Arís agus arís eile

An ceann is mó nach féidir liom gan féachaint air ná ‘Mississippi Burning’, n’fheadar go díreach cén fáth.

Bhí tráth ann, agus ní na cianta cairbreacha ó shin, nuair a bhíodh fuadar agus sioscadh ag feitheamh leis an bhfógra mar gheall ar scannán na Nollag ar RTÉ. Go fiú nuair a bhí líon na gcainéal ag dul in iomadúlacht ar nós míoltóga fhéasóg an fháidh faoin gcrann, bhí nós bunaithe go suíodh an teaghlach timpeall ar scannán amháin, Abraimis leithéid 'The Great Escape' nó 'Lawrence of Arabia'.

De ghnáth thaispeáintí ‘The Wizard of Oz’ agus ‘Willy Wonka’ níos túisce ar maidin, nó timpeall ar mheán lae, agus dá mbeadh an t-ádh leat d’éireodh leat teacht slán ó ‘The Sound of Music’ (an t-aon scannán ina bhfuil tú ag súil go mbeidh an bua ag na Naitsithe) ar eagla go dtiocfadh ráig siúcra trí do cholainn an lá dar gcionn.

Is é sin, bhíodh daoine timpeall na teilifíse ar feadh an lae bheannaithe sin, mar a bhítí timpeall na tine nuair a chaití tine a lasadh. Bhí compántas nó cuideachtúlacht éigin ann murab ionann is gach duine ar a iPhad nó ar a scláta leictreonach ina ua gan trácht ar a bheith ina aonar faoi mar a bhíonn anois.

Is féidir níos mó scannán a fheiscint i gcaitheamh aon lae faoi láthair ná mar a chífeá de shuí bliana cheana, seachas nach bhfuil ach ceithre huaire fichead sa lá. Fág as an áireamh pé acu an bhfuil aon mhaitheas lena bhformhór lasmuigh de bheith ina mburgairí min sáimh do na súile, is fiú a fhiafraí cé mhéid díobh a mbíonn aon chuimhne agat orthu?

READ MORE

Caithfead a rá nuair a fheicim teidil ar nós 'Zombie Jellyfish from Andromeda' nó 'The Avocado-eating Texas Mum and her offspring' go mbíonn baol ar an gcat béal dorais toisc gan cat a bheith againn féin. Is léir nach bhfuil teorainn leis an dramhaíl ar féidir í a shluaisteáil amach, rud a fhágann gur minic tú taobh le scannáin a chonaic tú cheana.

In ainneoin na roghanna gan chrích atá ar Netflix agus na cainéil eile sruthaithe, gan trácht ar na dosaein chainéil eile talún ag teacht chugat ón spéir, bíonn éileamh i gcónaí ar na scannáin a thaispeántar ar na príomhstáisiúin.

Is é is aite liom ná go bhfuil cuid acu go n-amharcaim arís is arís orthu nuair a nochtann siad gan choinne in ainneoin iad a bheith feicthe cheana. Beidh a liosta féin ag gach duine.

An ceann is mó nach féidir liom gan féachaint air ná 'Mississippi Burning', n'fheadar go díreach cén fáth. B'fhéidir toisc go bhfuil bunaithe ar an bhfírinne, toisc smut straoiseach an phóilín Pell ina chumhacht bheag bhiogóideach, toisc Gene Hackman a bheith i mbarr a chumais, toisc go ndéantar an ceart sa deireadh. Cá bhfios?

Nó is minice fós go mbíonn an dúil mhallaithe agat in radharcanna áirithe seachas a chéile as scannáin faoi leith. Cuid acu as an ‘Godfather’, gan amhras, go háirithe an cloigeann capaill sa leaba, nó Michael nuair a bhuaileann Cúipid é agus é ag siúl na slí sa tSicil.

Radharcanna tosaigh ‘The Big Sleep’ ar a ghearrachaint, ar a dheisbhéalaí, ar a ghreann, ar shiúráil Bhogart ina phearsa. An roulette Rúiseach in ‘The Deerhunter’, eachtra nár cheart aithris a dhéanamh air sa bhaile. Ionsaí na heileacaptar faoi cheol Valkyriach Wagner in ‘Apocalypse Now’, cé go ngabhann i leimhe ina dhiaidh sin. Seinm an bhainseó in ‘Deliverance’, rud a fhágann nach féidir éisteacht le ceol an ghléis sin níos mó le haon neamhurchóid. Crochadh, tarraingt agus ceathrúnáil Wallace in ‘Braveheart.’ An capall ar meisce in ‘Cat Ballou.’

Is dócha go bhféadfadh síceolaithe léamh ar rogha gach duine mar sin, is é sin, dá mbeadh léamh acu ar rud ar bith.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar