Leadhbairt an lae

Tá impleachtaí níos sia ná mar a cheaptar ag baint leis an bplancadh seo.

Tharla go rabhas ag éisteacht le hamhrán éigin de chuid na Mary Wallopers nuair a tháinig an toradh isteach. B’oiriúnach an éisteacht í, mar is grúpa iad a bhuaileann na hamhráin amach amhail nach raibh a leithéid de rud is caolchúis ná nuance ann. Is ea, leadhbadh agus liúdráil agus leadradh a fuair an rialtas, agus chun an t-éigeart a thabhairt dóibh, formhór de pháirtithe an fhreasúra, sa reifreann léanmhar ar neamhghá dó a bheith ann agus ar neamhéifeachtach a chur i láthair.

B’fhéidir nach bhfuil aon ní eile buanfasach féin le rá mar gheall air seachas a bhfuil de phutóga scrúdaithe cheana féin. Mar sin féin, toisc gur ceapadh go raibh daoine dúr agus neamheolach agus cónaí orthu sna sléibhte nó amuigh ar na portaigh, is gátar gach rud a rá faoi dhó agus faoi thrí.

Maidir liom féin, vótáileas mar seo, agus ina dhiaidh sin mar siúd, ach níl a fhios agam, b’fhéidir a mhalairt timpeall, agus ina dhiaidh sin ar ais, cá bhfios? Cén treo a bhfuil an ghaoth ag séideadh inniu? Cad tá á rá ag na faiseanaistigh i láthair na huaire?

Tá impleachtaí níos sia ná mar a cheaptar ag baint leis an bplancadh seo. Bhí de shuimiúlacht go ndúirt an rialtas go mbeadh meas acu ar bhreith an phobail. An é go raibh an dara rogha sa bhoth vótála, nó an dara suí sa bhuaile, nó an dara tarraingt ar an gcos chlé acu sa mhéid seo? Mar a tharla, ní ráiteas chomh baoth sin a bhí ann.

READ MORE

Tar éis an tsaoil agus na hEorpa, tharla dhá reifreann cheana nuair a dhiúltaigh sléibhteánaigh agus sráideánaigh agus cábóga agus cathróirí an stáit do chomhairle agus do threoir na n-uachtarán agus do mhaithe na dtithe móra. B’in iad an dá reifreann a bhain le sinn a dhlúthú níos daingne leis an Aontas Eorpach agus a threoraigh sinn chun a bheith páirteach in arm míleata na hilchríche. Reifrinn Nice 2001 agus Lisboa 2008 atá i gceist agam.

Níor thúisce an vóta deiridh áirithe agus an bosca déanach dúnta agus an taillítheoir meán oíche dulta abhaile ná go raibh rialtas an lae ag tabhairt le fios go gcaithfí vótáil arís (agus arís) [agus arís] go dtí go bhfaighfí an toradh ceart. Mar le daonlathas, bhí sin ar na heachtraí ba náirí riamh agus fós in Éirinn lenár linn.

Ar a laghad níl aon chuma ar an scéal go bhfuil na heireabaill sin a bhí go péacach tráth chun teacht amach as idir an dá chois ina bhfuil siad i bhfolach go luath. Ina choinne sin, coscán in aghaidh gach rud a bhí a dhíth ar an mbunaíocht airgid agus machnaimh ba ea toradh an reifrinn seo.

Ar na nithe ar bhreá leis an mbunaíocht airgid agus machnaimh le fonn is le flosc a chaitheamh ar an gcarn caca is ea neodracht na hÉireann. Níl de ghus ná de mhisneach ná de choráiste acu é sin a rá go lom agus go hoscailte amach os ard, mar tá's acu go dianmhaith cén freagra a gheobhaidís. Dá réir sin go sleamhain slítheánta tá an chonair chúng acu á réiteach. Dul orlach na slí le Nato, ansin troigh ar éigean, ansin bríce a bhaint as an mballa, ansin bagairtí samhailteacha a chaitheamh ar fud na gcos.

Is fíor nach bhfuil neodracht na tíre greanta sa bhunreacht mar is cóir, ach tá foráil 29 (1-3) ann, arb ionann í a mhór is a mhór.

Dá mba go raibh ar intinn ag ár dtiarnaí lasnairde iarracht ar thincléireacht a dhéanamh leis an bhforáil sin a choinníonn ó bharbarthacht an domhain sinn, ba cheart go mbeadh a fhios acu anois nach mbeadh an lá leo.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar