An Eitinn: an galar a chreach úllord na n-óg in Éirinn

Bhí eipidéim mharfach sa tír le linn an chéid seo caite nach bhfuil aon chaint fúithi anois

Foclóir: mórsciúirse - major scourge; meath - wasting away; spútam - sputum; máinliacht - surgery; cuas - cavity; a shleabhcadh - to collapse; bád bán - emigrant ship; suaitheantas ballraíochta - membership badge; luíochán - lying down/confinement.

Is pandéim thubaisteach í an coróinvíreas a mharaigh os cionn sé mhíle duine in Éirinn agus níl an ruaig curtha go hiomlán fós ar an ngalar uafásach úd.

Ach bhí eipidéim mharfach sa tír le linn an chéid seo caite nach bhfuil aon chaint fúithi anois: an eitinn a réab ar fud na tíre agus a d’fhág na mílte teaghlach scriosta ina diaidh. Ar an dea-uair, a bhuíochas le hantaibheathaigh láidre amhail streiptimícín agus an vacsaín BCG, cuireadh an galar de dhroim seoil faoi dheireadh na 1950idí.

Ba mhórsciúirse é a mharaigh seasca míle duine idir na 1920idí agus na 1950idí - daoine óga a bhformhór. De réir tuairiscí tholg ceithre mhíle duine an galar in aghaidh na bliana. Rinne an gadaí ciúin fealltach seo sléacht as éadan ar scoth na ndaoine óga.

READ MORE

Cé gur mhill an galar daoine as gach aicme den sochaí, bhí buille an-chrua buailte ar na daoine bochta sna cathracha, sna bailte móra agus faoin tuath;go háirithe in áiteanna a raibh na dálaí maireachtála go hainnis - an róphlódú go príomha an phríomhchúis le scaipeadh na heitinne. Bhí cosmhuintir na hÉireann buailte go holc ag an tinneas agus ag an mbochtaineacht sa chéad leath den fhichiú haois.

Scaiptí an eitinn san aer, de ghnáth, le linn don duine a mbíodh an galar tógálach air a bheith ag casacht, ag sraothartach, ag caint nó ag canadh - an tslí chéanna ina scaiptear an víreas corónach. Bhaineadh na comharthaí seo le heitinn: allas oíche; síorchasacht; cailleadh meáchain agus fuil sa tseile. Dhéanadh an baictéir dochar millteanach do na scamhóga agus de bharr sin thagadh meath ar an gcorp i ngeall ar chailleadh meáchain.

Ba é Robert Koch a chéadnocht cúis na heitinne sa bhliain 1882 nuair a d’aithin sé an ‘bacillus tubercule’. Ba mhór an dul chun cinn é an baictéir ba chúis leis an ngalar a fheiceáil faoi mhicreascóp agus é a aithint i spútam na n-othar. Cuireadh tús le x-gha raideolaíochta in 1895 agus leis an diagnóis nua seo d’fhéadfaí na horgáin inmheánacha amhail na scamhóga a léiriú.

Bhí ár dteach beag i mBaile Mór plódaithe sna 1950idí: bhí seantuismitheoirí, uncailí, mo mháthair óg agus mise a leanbh nuabheirthe ann ar mhullach a chéile. Bhí mo sheanathair ag saothrú an bháis de bharr na heitinne. Tholg duine de m’uncailí an galar agus d’fhulaing sé cuid mhaith sular bhásaigh sé go tragóideach nuair a bhí sé 35 bliana d’aois.

Bhí mo mháthair nach raibh ar a ciall san ospidéal le roinnt blianta roimhe sin. Bhí sé beagnach cinnte gur tháinig an eitinn ormsa ansin freisin. Chun greim a choimeád faoin bhfiacail ní raibh againn mar theacht isteach ach scillingí suaracha a fuair na huncailí mar sclábhaithe ar fheirmeacha. Fáisceadh as an mbochtaineacht muid.

Tar éis bhás mo sheanmháthar scaipeadh an teaghlach: chuaigh triúr uncailí ar an mbád bán go Sasana ar thóir oibre ar an gcaoi chéanna le dhá chéad mhíle saoránach eile san am. D’imigh duine de na huncailí gan tásc gan tuairisc agus creidtear go bhfuil sé curtha in uaigh bhochtáin gan leacht in Leeds. Ba í an imirce an t-aon bhealach éalaithe a bhí ag na bochtáin.

Thóg m’aintín, deirfiúr le mo mháthair, mé chun cónaithe léi agus lena clann óg sa bhaile céanna. Ba ansin a d’éirigh mé tinn; bhí mé de shíor ag casacht agus nuair a cuireadh x-ghathú cliabhraigh orm fuarthas amach go raibh eitinn scamhógach orm. Moladh do m’aintín mé a chur chun an tsanatóra i Mullach na Pise i mBaile Átha Cliath. Nuair a thagann na míolta tagann na sneá!

Tógadh na sanatóirí poiblí ar mhaithe leis na bochtáin. Ba iad sos, bia maith agus aer úr an cóir leighis ba thábhachtaí a cuireadh ar na hothair iontu. Ach rinneadh máinliacht ar na hothair a bhíodh buailte go dona leis an ngalar, amhail, aer a chur isteach sa spás timpeall ar an scamhóg ghalrach agus cuas a dhúnadh chun sos a thabhairt don scamhóg.

Ach an obráid radacach ba bhrúidiúla a dhéantaí orthu ná an easna a ghearradh amach chun an cliabhrach a shleabhcadh; is cuimhin liom an obráid seo a fheiceáil ar Theilifís Éireann blianta ó shin. Taispeánadh braonta fola an othair ag doirteadh ar an urlár. Ba é an toradh a bhíodh ar an mbúistéireacht sin ná míchuma bhuan a fhágáil ar chorp an othair bhoicht.

Ba é an laoch Dr Noel Browne, an tAire Sláinte (1948-1951) a bhrúigh ar aghaidh le caiteachas an stáit a úsáid chun sanatóirí cuí agus seirbhísí sóisialta agus sláinte a chur ar fáil do na bochtáin chun faoiseamh éigin ón eitinn a thabhairt dóibh.

Ba eisean a sheas an fód nuair a rialaigh an Eaglais Chaitliceach go raibh sí glan ina choinne mar mhaígh na cléir nach raibh cead ag an stát a ladar a chur isteach i gcúrsaí sláinte nár bhain leis.

Níor mhaith le roinnt othar dul isteach sna sanatóirí, ámh, toisc nár thaitin na hinstitiúidí leo ach bhí chúis níos tromchúisí leis an diúltú: dá rachadh an t-othar arbh é an príomhshaothraí go dtí an sanatóir d’fhágfaí a chlann ar an ngannchuid gan greim acu le cur ina mbéal. Bhí stiogma uafásach ag baint leis an ngalar freisin agus choimeádtaí othair bhreoite i bhfolach sa bhaile nó as radharc i mbotháin adhmaid ar chúl an tí.

Bhí mé sa sanatóir mar aon le céad buachaill eile. Chaití go maith linn ann: bhímis breá compordach i leapacha dár gcuid féin; thugtaí béilí folláine rialta dúinn agus d’fhaighimis go leor luíocháin ann.

I mo pháiste sé bliana d’aois a bhíos ag an am agus níl ach meathchuimhne agam ar mo sheal ansin. Is cuimhin liom go n-úsáidinn m’ordóg chun claibín an ‘spitoon’ a bhíodh cois leapa a oscailt chun fáil réidh leis an diabhal rud - seile ghalrach na heitinne.

Ach tá cuimhne ghrinn agam ar chineáltas na mbanaltraí ann: an bhean shéimh a ghléas mé go muirneach i gcomhair mo Chéad Chomaoineach san ospidéal. Agus smaoiním le pléisiúr anois féin ar an uair a chuir sí dearbhán ar mo shon ar siúl chun an Irish Press faoi choinne ballraíochta de Club na nÓg.

Cuireann sé aoibh an gháire orm fós nuair a smaoiním ar an ríméad a bhí uirthi nuair a d’oscail sí an litir a tháinig ar ais ina raibh suaitheantas an chlub inti dom - léarscáil bheag na hÉireann.

Ghreamaigh sí de mo gheansaí go grámhar é. Ba cruthú é go raibh mé i mo bhall bródúil den chlub faoi cheannaire ‘Captain Mac’. Ní dhéanfaidh mé dearmad choíche ar ghníomh máithriúil ceanúil sin na banaltra! Agus dar ndóigh, tá mé faoi chomaoin mhór ag lucht an tsanatóra as an gcóir leighis a cuireadh orm le linn dom a bheith ann.