Ceathrú Ghaeltachta ag Higher Options

Tá súil leis go dtiocfaidh tuilleadh fáis ar an éileamh atá ar chéimithe le Gaeilge

Seans go bhfuil cloiste ag daoine a chríochnaigh an Ardteistiméireacht le tríocha bliain anuas faoin gcomhdháil ar a dtugtar Higher Options.

Ócáid bhliantúil atá ann a reáchtálann an Irish Times do dhaltaí an cúigiú agus an séú bliain.

Freastalaíonn thart ar 30,000 duine ar an ócáid gach bliain san RDS thar thréimhse trí lá i mí Mheán Fómhair.

Bíonn suas le 160 seastán ag ollscoileanna agus ag institiúidí eile oideachais ar an láthair agus cuirtear gach cineál eolais ar fáil do dhaltaí scoile faoi chúrsaí tríú leibhéil.

READ MORE

Tá sé i gceist go mbeidh cur chuige nuálach ag an Irish Times i mbliana i bhfoirm cheathrú Ghaeltachta a reáchtálfar ar an láthair.

Is dócha go bhfuil níos mó féidearthachtaí ann anois ná mar a bhí go dtí seo do chainteoirí Gaeilge ar mhaith leo a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge.

Tá sé tamall de bhlianta ó shin anois ó baineadh amach stádas iomlán mar theanga oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach agus tá líon mór daoine ag obair cheana féin mar aistritheoirí, ateangairí agus dlítheangeolaithe Gaeilge.

Agus tá súil leis go dtiocfaidh tuilleadh fáis ar an éileamh ar chéimithe le Gaeilge.

Faoin mbliain 2030, tá sé beartaithe go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaigh nua na státseirbhíse in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge agus tá an obair tosaithe cheana féin chun a chinntiú go mbeidh soláthar maith céimithe ann faoin spriocdháta sin.

Dar ndóigh, tá an-chuid deiseanna ar fáil freisin in earnálacha na meán cumarsáide, sa teicneolaíocht faisnéise, sa mhargaíocht, sa díolachán agus san earnáil dheonach.

Deis a bheidh i nGaeltacht Higher Options do dhaltaí ar suim leo an Ghaeilge teacht le chéile san aon áit amháin agus eolas a fháil ar na féidearthachtaí a bhaineann le gairmeacha beatha agus ar dheiseanna staidéir leis an teanga.

Mar chuid d’ócáid na bliana seo, reáchtálfar painéil plé le saineolaithe a mbeidh eolas faoi ghairmeacha beatha le Gaeilge á roinnt acu ar an lucht freastail.

Reáchtálfar Higher Options i bPríomh-Halla an RDS ón gCéadaoin, 20ú go hAoine, 22ú Meán Fómhair.

Clárú: higheroptions.irishtimes.com/landingpage

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.