Cérbh í?

Níor luadh a hainm, ná cér díobh í, nó cad a bhí á aoireacht aici nuair a thit an spéir isteach uirthi.

An tseachtain seo caite scaoil an Iaráin na céadta diúracán i dtreo Iosrael mar fhreagra ar bhuamáil a consalachta féin in Damascus roimhe sin. D’imigh na diúracáin sin in airde san aer, ghluais leo ar a slí dá gceann scríbe, ach séideadh a bhformhór mór ina sprúillíní i bhfad sular tháinig siad i ngiorracht búireach chamaill dá sprioc. Tá sé fíordheacair poll ar bith a dhéanamh i sciath iarainn Iosrael.

Mar sin féin thit rud éigin anuas. Níor maraíodh aon duine, de dhealramh, ach is cosúil gur gortaíodh cailín beag amháin go dona, cailín seacht mbliana d’aois. De réir scéala, tá sí fós go dona tinn san ospidéal, ach ar éigean gurb ábhar nuachta feasta í.

Ach cérbh í?

Níor luadh a hainm, ná cér díobh í, nó cad a bhí á aoireacht aici nuair a thit an spéir isteach uirthi. Níor dúradh ach gur Beidiúnach ba ea í, duine den bhuíon fhánaíochta sin a bhfuil cónaí orthu i ngaineamhlach Negev Iosrael, ach atá scaipthe ar fud an tsaoil Arabaigh go léir. An é go raibh sí beagthábhachtmhar toisc í a bheith ina Beidiúnach, nó ina cailín beag, nó ina haoire gabhar, nó go díreach nach raibh puinn leasa le baint aisti sa chluiche nuachta a mhórann íospartaigh áirithe seachas a chéile?

READ MORE

Idir seo is siúd scaoiltear ainm linn de dhuine mí-ámharach a tharla a bheith san áit mhícheart nuair a sheoltar an bás nó an tubaiste ón spéir. De ghnáth is toisc ceamara a bheith in aice láimhe nó dochtúir a bheith ag caint le hiriseoir nó eachtra gan a bheith glanseansúil a nochtar faisnéis éigin faoin duine sin.

Mar shampla, tá's againn mar gheall ar Sidra Hassouna, cailín beag eile seacht mbliana d’aois, a mharaigh Arm Cosanta Iosrael ar a n-ionsaí dóibh trí Rafah i bhFeabhra na bliana seo. Tá's againn, óir ghabh íomhá a coirp chiorraithe gan chosa timpeall ar na meáin nuair a fágadh ar crochadh í ar an bhfoirgneamh ina raibh sí ag lorg dídine séidte san aer

Agus tá's againn cérbh í Hind Rajab, cailín eile, an t-am seo gan í ach sé bliana d’aois nuair a maraíodh í i ngluaisteán a muintire cé nach raibh arm Iosrael in aice na háite in aon chor, in aon chor, in aon chor, dar leo. Tá's againn, mar níl na Stáit Aontaithe sásta leis an bhfreagra a thug na húdaráis, agus sea, maraíodh roinnt paraimhíochaineoir a bhí ar a slí chun fóirithint uirthi, leis.

Ach níl a fhios againn cérbh í cailín deas crúite na ngabhar, an Beidiúnach cailín ar thit srapnal anuas uirthi gan choinne agus í chomh neamhurchóideach leis an leanbh sa chliabhán.

Dúnmharaíodh buachaill óg eile go gránna agus é i mbun a chuid caorach ar an mBruach Thiar an tseachtain seo caite, Benjamin Achimeir, agus chualamar ina thaobh toisc gur dhein na lonnaitheoirí ar de é ionsaí ar ais ar chuid de mhuintir na háite, ag loscadh agus ag dó. Déanadh Omar Hamed, buachaill seacht mbliana déag d’aois a lámhach sa chloigeann mar dhíoltas.

Ina choinne sin thall, níl aon ainm againn ar na páistí agus ar na hógánaigh eile go léir a maraíodh nó a gortaíodh nó ar baineadh géaga díobh in Gaza nó san Úcráin, cé go bhfuil ainm ag duine éigin orthu. Ní fhéadfadh a bheith. Rachaimis as ár meabhair, dá mbeadh.

Tá's againn cérbh é Willie McBride go fiú murarbh ann dó riamh, ach is léirshamhail é de na corpáin faoi na ‘countless white crosses stand mute in the sand’, mar is léirshamhail iad na páistí thuas dá lán eile nach eol dúinn.

Fós féin, níl a fhios agam cérbh í mo chailín Beidiúnach agus conas atá sí?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar