Ros an Mhíl: Deis chun glúin Ghaeltachta ‘a mhealladh abhaile’

Infheistiú €25m agus suas le 900 post nua do Ros an Mhíl. D’iarramarar ar Rónán Mac Con Iomaire cur síos a dhéanamh ar a bhfuil beartaithe.

FOCLÓIR: Tuairisc - report; calafort - port/harbour; fuinneamh gaoithe - wind power; trácht idirlín - internet traffic; an Mhuir Thuaidh - the North Sea; earnáil mara - sea sector; geilleagar gorm - blue economy; mairnéalaigh - sailors; uaillmhian - ambition.

Ní nach ionadh, bhí meoin dearfach le sonrú ar na meáin shóisialta nuair a sheol Údarás na Gaeltachta tuairisc anuraidh a léirigh go bhféadfaí 900 post nua a chruthú dá ndéanfaí calafort Ros an Mhíl i nGaeltacht na Gaillimhe a fhorbairt mar lárionad d’fhuinneamh gaoithe mara.

Ach b’ábhar iontais dom cé as a raibh an trácht idirlín seo ag teacht. Sloinnte Chonamara a bhí ag go leor a bhrú ‘Like’ ar LinkedIn, ach bhí seoltaí oibre acu san Ísiltír, sa Danmhairg, i Sasana agus in Albain.

Dá ndéanfá mapáil ar sheoltaí oibre na nGríofach, na bhFlathartach agus na Seoighe seo, a rugadh agus a tógadh ar chósta na Gaillimhe, bheadh ciorcal mór agat thimpeall ar an Mhuir Thuaidh.

READ MORE

Mairnéalaigh, innealtóirí mara, scipéirí loinge, ar fad as Conamara, ar fad ag freastal ar thuirbíní gaoithe agus ar dhruilirí ola i bhfarraigí tanaí an Mhuir Thuaidh.

Is cultúr réasúnta nua i nGaeltacht na Gaillimhe é tabhairt faoi chúrsaí tríú leibhéil san earnáil mara ach, faraor, níl na poist ann chun na daoine óga oilte seo ar fad a choinneáil sa mbaile. Ar ndóigh, tá cultúr na mara féin sa gceantar i bhfad níos fadbhunaithe, agus stair na mairnéalachta ag dul i bhfad siar.

Ní iontas sin, i bhfianaise an chultúir bhádóireachta a d’eascair as trádáil mara sa gceantar. Bhí an lá ann go raibh báid seoil agus curachaí lárnach in eacnamaíocht na Gaeltachta, ach le teacht na mbóithre agus cúlú na hiascaireachta, tá laghdú tagtha ar an mbrabach a bhíodh le baint as an bhfarraige in Árainn agus i gConamara.

Tá béim mhór dhá chur ag Údarás na Gaeltachta ar an ngeilleagar gorm le blianta beaga anuas, mar dheis chun teacht i dtír ar shlí mhaireachtála dúchasach.

Tá fostaíocht inmharthana, fréamhaithe sa gceantar féin, lárnach i straitéis reatha an Údaráis agus tá pleananna in áit chun lárionad domhanda i nuálaíocht na mara a fhorbairt i bhfoirm Pháirc na Mara i gCill Chiaráin.

Thuig an tÚdarás freisin go bhfuil deis ann borradh a chur faoin earnáil ag úsáid infreastruchtúir chalafort Ros an Mhíl. I 1985, bhí 400 duine ag obair ar bhonn lánaimseartha nó séasúrach sa mhonarchan próiseála éisc ann, gan trácht ar an bhfostaíocht ar na báid iascaigh féin agus sna tionscail tacaíochta eile. Inniu, áfach, tá an monarchan folamh.

Ó 2013 go 2019 tharla 75 faoi gcéad de thitim ar an méid iasc a bhí dhá thabhairt i dtír i Ros an Mhíl, agus ba bheag rogha a bhí ann ach an monarchan a dhúnadh.

Cé go bhfuil feabhas tagtha ar chaighdeáin mhaireachtála sa gceantar ó thús na nóchaidí, tá Limistéir Chalafort Ros an Mhíl (a thugann oileáin Árann agus na ceantair mháguaird ar an mórthír san áireamh), i bhfad ar chúl ar an Innéacs Náisiúnta Bochtaineachta, le scór de -6.4 i gcomparáid leis an meán náisiúnta de 0.6.

In iarracht feabhas a chur ar chúrsaí, tá os cionn 30 bliain caite ag coiste deonach áitiúil i mbun staidéir agus stocaireachta ar son cé domhan-mhara a thógáil i Ros an Mhíl. Bhí a gcuid oibre srianta ag meascán d’easpa tacaíocht Stáit agus cúlú na hiascaireachta.

I bhfómhar na bliana seo caite, rinne Údarás na Gaeltachta coimisiúnú ar thuairisc a d’fhiosraigh na deiseanna a bhain le Ros an Mhíl a fhorbairt, ní mar chalafort iascaireachta, ach mar lárionad straitéiseach d’fhorbairt an tionscail fuinnimh gaoithe eischósta ar chósta thiar na hÉireann.

Tar éis straitéisí éagsúla a scrúdú, mhol an tuairisc go bhféadfaí Ros an Mhíl a fhorbairt mar chalafort a bheadh freagrach as stáitsiú, tógáil, freastal agus seirbhís a dhéanamh ar an tionscal eischósta, rud a d’fhágfadh 900 post buan le cruthú i nGaeltacht na Gaillimhe.

Ag teacht sna sála ar seo, d’fhógair Aire na Mara, Charlie McConalogue, go gcuirfí €25 milliún ar fáil chun cé domhan-mhara nua a thógáil i Ros an Mhíl, agus go bhfuil an deis anois ann an uaillmhian seo a bhaint amach. Baineann an 900 post atá tuartha le hearnálacha atá nasctha go díreach agus go hindíreach le fuinneamh gaoithe. Chuile shórt ó bhádóirí go bainisteoirí, cuntasóirí go captaein, innealtóirí go heolaithe.

Mar a tharlaíonn, tá go leor de na sainscileanna cuí sa gceantar cheana féin. I láthair ag fógra an Aire i Ros an Mhíl, mar shampla, bhí comhlacht áitiúil lastais atá ag coimisiúnú bád nua chun freastal ar na deiseanna seo, mar a bhí comhlacht dreideála, comhlacht tumadóireachta tráchtála agus go leor eile. Ina theannta sin, tá siad siúd ar an Muir Thuaidh a bhfuil na sainscileanna acu. Tá an deis anois ann an ghlúin Ghaeltachta seo a mhealladh abhaile.

Ach beidh scileanna agus seirbhísí ag teastáil nach bhfuil le fáil cheana féin sa Ghaeltacht, agus beidh gá pobal na Gaeltachta a chumasú dá réir. Chuige sin, tá tús curtha ag an Údarás cheana féin le plé le hinstitiúidí tríú leibhéil agus leis na Boird Oideachais agus Oiliúna, chomh maith le scéimeanna printíseachtaí agus céimithe atá in áit ag an Údarás féin.

Beidh comhlachtaí nua ag teacht isteach chun na Gaeltachta agus, tráthúil go maith, tá cur chuige nua dhá fhorbairt ag an Údarás maidir leis an bplé a bhíonn againn le cliantchomhlachtaí i dtaobh cur chun cinn na Gaeilge, agus tá súil againn sin bheith ar bun faoi lár an tsamhraidh.

Cur chuige a bheidh ann a bheidh níos intomhaiste agus níos spreagúla, agus a thabharfaidh aird ar riachtanais, ar mheon agus ar chultúr teanga na gcomhlachtaí, a gcuid fostaithe agus an Ghaeltacht trí chéile.

Mar a tharlaíonn, tá an tÚdarás ag obair cheana féin le togra fuinnimh gaoithe atá beartaithe do Ros an Mhíl, agus é i gceist ag Green Investment Group (GIG) togra 400 MW a fhorbairt ar sceirde amach ó chósta Charna. Tá an togra dhá thiomáint ó cheanncheathrú GIG i nDún Éidínn na hAlban, faoi stiúir Séamus McCabe, Gaeilgeoir líofa as Baile Átha Cliath a bhfuil ceangal agus bá láidir aige leis an nGaeltacht agus an teanga, agus atá tiomanta go mbeidh sin le feiceáil i bhforbairt an togra.

Spéisiúil go leor, tá tús dhá chur ag GIG le comhairleoireacht phobail faoi láthair agus ceann de na nithe atá á chur ina luí orthu ag na coistí áitiúla ná an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge mar acmhainn chultúrtha agus eacnamaíoch.

Fearacht na gaoithe is acmhainn luachmhar in-athnuaite í an Ghaeilge ach aire a thabhairt di. Aithníonn an pobal é seo, aithníonn an tÚdarás é seo, agus tá deis anois earnáil nua a fhorbairt, ag neartú na Gaeltachta, agus ag neartú na Gaeilge inti.

* Is Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga le hÚdarás na Gaeltachta é Rónán Mac Con Iomaire