Tá gach aon dealramh ar an scéal go mbeidh trúpaí na Rúise ag mairseáil isteach san Úcráin faoin am go mbeidh seo foilsithe. Nó sin é a thuigfeá óna bhfuil de ghaotha ag séideadh aniar ón Teach Bán agus timpeall san éatar ó phríomhchathracha eile. Agus murar tharla sin i gcaitheamh an deireadh seachtaine, ní fada uainn ionradh Phutin agus a bhfórsaí ag pleancadh rompu gan taise adeir drumaí an chogaidh atá á mbualadh.
B’é ardrí na hÉireann, De Valera féin, adúirt nach gcodlódh tír bheag ar bith atá faoi scáil cumhachta mhórmhíleata go sámh. Is dual don bhéist mhór na míoltóga beaga atá i bhfoisceacht a béil iad a alpadh is a shlogadh gan aon leithscéal. Sciob na Stáit Aontaithe Texas ó Mheicsiceo, síleann an Rúis go bhfuil éileamh acu ar na tíortha Baltacha, cuid dhílis den tSín is ea an Tibéid, dar leo, agus sea, Sasana agus Alba, an Fhrainc agus an Bhriotáin, India agus Hiodrabad…
Is cuma no dlí nádúrtha é, adéarfá, ach ní fhágann sin go bhfuil sé ceart. Tuigim go dóite an chúis gur theastaigh ón Eastóin clasú go daingean le Nato, óir is ar éigean gurbh ann dóibh mar phobal nuair a díscaoileadh an tAontas Sóivéadach. Dá leanfaí de lonnú plandálach rialta na Rúiseach ar a bhfearann, mionlach a bheadh sna hEastóinigh féin laistigh de ghlúin eile.
Tuigtear sceimhle na hÚcráine. Ach amháin gur cuma le fórsaí an Iarthair - is é sin go bunúsach Nato - faoin Úcráin. Níl inti ach licín beag i gcluiche i bhfad níos mó. Dá mba chás leo an Úcráin bheidís páirteach sna comhráití a bhí ar bun le déanaí idir na Stáit Aontaithe agus an Rúis. Fágadh sa chúinne dána iad fad is a bhí na buachaillí móra i mbun eadrána agus cluichí cumhachta.
Mar is é sin atá ann, cluiche cumhachta ar chlár an domhain, iarsma an chogaidh fhuair nó gríosach aighnis eile atá le múscailt fós. Bunaíodh Nato sa chéad áit d’fhonn buataisí na Sóivéadach a chosc dul ag stampáil leo trasna na hEorpa chomh fada leis an Atlantach. Ba cheart, mar sin, go leáfaí Nato nuair a chríonaigh an tAontas Sóivéadach as.
Níor mhar sin a tharla, áfach. In ainneoin geallúintí iomadúla dá malairt, lingeadar trasna oirthear na hEorpa agus thuirling ag geataí na Rúise ag stánadh isteach ar na machairí fairsinge sin a shiúil Napoleon agus Hitler cheana. Sin mar a fheictear dá lán sa Rúis a bhfuil cuimhne na staire acu, saighdiúirí Gallda a bhfuil Gearmánaigh ina measc ar imeall a gcríche féin á timpeallú beag ar bheag, tír ar thír.
Cén duine anois ar cuimhin leis géarchéim Chúba? Ní leomhfadh na Stáit Aontaithe ligean d’airm Shóivéadacha a bheith lonnaithe i ngar dóibh féin, mar nach ligfeadh anois, ná in Venezuela, ná i mball ar bith eile laistigh de scread roicéid díobh. Thaispeáin Khrushchev ag an am go raibh diúracáin núicléacha sa Tuirc agus a soc dírithe ar Mhoscó, áit a bhféadfadh siad a loscadh ina chipíní laistigh de 15 nóiméad. Socraíodh na hairm ollscriostacha a tharraingt siar as Cúba agus as an Tuirc, an dá chuid. Déarfadh aon duine gur réiteach réasúnta cothrom ba ea é sin. Murach é, ní móide go mbeadh seo á léamh agat seachas id luaithreach sa ghaoth.
Is é sin ceart dom, ceart duit, ní sia gob na gé ná gob an ghandail.
Ráineodh ceart a bheith ag an Úcráin a bheith páirteach in pé comhghuaillíocht is ansa leo, ach b’fheidir gur chiallmhaire fanúint glan uirthi ar ár son go léir. Ar an gcuma chéanna is gurbh fhearrde síocháin an domhain gan diúracáin a bheith i gCúba agus a soc dírithe ar na Stáit Aontaithe.