Deis ag aos óg na Gaeltachta teacht le chéile ag ‘Amuigh 24′

‘Tugann sé ugach do ghasúir nuair a fheiceann siad gasúir eile ó Ghaeltachtaí eile’

Foclóir: Deis - opportunity; mílte - thousands; leas - benefit; cruthaitheacht - creativity; sonrach - specific; comhluadar - company; ceardlanna idirghníomhacha - interactive workshops; ugach - confidence; spailp - spell.

Beidh deis ag aos óg as na ceantair Ghaeltachta teacht le céile nuair a reáchtálfar an fhéile nua ‘Amuigh 24′ i gConamara an mhí seo.

Tá an ócáid aon lae amháin seo á reáchtáil mar chuid de Chruinniú na nÓg 2024 i gcomhar le Cúla4 agus le Fíbín.

I mBaile na hAbhann, gar do cheanncheathrú TG4, a reáchtálfar na himeachtaí Dé Sathairn, an 15 Meitheamh, agus táthar ag súil go bhfreastalóidh thart ar 2,000 duine ar na himeachtaí.

READ MORE

“Ceiliúradh ar chruthaitheacht, samhlaíocht, ceol, agus na healaíon a bheas ann,” a dúirt Darach Ó Tuairisg, stiúrthóir an comhlacht léiriúcháin Fíbín.

“Deis í seo daoine óga ó na Gaeltachtaí a thabhairt le chéile chun go gcasfaidh siad ar a chéile,” a dúirt Ó Tuairisg.

“Tugann sé ugach do ghasúir nuair a fheiceann siad gasúir eile ó Ghaeltachtaí eile,” a dúirt sé.

Tá sé mar aidhm leis an bhféile na rannpháirtithe a spreagadh le réimse leathan gníomhaíochtaí atá in oiriúint dá n-aoisghrúpaí.

Díreofar ar thrí aoisghrúpa ar an lá: 0-5 bliana, 6-12 bhliain agus 13-18 bliana.

“Beidh graifítí, Circus le Croí, ceol, damhsa, uirlisí ceoil á gcasadh, drumadóireacht agus tarraingt – chuile shórt beo ar féidir leat cuimhniú air beidh sé ar siúl ar Amuigh 24,” a dúirt Ó Tuairisg.

Chomh maith leis na himeachtaí sin beidh péinteáil aghaidheanna, Damhsa na gCoiníní, ceardlann scríbhneoireachta, ceardlann phuipéadóireachta, ceol agus trad rave á reáchtail.

Tá sé i gceist freisin go dtaifeadfar clár teilifíse ar an lá agus craolfar é sin ar Cúla 4 an tseachtain dar gcionn.

Pobal nua na Gaeltachta

Ar nós gach pobal in Éirinn, tá fás tagtha ar líon na ndaoine ón iasacht atá ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta agus cuirfear fáilte chroíúil rompu ag an bhféile.

“Is imeacht Gaeilge do dhaoine óga é Amuigh24 le béim speisialta ar phobal na Gaeltachta,” a dúirt Ó Tuairisg.

“Beidh míle fáilte roimh phobail nua na Gaeltachta freisin agus beidh cuireadh ag dul amach chucu,” a dúirt sé.

“Go deimhin, is deis iontach é do dhaoine óga atá ag lorg tearmann sa nGaeltacht blaiseadh a fháil de chultúr comhaimseartha na Gaeilge agus na Gaeltachta,” a dúirt sé.

Agus muid ag tús mhí an Mheithimh anois, is ag an am seo den bhliain a fhágann na mílte daltaí scoile an baile le freastal ar choláistí Samhraidh sa Ghaeltacht.

Deis iontach dóibh é cur lena stóras focal agus taithí a fháil ar an teanga a labhairt i dtimpeallacht uathúil na Gaeltachta, agus beidh deis acu freastal ar Amuigh 24 freisin i mbliana.

“Is minic go mbíonn daoine ón taobh amuigh ag breathnú isteach ag rá ‘Ó nach iontach an rud a bheadh ann a bheith sa nGaeltacht’, agus is minic na daoine ón nGaeltacht ag breathnú amach freisin,” a dúirt Ó Tuairisg.

“Ach, nuair a thagann siad le chéile foghlaimíonn siad an t-uafás óna chéile.”

Cruthaitheacht

Is comhlacht léiriúcháin teilifíse é Fíbín a bhfuil seantaithí aige ar imeachtaí agus ócáidí ealaíonta a reáchtáil.

Creideann Ó Tuairisg go bhfuil tábhacht ar leith leis an chruthaitheacht a spreagadh i saol an duine.

“Tá an chruthaitheacht thar a bheith tábhachtach,” a dúirt sé.

“Is cuma céard a dhéanann tú sa saol, bíonn cruthaitheacht ag baint leis.”

“Más le cuntasaíocht nó tógáil a mbíonn tú ag plé leis, bíonn samhlaíocht, cruthaitheacht agus an rud sin ar a dtugann siad ‘taobhsmaointeoireacht’ nó ‘lateral thinking’ [a chabhraíonn leat] smaoineamh agus breathnú ar rudaí ar bhealaí eile.”

“Seo deis nach raibh ann nuair a bhí mise óg,” a dúirt sé. “Nuair a d’fhreastail mé ar an mbunscoil ní raibh ann ach peil agus céilí,” a dúirt Ó Tuairisg.

“Ach anseo ag Amuigh 24, beidh ranganna potaireachta ann, beidh ranganna DJ ann. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an deis sin ag daoine idirghníomhú a dhéanamh le healaíontóirí agus comhráití a bheith acu chun tuiscint a fháil agus an intinn a oscailt.”

Tá cáil ar Oireachtas na Samhna dar ndóigh as an deis a thugann sé do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta teacht le chéile. Tá súil ag Ó Tuairisg go mbeidh an tionchar chéanna ag Amuigh 24.

“Ba bhreá liom gur ócáid bhliantúil a bheadh ann agus nach i gConamara amháin a tharlódh sé - bheinn ag súil go dtarlóidh sé ó thuaidh, ó dheas, thiar, agus thoir, agus gur féile a bheadh ann a bhogadh thart ag na Gaeltachtaí.”

Tá an Samhradh fillte ar Éirinn agus an duilliúr ag teacht go tiubh ar na crainn. Théis aimsir fhliuch an Earraigh beidh feirmeoirí na tíre ag súil le haimsir bhreá sna seachtainí atá amach romhainn.

Beifear ag súil le spailp thriomaigh freisin i mBaile na hAbhann ar an 15 Meitheamh nuair a reáchtálfar Amuigh 24. Beidh saorchead isteach ag an bpobal ach caithfear clárú roimhré.

Breis eolais: cruinniu.creativeireland.gov.ie/event/amuigh-24/

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.