar fad ar bharr a dteanga acu i gcónaí, iad réidh le húsáid mar chosaint ar chóras beatha nó mar cheacht nó mar rabhadh. Bhí ceann ann do gach aon ócáid. Nuair a shiúil cailín isteach agus an lá scoile faoi lánseol, “is fearr déanach ná choíche”, a d’fhógair an múinteoir foighneach.

Tá mé uaigneach in éagmais na seanfhocal a chloisfeá go rialta tráth. Fanaim leo. Mothaím teochroí clainne sna focail amhail is go bhfuil mo mhuintir, atá imithe ar shlí na fírinne, níos gaire dom. Cothaíonn na nathanna seo rúnmhaireacht agus foisceacht. Oibríonn siad babhtaí mar fhuinneog ar phobal, ar stair, ar shlí maireachtála nó ar nósmhaireacht a mhair tráth.

Chaithfí dul siar ar bhóithrín na smaointe chun spreagadh a fháil uathu na laethanta seo mar ní chloistear rómhinic nathanna amhail “an rud is annamh is iontach”, “tús maith leath na hoibre” nó “ní hé lá na gaoithe lá na scolb”, gan trácht ar an gceann a fhógraíonn “nach bhfuil in aon rud ach seal”. Ó chianaibh i gcónaí bhí sé éasca teacht orthu, bhí siad so-aitheanta agus aithnidiúil agus bhí siad ag gach aoinne.

“Briseann an dúchas trí shúile an chait.”

“An té nach bhfuil láidir, ní foláir dó a bheith glic.”

“Is binn béal ina thost.”

“Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.”

“Níl sa saol ach gaoth agus toit.”

Seans go mbaineann siad le glúin atá imithe ach cloisim iad ag caint i gcónaí, macallaí ag aisfhuaimniú thar na céadta. Is bealach isteach iad ar thuiscint níos fearr a fháil ar chúrsaí éagsúla: creideamh, greann, spórt, bochtaineacht, slite beatha agus an grá.

Agus ná déanaimis dearmad ar an spraoi agus an spórt a ghabhann leo - nuair a deirtear “go n-aithníonn ciaróg ciaróg eile”, is cinnte go bhfuil magadh i gceist. Sna nathanna a thug Micheál Turraoin do na béaloideasóirí a labhair leis agus a d’fhoilsigh An Sagart sa bhliain 2007 in aon bhailiúchán amháin, Leabhar Mhaidhc Dháith, saothar go raibh Máirtín Verling ina eagarthóir air, tá greann fite fuaite sna seanfhocail, mar shampla: “‘Cúnamh gach aon rud,’ a dúirt an dreoilín nuair a dhein sé a mhúin sa bhfarraige”. Gan amhras tá gaois agus tuiscint chun tosaigh i roinnt eile a thug sé uaidh mar atá san abairt: “fuil a gheibheann an uaisleacht, airgead a gheibheann an uaibhreacht” agus sa bhfrása saoithiúil: “Ní thagann an óige fé dhó choíche, is tagann an bhrón fé dhó san oíche”.