Pobal na Gaeilge ‘tinn tuirseach’ de bheith lasmuigh den Dáil

Deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge nach gealltanais Chláir an Rialtais á gcomhlíonadh

Foclóir: Feachtas - campaign; Athbhreithniú gníomhach – active review; leanbh - child; ina hucht - in her arms; lonnaithe - located; náireach - shameful; teip - failure; bronnadh - present; éileamh démeagrafach aitheanta - recognised demographic demand; á séanadh - being denied; ar na bacáin - being prepared; scannalach - scandalous.

‘Tá muid tinn tuirseach de bheith lasmuigh den Dáil.”

“Bhí muid anseo an tseachtain seo caite leis an bhfeachtas ar son cearta tithíochta sa Ghaeltacht agus tá muid anseo arís inniu de bharr gealltanas eile nach bhfuil comhlíonta ag an Rialtas seo.”

Sin a dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus í ina seasamh os comhair Theach Laighean an tseachtain seo caite, a leanbh ina hucht, agus scata páistí ó scoileanna dheisceart chathair Bhaile Átha Cliath ina timpeall.

READ MORE

Thar ceann chúig ghaelscoil atá lonnaithe sa scoilcheantar Baile Átha Cliath 2, 4, 6, 8 a bhí na páistí i láthair agus tuairisc chinn bliana scoile le bronnadh acu ar an Rialtas (bronnadh grád ‘F’).

“Gheall Fianna Fáil agus an Rialtas seo arís agus arís eile go méadóidh siad líon na ngaelscoileanna ach tá teipithe go hiomlán orthu é sin a dhéanamh. Tá sé náireach gur gá dúinn bheith anseo,” a dúirt sí.

Tá soláthar iar-bhunoideachas lán-Ghaeilge á éileamh i gceantar Bhaile Átha Cliath 2,4,6 agus 8 le fada anois agus ba mhinic páistí ó Bhunscoil Synge, Gaelscoil Eoin, Gaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Lios na nÓg agus Scoil Bhríde ag geataí Theach Laighean agus iad ag stocaireacht ar son an éilimh.

“Seo é an cúigiú huair dúinn bheith anseo le léirsiú den chineál seo a dhéanamh os comhair na Dála - agus tá muid fós gan scoil,” a dúirt Cormac Chambers, príomhoide Lios na nÓg, gaelscoil atá lonnaithe i Raghnallach.

“Tá an tAire Foley fós ansin agus níl cinneadh déanta aici maidir leis an ngaelcholáiste.”

“Tá sí fós ag dul i muinín na sean argóintí maidir le hiar-bhunscoileanna atá lonnaithe go hiomlán taobh amuigh den cheantar gan a bheith go hiomlán lán,” a dúirt sé.

Áitíonn an Roinn Oideachais go mbunófar scoileanna nua má bhíonn éileamh déimeagrafach aitheanta i gceantar ach go bhfuil soláthar cuí ar fáil faoi láthair sna ceantair máguaird, i Ráth Fhearnáin agus i Stigh Lorcáin.

De réir urlabhraí ón Roinn, táthar ag súil go mbeidh dóthain fholúntas scoile sna gaelcholáistí sin le freastal ar an éileamh “sa ghearrthéarma” ach go bhfuil “athbhreithniú gníomhach”á dhéanamh ar an staid de réir mar a thagann fás ar na bunscoileanna nua atá sa cheantar, agus méadú ar líon na ndaltaí atá i rang a sé sna scoileanna sin.

Ceist “ábhartha” é leathnú a dhéanamh ar an soláthar reatha - sé sin breis spáis a chruthú ag na gaelcholáistí i Ráth Fhearnáin agus i Stigh Lorcáin freisin.

“Is féidir freisin d’aon phátrún iar-bhunscoile dul i dteagmháil leis an Roinn chun iniúchadh a dhéanamh ar bhunú aonad lán-Ghaeilge in iar-bhunscoil atá ann cheana féin.

“Ina theannta sin, is féidir le scoileanna teagmháil a dhéanamh leis an Roinn freisin chun aistriú ó Bhéarla go Gaelscolaíocht a fhiosrú.”

Deir na feachtasóirí go bhfuil an dá láthair sin rófhada ó bhaile, agus nuair atá daonra de 200,000 duine ann agus breis agus 40 meánscoil lán-Bhéarla sa cheantar, gur cheart go mbeadh soláthar lán-Ghaeilge ann freisin.

Múnla conspóideach atá sna h-aonaid atá luaite ag an Roinn. Bíonn siad faoi riar ag máthairscoil Bhéarla ach ní gá i gcónaí gurb iad na tosaíochtaí céanna a bhíonn ag an dá dhream.

Ach ar aon chaoi, creideann na feachtasóirí go gcomhlíonann siad cúinsí déimeagrafacha na roinne go héasca agus go bhfuil an t-éileamh sin léirithe acu. Reáchtáladh suirbhé le gairid a thug le fios go bhfuil spéis ag breis agus 520 páiste freastal ar Ghaelcholáiste sa cheantar.

“Tá fuadar faoin fheachtas, tá tacaíocht mhór againn ó pholaiteoirí áitiúla agus ó pholaiteoirí náisiúnta atá lonnaithe sa phobal agus taobh amuigh den phobal,” a dúirt Chambers.

“Labhraíomar leis an gcomhchoiste Dála le deireanas, agus tá an-chuid fuinnimh curtha isteach againn san fheachtas. Ach go dtí seo, níl toradh ceart air.”

Polasaí ar na bacáin

Mar atá tuairiscithe anseo go mion minic, tá an Roinn Oideachais faoi láthair i mbun polasaí a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Thagair urlabhraí na Roinne do thuarascálacha a chuir Sealbhú, ionad taighde ar fhoghlaim agus teagasc na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i dtoll a chéile, mar chuid den phróiseas sin. Chuir pobal na Gaeilge fáilte roimh na moltaí a rinne Sealbhú agus beifear ag súil go mbeidh siad go mór chun cinn sa pholasaí nua.

Cé go bhfuiltear ag fanacht le fada ar an bpolasaí seo agus go bhfuil buairt ann ar dhaoine, leis an gcaint ar olltoghchán go gcuirfear moill ar an bpróiseas, tuigeann Tuarascáil go bhfuil súil go bhfoilseofar an polasaí nua Oideachais laistigh de roinnt seachtainí.

A fhad a ghlacann sé ar an rialtas an polasaí oideachais agus polasaí tithíochta don Ghaeltacht ní amháin a fhógairt, ach a chur i bhfeidhm, méadóidh an frustrachas.

“Tá sé scannalach agus léiríonn sé easpa spéise,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

“Bhí cúpla uair go raibh muid le bualadh le polaiteoirí sinsearacha agus níor chas siad linn.”

“Is léir nach bhfuil sé seo ina phrióireacht dóibh,” a dúirt sí.

“Tá ag teip ar an Rialtas.”

“Tá siad ag gealladh na rudaí seo, ag gealladh na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht, tá siad ag gealladh go mbunófar níos mó Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí.

“Tá siad ag briseadh a ngealltanas féin.”

“Sílim go dtuigeann na polaiteoirí na fadhbanna ach cá bhfuil an gníomh?”

“D’fhéadfá na polasaithe is fearr a bheith agat ar pháipéar. Bhí rudaí iontacha sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, bhí rudaí iontacha geallta dúinn i gClár an Rialtais, ach cá bhfuil an gníomh?

“Cén fáth nach bhfuil plean cuimsitheach againn do mhúineadh na Gaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, fé mar a gealladh?

Go dtí go bhfuil, deir na feachtasóirí go bhfuil leanúnachas oideachais á séanadh ar phobal na Gaeilge.

“Tá muid ag múineadh na Gaeilge le breis agus 100 bliain ó bunaíodh an Stát ach cá bhfuil an polasaí? Cén fáth gur gá do na páistí seo teacht os comhair na Dála ag lorg cearta bunúsacha,” a d’iarr Melvin.

“Tá siad ag labhairt as Gaeilge ina measc féin anseo inniu, cén fáth nach bhfuil Gaelcholáiste ann dóibh? Tá sé maslach do na páistí seo go bhfuil orthu troid don scoil seo,” a dúirt sí.

Tá “fadhbanna móra” ag an teanga, cé go bhfuil “an-chuid oibre” á dhéanamh ar a son, a dúirt Cormac Chambers.

“Ach ní dóigh liomsa go dtiocfaidh feabhas mór ar chúrsaí go dtí go mbeidh iarracht cheart oifigiúil Stáit á dhéanamh leis an teanga a chur chun cinn,” a dúirt sé.

“Tosóidh sé sin le scolaíocht a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Mura bhfuil sé sin agat, tá tú ag snámh in aghaidh easa mar nach mbeidh an Ghaeilge ag daoine.”

“Nuair is gá do phobal troid ar son teanga atá dúchasach don tír, agus nuair atá daoine ag iarraidh í a fhoghlaim agus athnuachan a dhéanamh uirthi, agus nuair a chruthaíonn an Rialtas constaicí móra mar seo, an teachtaireacht atá á thabhairt acu ná nach bhfuil Éire oifigiúil taobh thiar den teanga,” a dúirt sé.

“Agus tugann sé sin teachtaireacht do dhaoine sa Ghaeltacht agus tuismitheoirí atá ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge.

“Airíonn gach duine é sin, i mo thuairimse.”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.