Cosaint na críche

Mé ag faire cá bhfuil na longa ar sáile agus an bhfuil siad ar íor na spéire fós.

Ar nós go leor daoine eile ar na saolta contúirteacha seo agus sinn ar thairseach an tríú chogadh domhanda gabhaim amach i moiche na maidne chun féachaint amach ar an bhfarraige. Mé ag faire cá bhfuil na longa ar sáile agus an bhfuil siad ar íor na spéire fós. Agus ar eagla na heagla caithim mo shúile in airde i dtreo na scamall chomh maith, mar cá bhfios, na heitleáin sin a bhíonn ag scríobh litreacha ar an ngoirme, tá gach seans ann gurb iad siúd na naimhde atá ag teacht dár n-ionsaí.

Níl siad anseo fós, nó dá mbeadh ní bheinnse anseo, agus ní bheadh sibhse anseo agus ní bheadh ionainn ach bróga páipéir agus bainne stocaí ramhair faoin am seo. Chuige sin, tá áthas orm go bhfuil tuarascáil an Choimisiúin ar na Fórsaí Cosanta á ghrinneadh faoi láthair mar má chuirtear na moltaí go léir ann i bhfeidhm ní bheidh cor im mhuineál ó bheith ag faire na spéartha féachaint cén uair a thiocfaidh na Rúisigh chun sinn a chloí.

Beidh mé slán im leaba feasta agus a fhios agam nach dtiocfaidh na Sínigh anoir d’fhonn a gcuid bialanna a fháil ar ais agus sinn a charcarú ina gcampaí géibhinn agus athoideachais. Is dócha go bhfuilimid ceart go leor faoi láthair toisc iad a bheith gafa leis na cluichí sneachta, ach ní bheadh a fhios agat cad a tharlódh ina dhiaidh sin. Is measa fós go bhféadfadh siad teacht aniar, leis, mar ní heol d’aon duine a bhfuil d’fhomhuireáin acu ag snámh faoin aigéan Atlantach agus peireascóp leathshúile á coimeád acu ar Inis Tuaiscirt agus ar Inis Trá Tholl.

Deirtear go dtángthas ar cháipéis rúnda dar teideal Prótacail Sheanóirí Léannta na Síne ach go bhfuil eagla ar na húdaráis í a fhoilsiú mar tá a bhfuil ann níos sceimhliúla ná tríú rún Fatima féin. Ní foláir a bheith réidh ullamh, óir ní fios cén lá ná cén uair. Bítear ag faire ar a bhfuil d’Áisigh inár measc mar thiocfadh nach bhfuil iontu ach cúigiú colún a mhúsclódh as a suan an túisce is a thosnódh an t-ionradh.

READ MORE

Cé nach luaitear chomh minic sin é is mó is baol fós a bhfuil de thíortha Arabacha ann atá ag iarraidh seisce a ngaineamhlach a thréigean agus aghaidh a thabhairt ar mhachairí saibhre na tíre seo. Tar éis an tsaoil, caithfear smaoineamh ar stair na dtíortha sin agus an gabháltas a dhein siad cheana san Eoraip, concas na hAilgéire ar an bhFrainc, coilíniú na hIodáile ag an Túinéis, ionradh na hIaráice ar an Ríocht Aontaithe. Thiocfadh iad a bheith chugainne lá ar bith feasta. Tá an namhaid inár dtimpeall!

Is cinnte go ndéanfaidh na scairdeitleáin chogaidh sin atá á moladh ár leas. B’fhéidir nach mbuafadh siad cath na hÉireann sna spéartha lasnairde ach chuirfeadh siad moill cúpla nóiméad ar an namhaid. Dóthain ama le dul faoi na sceacha agus isteach sa bhforaois os rud é nach bhfuil aon luftschutzbunkereachaí againn. Níl plandáil choillte ach oiread sa tuarascáil, óir is iad a thiocfadh áiseach, fara scata clathacha a bhféadfaí dul faoina scáth, nuair a bheidh na saighdiúirí eachtrannacha ag stampáil ar bhóithre tar éis an choncais. D’oirfeadh na cinn timpeall ar Bhéal na Bláth go seoigh mar eiseamláir.

Is trua, leis, gur féachadh ar thíortha san Eoraip amháin mar bhonn comparáide. I Meiriceá Láir tá Panama agus Costa Rica nach bhfuil ach cúpla céad duine sna hairm acu. Ní foláir nó tá cosaint rúnda éigin ann nár thaighdigh an Coimisiún, mar in ainneoin iad a bheith buailte suas le mathún mór míleata níl aon phlean armála acu.

Nó caithfidh go bhfuil rud éigin ar eolas acu nach bhfuil againne.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar