Cuan an Cheoil: Sraith nua raidió a thapóidh teacht an Earraigh

Liam Ó Maonlaí i mbun comhrá agus ceol le mórcheoltóirí ceol traidisiúnta na tíre

FOCLÓIR: Flúirse - abundance; caithiseach - delightful; solamar - rich food; séis cheoil - a strain of music; caithiseach - attractive; tobar - well; gearróga dubha an gheimhridh - short dark days of winter.

Agus flúirse scannán agus sraitheanna teilifíse de chineál amháin nó de chineál eile á mbrú orainn ag na mórmheáin náisiúnta agus idirnáisiúnta, bíonn iarracht ar leith ag teastáil uaireanta chun teacht ar chláir a dhéanann ceiliúradh ar na seoid atá againn níos cóngaraí don bhaile.

Cé nach minic a chraoltar clár nuálach de cheol traidisiúnta ar mhórmheán ar bith na laethanta seo, sin go díreach atá beartaithe le sraith nua atá le craoladh ar mhinicíocht Raidió na Gaeltachta ón Déardaoin beag seo.

Cuan an Cheoil atá mar theideal ar an tsraith seo atá le cur i láthair ag an gceoltóir ildánach Liam Ó Maonlaí. Deich gclár a bheidh ann san iomlán agus gealltar comhrá agus ceol le haíonna speisialta atá imeasc mórcheoltóirí ceol traidisiúnta na tíre.

READ MORE

Cuirfidh lucht leanúna an cheoil dúil ar leith sa tsraith úr seo dar ndóigh ach is féidir a bheith cinnte go mbeidh spéis ag an bpobal mór ann freisin - ach go háirithe tar éis gur chuir srianta na paindéime bac ar cheolchoirmeacha le dhá bhliain anuas.

Taifeadadh na cláir anuraidh i rith tréimhse choicíse i Stiúideo Cuan, sa Spidéal, ach is in Tolosa, i dTír na mBascach, a bhí láithreoir an tsratha nuair a labhair Tuarascáil leis an tseachtain seo caite.

“Darach Mac an Iomaire (stiúrthóir cruthaitheach ag Stiúideo Cuan) a mheall mé,” a dúirt Liam Ó Maonlaí agus é ag cur síos ar an smaoineamh as ar eascair an tsraith nua.

“Bhí an tuairim seo aige agus chuir sé scairt orm - d’iarr sé: ‘an mbeadh aon suim agat a bheith i mbun a leithéid de rud?’”

“Agus dúirt mé ‘Absolutely, ba bhreá liom!’”

Nócha nóiméad ar fhad a bheadh gach clár. Ní chloífí le struchtúr foirmiúil chun go gcuirfí saoirse ar leith ar fáil do na ceoltóirí.

“Bheadh rud éigin saghas muintreach i gceist,” a dúirt Ó Maonlaí.

“Agus, tar éis gach duine a bheith ag féachaint ar an saol trí shúile nua, bheadh sé suimiúil teacht le chéile le ceoltóirí an ama - daoine go bhfuil meas thar na bearta agam orthu chomh maith.”

Cláir chaithiseacha a bheidh sa tsraith agus tarraingeófar ar thobar dúchais an tsean cheoil chomh maith le hamhráin agus poirt chomhaimseartha - solamar breá ceoil atá in ann don lucht éisteachta.

Níor thóg sé i bhfad ar an mbeirt liosta aíonna a chur i dtoll a chéile.

Imeasc na n-aíonna beidh: Síle Denvir, Colm Mac Con Iomaire, Mairéad Ní Mhaonaigh; Peadar Ó Riada agus Mick O’Brien, Mary Bergin, Johnny Óg Connolly, Róisín Chambers, Maitiú Ó Casaide, Méabh Ní Bheaglaoich, Rónán Ó Snodaigh, Caoimhe agus Séamus Ó Flatharta.

“Tá aithne agam ar an chuid is mó de na daoine sin,” a dúirt Ó Maonlaí.

“Buailimid le chéile ar na bóithre agus bíonn oícheanta agus laethanta ceoil againn agus bíonn sé go hálainn.

“Ach, is minic go ndeirimid go gcaithfimid rud éigin a dhéanamh le chéile agus, ar shlí, ceann de na rudaí sin is ea é seo.

“Tá sé ar nós ceirnín a dhéanamh le chéile. Gach aon duine a bhí sa chlár sin bheadh fonn orm am a chaitheamh ina dteannta arís gan dabht agus a thuilleadh ceoil a dhéanamh.”

“Ní raibh dabht ar bith agam faoi sin ar chaoi ar bith. Is minic go dtarlaíonn sé go ndéarfadh ceoltóir amháin le ceoltóir eile - ‘God, it would be great to do something together’ agus ní minic, nó ní i gcónaí, a tharlaíonn sé!

“Ach, ar shlí, seo an t-am go dtarlaíonn a leithéid agus gur tharla agus fair play do Dharach agus do mhuintir Stiúideo Chuan an smaoineamh a bheith acu agus an cuireadh a thabhairt dom.”

Comhrá ceolmhar
Is léir gur cothaíodh na cúinsí cearta don cheol agus don chomhrá leis na haíonna sa stiúideo ar an Spidéal. Tar éis breis agus dhá bhliain de dhian ghlasáil agus srianta na pandéime is féidir a bheith cinnte de go mbeadh plé bríomhar agus suimiúil le déanamh.

“Tháinig siad ar an lá agus láithreach bhíomar ag caint agus bhíos ag rá le Darach ‘cur an mic ar siúl,’ mar go minic, ceapaim, gurb é an chéad bhuile an buile ba thábhachtaí!

“Stiúideo den scoth atá ann [Stiúideo Cuan]ar nós Windmill nó aon cheann acu sin. Tá an trealamh agus an seomra agus an fhoireann ar fheabhas- agus an fháilte!

“Ar maidin chuirimis muid féin ar ár gcompord agus ansin um thráthnóna, tar éis lóin, dhéanaimis clár. B’shin mar a bhí. Clár in aghaidh an lae.”

Is ionann comhrá is éisteacht a deirtear. Agus, cé nach gnách an rud é go mbeadh clár raidió uair go leith ar fhad á chraoladh chomh luath san oíche is atá beartaithe le Cuan an Cheoil, thug sé sin deis do Ó Maonlaí dreas maith comhrá a dhéanamh leis na haíonna.

“Bhí cúrsaí an tsaoil, cúrsaí ceoil, cúrsaí cruthaíochta, cúrsaí comhluadair, cúrsaí cultúrtha, cúrsaí dúchasacha freisin, agus cúrsaí teangan agus cúrsaí scoile, cúrsaí oideachais, na daoine a chuaigh i bhfeidhm orainn - a leithéid sin de rud [á bplé ].”

Ní nós le hÓ Maonlaí a bheith ina fhear an tí. Go hiondúil is ag seinm nó ag gabháil fhoinn a bhíonn sé féin dar ndóigh, ach bhain sé taitneamh ar leith as an dá rud a mheascadh le chéile sa chur chuige nua seo.

“Bhí sé an-suimiúil. Bhí orm mo cheann a chur i riocht áirithe chun a bheith in ann a bheith ag caint agus a bheith ag déanamh ceoil agus ag stiúradh rudaí freisin.

“Bhí sé dúshlánach ach bhí sé thar barr! Cuimhnigh ar Pheadar Ó Riada agus Mick O’Brien a bheith in aon seomra leat agus iad a bheith sásta léimint isteach ar phíosa ceoil agus gan a bheith ag iarraidh go mbeadh chuile nóta intuigthe, go rabhadar sásta ‘rith’ le mo chuid ceoil féin, bhí sé go hiontach ar fad!

“I ngeall ar sin, táimid ag caint cheana féin ar an chéad cheann eile a dhéanamh!”

Níor chuir srianta na paindéime isteach nó amach ar an obair ach an oiread.

“Bhí sé go deas go rabhamar in ann a leithéid a dhéanamh. Bhí orainn a bheith tástálta chuile lá ach b’shin an méid.”

Tar éis an oiread sin ceoltóirí iomráiteacha a bhailiú le chéile b’fhéidir go mbeadh súil ag an bpobal mór go n-eiseofaí CD nó albam ach níl aon phlean ann é sin a dhéanamh faoi láthair.

Ach, go dtí go dtarlaíonn sé sin, agus gearróga dubha an Gheimhridh ag téaltú uainn go mall, beidh scoth an cheoil le cloisteáil sa tsraith deich gclár seo.

“Cinnte tá caighdeán ceoil álainn ann agus caighdeán fuaime álainn ann agus tá nádúr ann,” a dúirt Ó Maonlaí.

“Agus, ceapaim go bhfuil sé i gcónaí luachmhar é sin a chur trasna - go gcloisfidh daoine an nádúrthacht.”

B’fhéidir gur tráthúil an t-am den bhliain é seo mar sin le fáilte a chur roimh shéis cheoil a chuirfidh deifir le teacht an Earraigh agus síneadh na laethanta.

* Craolfar Cuan an Cheoil, léiriú de chuid Stiúideo Cuan, ar Raidió na Gaeltachta ar Déardaoin ag a 7pm. Is iad Síle Denvir agus Barry Kerr na haíonna a bheas le cloisteáil sa chéad chlár. Cuirfear físeáin de na cláracha ar fáil ar-líne gach seachtain

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.