Domhnach na Fola ar ais

Mar a thuigfear táimse ar an mbuíon nach bhfuil ag iarraidh na seanchneánna a oscailt

Is dócha nach bhfuil se cuí labhairt air seo níos mó. Tar éis an tsaoil tharla leathchéad bliain ó shin, agus an rud atá imithe tá sé imí, agus an rud atá déanta tá sé déantaí. Nach bhfuil saghas náire orainn na droch-chuimhní a mhúscailt arís?

Mar a thuigfear táimse ar an mbuíon nach bhfuil ag iarraidh na seanchneánna a oscailt ach an oiread. Fós, táthar ag iarraidh orainn eitilt os cionn an lae mhí-ámharaigh sin agus amharc anuas ós na spéartha lasnairde. É a fheiceáil sa chomhthéacs fada, san fhairsingeacht, sa ghinearáltacht thart timpeall, gan a bheith ag cuimhneamh orainn féin amháin.

Maítear toisc gur tharla oiread sin uafás gránna eile tar éis ár sin Dhoire leathchéad bliain ó shin, go bhfuiltear teidealach ar a rá nach raibh ann ach eachtra amháin eile sna heachtraí léanmhara a thit amach mar iarmhairt ar an 30ú lá d’Eanáir 1972.

Ach fóill orainn! Ní féidir éalú as chomh sleamhain slán simplí sin. Barbaracht faoi leith go speisialta agus go sainiúil ba ea Domhnach na Fola mar gur lámhaigh fórsaí an stáit daoine a bhí ag mairseáil go síochánta ag lorg cearta beaga suaracha nár chóir go mbeadh aon díospóireacht ina dtaobh. Lámhachadh chun báis go lánoifigiúil saoránaigh de chuid an stáit féin a bhí ag siúl na slí.

READ MORE

Is í an cheist mhór, an cheist mhór mhór, ná cad iad na stáit eile sin, nach bhfuil cogadh ar siúl iontu, a ghlacann idir lámha daoine atá ag cur cás réasúnta chun cinn a ghunnadóireacht go héag ar an tsráid?

Tógaimis an lá atá inniu ann, nó le cúpla bliain anuas. De réir faisnéise tá léirsithe ar siúl in Cúba go minic ó mhí na Samhna in aghaidh déine polaitíochta agus eacnamaíochta. Bratacha ar foluain. Óráidí fíochmhara á dtabhairt. Agus is fíor, tá daoine á ngabháil go tiubh agus á gcaitheamh sa charcair mar a mbeifeá ag súil leis ó dheachtóireacht uilesmachtach. Ach, agus ach eile, níor scaoileadh urchair mharfacha leo lena síneadh marbh ar bhóthar.

Agus abair, na Sínigh chumannacha sin nach bhfuil teist na cineáltachta orthu (abair Cearnóg Tianeman), a bhfuil léirsithe agus ciréibeanna ag dul go fuíoch ina Hong Kong féin, níor déanadh ach aon duine amháin singilte aonair a mharú le piléar oifigiúil ann. Is fíor go bhfuil daoine á ngabháil go tiubh agus á gcaitheamh sa charcair mar a mbeifeá ag súil leis ó dheachtóireacht uilesmachtach, ach ní nós leo urchair mharfacha a chaitheamh le saoránaigh an stáit lena síneadh marbh ar bhóthar.

Agus cuir i gcás an Bhealarúis, áit eile a raibh na céadta de mhílte amuigh ar na sráideanna oíche tar éis oíche ag cur in aghaidh Alasdair Lucachenko. Is fíor go raibh daoine á ngabháil go tiubh mar a mbeifeá ag súil leis ó dheachtóireacht uilesmachtach, agus cé go bhfuil go leor fianaise ann gur imigh daoine ‘as amharc’, urchair ná piléir ná púdar níor caitheadh leis na céadta de mhílte léirseoirí sin a d’fhágfadh go mbeadh saoránaigh sínte marbh ar bhóthar.

Agus ansin bhí turnamh oirthear na hEorpa nuair nár scaoileadh leis na léirsitheoirí san OirGhearmáin, sa Pholainn, sa Bhulgáir, sa tSeicslovaic…

Sin é atá éagsúil ó fhréimh mar gheall ar Dhomhnach na Fola. Shíl bunaíocht na Breataine go bhféadfaí leasuithe beaga cearta daonna a chosc le gunna, le feachtas foréigin, le lámh láidir ar nós mar a déanadh riamh anall san ochtú agus san naoú haois déag. Níor chuid den ríocht aontaithe ba ea Doire, dar leo, ach lonnaíocht iargúlta ar nós Amritsar nó Batang Kali. Is amhlaidh nárbh fholáir caitheamh leo, agus dhá chiall ag ‘caitheamh leo’, ar an gcuma sin.

Is ea. Eisceacht Eorpach agus dhomhanda ba ea Domhnach na Fola.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar