Athchuairt ar an ár

An gorta gránna d’aon ghnó mar inneall cogaidh.

Is lánait le pobal sibhialta an domhain nach féidir leis an gcomhluadar idirnáisiúnta (pé hiad féin) stop a chur leis an ár laethúil a fheicimid in Gaza. Ní hé go bhfeicimid é is tábhachtaí, ach go bhfuil sé ar siúl. Fós féin, is í an fheiceálacht sin is mó a mheánn don té atá ina shuí cois na teilifíse go teolaí agus nach bhfuil buamaí ón aer anuas ag gabháil steallaidh air.

Tá an iomad treise á cur lena bhfuil le feiceáil ag daoine sna nóiméid sin roimh Ros na Rún nó Fair City nó pé pusdráma is ansa leat. Is fíor go n-áitítear gur chabhraigh a raibh ar an teilifís le tabhairt ar na Meiriceánaigh caolú amach as Vítneam leis an iomad náire. Níor róthaitneamhach an radharc é páistí óga ag rith ar bhóithre agus a gcraiceann trí thine a bhlaiseadh le cupán tae nó americano uiscealach féin. Is í mo thuairim mheáite, áfach, gur mhó a mheáigh conablaigh a gcuid saighdiúirí, lán 58,200 díobh, ag teacht abhaile ina málaí coirp a chuir sceimhle orthu go dtí gur tuigeadh dóibh go raibh a gcaiscín meilte.

Ní de thaisme go raibh iriseoirí leabaithe isteach leis an arm nuair a shocraigh siad ar eachtraí concais eile, go háirithe san Iaráic agus san Afganastáin agus nár ceadaíodh aon phictiúirí de na málaí coirp á gcúlú amach as eitleáin a thaispeáint.

Is mó sin uafás agus barbarthacht a tharla ó shin, agus cé nár tugadh mórán poiblíochta dóibh, ní móide go ndéanfadh sé pioc difir.

READ MORE

Mar bhíomar anseo cheana.

Ceann de na chéad chogaí concais, ocrais, ola agus díothaithe pobail a taispeánadh ar an teilifís agus ar ghrianghraif na nuachtán ba ea cogadh cathartha na Nigéire, nó an cogadh idir an Nigéir agus Biafra mar is cirte a thabhairt air 1967-70. Chuir pictiúir na leanaí óga nach raibh iontu ach cnámharlaigh, a mbolg ataithe le kwashiorkor, a súile ag impí trócaire, alltacht ar an domhan mór. Nó cuid de.

Eagraíodh mórshiúlta, cruinnithe, léirsithe, scríobhadh eagarfhocail le fearg agus le díomá, ach d’fhan an t-aos polaitíochta sna tíortha is mó a raibh a ladhar san ola acu, d’fhan siad ina dtost.

Bíonn gach comparáid amscaí a bheag nó a mhór, ach fós féin tagann siad áiseach ar uaire. Ba dhóigh leat gur athimirt is ea sléacht Gaza ar choscairt Bhiafra. Teifigh ba ea formhór an phobail, teifigh ar a gcoimeád ó ghort fola amháin go ceann eile. Cónaí orthu i gcampaí teifeach gur déanadh buamáil leanúnach orthu. Bagairt, a fíoraíodh, go ndéanfaí soláthar bia agus cóir bheatha a stop, go fiú soláthairtí a bhí á roinnt ag Cumann na Croise Deirge. An gorta gránna d’aon ghnó mar inneall cogaidh. Ganntanas uisce ghlain. Ospidéil á leagadh. Obráidí riachtanacha á ndéanamh gan ainéistéiseach. Scoileanna ina smionagar. Taibhsí ag siúl thart ar leathchois, nó gan chos ar bith. Airm scriosacha á seoladh de dhroim oíche don rialtas a bhí i mbun an uafáis ag tíortha na dtionscal airm. Agus na bréaga, na bréaga, na bréaga.

Tharla sé cheana os comhair súile an domhain dhaill, agus níor déanadh pioc. Ná faic. Ná tada. Ná giob. Dúradh cuid de na focail mhilse ceart go leor. Ba chóir do rialtas na Nigéire a bheith níos faichillí. Nár cheart oiread sin a mharú, ach go díreach méid áirithe, bheadh sin ok. Go mbeadh díomá ar na rialtais Eorpacha dá rachadh siad thar fóir. Níor oibrigh na cleití sin agus fuair na milliúin bás.

Tá aisling Biafra beo fós, áfach, agus daoine á n-eagrú dá réir. Nuair a scriosfar Gaza go bun, beidh Palaistínigh fós ann, agus aisling na Palaistíne beo. Sin é oighear an scéil nach bhfuil aon éalú as.

  • See our new project Common Ground, Evolving Islands: Ireland & Britain
  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here
Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar