Léamh cruinn

Na focail loma féin atá i gceist agam seachas aon mheon laistiar díobh.

22/05/2015 - NEWS  - Voters voting in the marriage referendum and the Age of Presidential Candidates referendum at St. Andrews Rescource Centre, Pearse street in Dublin.
Photograph: Alan Betson / The Irish Times

Baineadh geit asam le déanaí. Le blianta móra anuas táthar ag iarraidh fáil réidh le halt 41.2 den bhunreacht, sin é an ceann a mbeimid ag vótáil ina thaobh mí an Mhárta. Bhítí ag féachaint air mar ghlas ar mhná agus gurb áiteamh a bhí ann go gcaithfeadh siad fanúint sa bhaile, sa teach, sa chistin fiú amháin. Ba bhratach eile fós í a bhí le hísliú ionas go mbeimis fuascailte ar fad ón tseanÉirinn sin ina mbíodh na muca sa pharlús agus an sagart le hais an chlaí lena bhata draighin.

B’í geit a baineadh asam ná anois go bhfuil an chnámh ag teacht níos gaire don uilleann go bhfuil tráchtairí agus colúnaithe agus aos cabaireachta agus tioncharóirí agus go fiú lucht scríofa litreach chun na nuachtán ag caitheamh amhrais air. Ní rabhamar ag coinne leis seo! B’é a bhí sa tairngreacht ná go seolfadh tríd go slán sleamhain, go rachadh as radharc, go leáfadh go héag mar a dhéanfadh daba ime ar scadán te.

B’í geit eile a baineadh asam ná go bhfuiltear á léamh go cruinn is go ceart den chéad uair. Ní chuireann an fhoráil áirithe sin aon iachall ar mhná fanúint sa bhaile, ná sa teach, ná sa chistin ná aon ní dá shórt. Na focail loma féin atá i gceist agam seachas aon mheon laistiar díobh.

Admhaím go bhfuil mós seanfhaiseanta, go bhfuil an dealramh air go bhfanann formhór na mban pósta sa bhaile (mar a bhí fíor ag an am) agus go bhféadfaí glacadh leis gur mar sin a bheadh go brách breithe. Ach léamh eile atá air ná gur ceapadh go raibh saol an teaghlaigh chomh tábhachtach is chomh luachmar sin nár chóir go gcuirfí iachall ar bhean dul ag sclábhaíocht i monarcha, nó a bheith ina cailín aimsire sa teach mór, nó ina giolla oifige, nó ina tráill ar an bhfeirm mar a bhí na milliúin bean san Afraic agus san Áise arbh éigean dóibh an dá thrá a fhreastal.

READ MORE

An masla ba mhó a bhí sa bhforáil ba ea nár smaoiníodh riamh í a chur i bhfeidhm agus taca ceart a thabhairt don bhean ar mian léi obair sa bhaile. Abair go mbeadh sin réabhlóideach agus dul chun cinniúil!

Ba mhinic a dhéantaí ceangal nó go deimhin meascán idir é agus an cosc a cuireadh ar mhná obair i ngairmeacha áirithe nuair a phós siad. Ní raibh aon nasc eatarthu. Dlí a bhí náireach agus leatromach ba ea í sin, ach ní eisceachtúil a bhíomar san Eoraip ná sa domhan mór. Dlí dá leithéid bhí i bhfeidhm sa Ghearmáin, san Ísiltír agus eile, chomh maith leis na Stáit Aontaithe agus níor cuireadh deireadh leis san Astráil go dtí 1966.

Mná na Breataine a chuir tús leis sa taobh seo den domhan tar éis an chéad chogaidh mhóir bharbartha. Le linn an áir áirithe sin glacadh le gach aicme ban agus neach (nach raibh ag troid) sna monarchana chun buamaí agus airm eile a dhéanamh fad is a bhí a gcuid fear amuigh ag marú daoine. Nuair a d’fhill na fir, chuir na baineannaigh óga feachtas ar bun agus dhíbir siad a bpáirtithe pósta. Ní raibh an leithscéal sin againn anseo, ach is foláireamh é gan cleachtas na ríochta thall nó na hEorpa féin a leanúint gan cheist.

Tá an chuma air arís go bhfuil muc i mála déanta ag na húdaráis den fhoclaíocht nua don reifreann le héiginnteacht agus le míbhrí. Stráicí á mbaint aisti le géire agus maslaí eile á nochtadh ann mar chéim síos dóibh seo agus siúd.

Má cheaptar an tseanfhoclaíocht a bheith maslach agus an nuafhoclaíocht a bheith trí chéile, cén fáth bacadh leis in aon chor?

  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here
Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar