Is ar an chraoltóir ó Bhéal Feirste, Gearóid Ó Cairealláin, a bhronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais i mbliana. Bronnfar an gradam ag searmanas bliantúil na ngradam Dé hAoine i nGaillimh. Dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, gur chúis “mhór áthais dúinn Buaic-Ghradam na bliana seo a bhronnadh ar Ghearóid. Bhí, agus tá, lámh aige i mbeagnach gach rud a bhaineann leis an nGaeilge ó thuaidh – fear eisceachtúil atá ann”.
Bhí an gradam á bhronnadh air mar aitheantas as an bhaint a bhí aige le cúrsaí iriseoireachta, teilifíse agus amharclannaíochta le blianta fada. Bhí sé ar chomhbhunaitheoir an nuachtáin, Lá, agus bhunaigh sé an compántas drámaíochta, Aisling Ghéar. Lena chois sin, bhí baint aige le bunú Raidió Fáilte, Chultúrlann MacAdam-Ó Fiaich agus Mheánscoil Feirste. Bhuail stróc sa bhliain 2006 é ach lean sé leis ag saothrú na Gaeilge, mar chraoltóir ar Raidió Feirste, mar cholúnaí idirlín agus ní fada ó bhí dráma dá chuid, Wheelchair Monologues, ar stáitse.