Tá de bhua ag na nuachtáin tháblóideacha go gcuireann siad na scéalta pearsanta chun tosaigh ar scéalta polasaí, tuairimíochta, teoiriciúla. Tá de laige acu nach mbíonn ann ach sin. Leanann tubaist nó scannal nó coir ghránna tubaist nó scannal nó coir ghránna eile. Lúba iad in aon slabhra amháin nach bhfuil aon tosach ná deireadh léi, gan trácht ar cheangal eatarthu. Tá an intinn leipreachánach seo sna meáin shóisialta chomh maith, ach ceirtlín le tochas lá eile í sin.
Sa Spáinn an tseachtain seo caite díbríodh bean seacht mbliana is ceithre scór de bhlianta d’aois as a hárasán ina raibh cónaí uirthi le seachtó éigin bliain. Dá mba abhus a tharla sé gheobhadh sé ceannteideal mór gáifeach, cuntas gairid agus b’fhéidir grianghraf. Níl a fhios agam cad é an clúdach a dhein nuachtáin Mhaidrid ar an scéal, ach ní bheadh puinn iontais orm dá mba a amhlachas sin é. Ba í Maricarmen Abascal ainm na mná boichte, agus tugadh bata agus bóthar di toisc gur ardaíodh an cíos ar an árasán thairis arbh acmhainn di a íoc. Is amhlaidh go bhfuair comhlacht infheistíochta, is é sin súmairí fola, seilbh ar an mball ina raibh sí, agus ní gá dul i bhfadscéal faoinar tharla ina dhiaidh sin. Fuarthas tairiscint ó fhoinse anaithnid an cíos a íoc ar a son, ach ba chuma. B’éigean do na súmairí idir fheoil agus chnámh a bheith acu.
Timpeall an ama cheanna, bhí bua suntasach ag Die Linke i dtoghcháin Bheirlín, le dhá oiread an vóta a fuaireadar trí mbliana ó shin. Ba é an t-éileamh ba mhó a bhí acu ná cosc a chur ar ardú cíosa agus go dtógfaí nach mór ceathrú milliún árasán faoi stiúir phoiblí. Dhealródh go bhfuil an teip chéanna i soláthar tithe agus áiteanna cónaithe poiblí ansiúd agus atá againne.
Dhealródh, leis, gurb í an teip sin faoi ndear nach mór seachtar as gach deichniúr de dhaoine idir 18 agus 24 bliana d’aois a rá go mbaileoidís leo, nó go smaoineoidís air, de réir taighde a dhein Comhairle Náisiúnta na hÉireann don Óige. Má tá aon fhírinne sa mhéid sin, beidh an imirce chomh holc nó níos measa ná mar a bhí sé i 50idí na haoise seo caite, nó tráth ar bith eile ina raibh an bád agus an t-eitleán bán faoi lánseol.
READ MORE
Fós féin, níl aon chuma go dtuigeann aon inchinn d’inchinní uile pháirtithe an rialtais ná aon bhlaosc fholamh de chuid a ngiollaí tís cad í an fhadhb, gan trácht ar cad é an réiteach. Tá deontas le dáileadh anseo agus dearlaic le bronnadh ansiúd agus faomhadh cánach in áit éigin eile, gach aon cheann acu ag cur le praghas na dtithe seachas a mhalairt timpeall.
Ba chuma, ach is réidh an tsnaidhm í le scaoileadh ach tabhairt faoi. Comhlacht tithíochta náisiúnta a bhunú, tithe (agus árasáin) a thógáil ar fhearann an stáit agus ar thalamh a gheofaí le ceannach éigeantach, lucht oibre le hearcú sa bhaile agus i gcéin, na tithe le cur ar chíos réasúnta ar feadh shaol an tionónta, an teach le filleadh ar an úinéireacht phoiblí ina dhiaidh sin agus ar aghaidh de réir mar ba ghá.
Aithis shaolta is ea an ghéarchéim thithíochta agus tá go leor de na tíortha saibhre faoi scáth aon scraith amháin toisc go bhfágtar an soláthar faoin ‘margadh’ a bhfuil lucht stiúrtha comhlachtaí infheistíochta airgid i gceannas air. Aon uair go gcloisim go bhfuil daoine ag iarraidh cos a chur ‘ar an dréimire réadmhaoine’ nó ‘teach tosaigh’, tagann fonn orm cloch a chaitheamh.
An túisce is a thosnaítear ar thithe a mheas mar mhaoin, mar dhuais, mar ráiteas gradaim seachas mar áit chónaithe táimid ar an mbóthar isteach sa sloc ina bhfuilimid anois.











