‘Cur i gcéill’ Chreatchuraclam na Bunscoile

Níl na húdaráis oideachais ag tabhairt aird ar an bhfianaise atá curtha ar fáil acu féin faoi theagasc na Gaeilge, de réir an tsaineolaí oideachais an tOllamh Pádraig Ó Duibhir.

Foclóir: Cáipéisí inmheánacha – internal documents; creimeadh - erosion; feabhas – improvement; leithdháileadh – allocation; comhairle – advice; sealbhú teanga – language acquisition; seachmall – illusion/evasion; teagasc – teaching/instruction; cur i gcéill - pretence/hypocrisy; fónta - useful/sound.

Tá droim láimhe á tabhairt ag na húdaráis oideachais le fianaise atá bailithe acu féin faoi theagasc na Gaeilge sna scoileanna, de réir an tsaineolaí oideachais an tOllamh Pádraig Ó Duibhir.

Agus é ag tagairt do chreatchuraclam nua na bunscoile ina ngearrtar siar ar an méid ama a chaitear ag teagasc na Gaeilge, dúirt an tOllamh go dtugann taighde na Roinne Oideachais féin le fios “arís agus arís eile” go bhfuil “nasc láidir” idir ísliú ar líon na n-uaireanta teagaisc agus an titim i gcaighdeán na Gaeilge a bhaineann daltaí amach sa bhunscoil.

Maíodh i gcáipéisí inmheánacha na Roinne Oideachais a cuireadh ar fáil do Chonradh na Gaeilge faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, agus atá feicthe ag Tuarascáil agus ag an Ollamh Ó Duibhir, go bhféadfadh laghdú ar an am a chaitear ag teagasc na Gaeilge sa bhunscoil faoin gcreat nua a bheith ina “chúis imní” ó thaobh na Gaeilge de.

READ MORE

“Cé go bhfuil an chosúlacht air go nglacfar go dearfach leis [na moltaí] seo,” a scríobhadh sa nóta eolais inmheánach, “d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis imní ó thaobh na Gaeilge de, de réir mar a laghdaítear an leithdháileadh ama do theangacha trasna T1 agus T2.”

Tagairt is ea ‘T1′ do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge (Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta) agus tagraíonn ‘T2′ do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla.

“Is léir gur thuig an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), go mbeadh na hathruithe seo ina gcúis imní,” a dúirt an tOllamh Ó Duibhir.

“Níl siad ag tabhairt aird ar an bhfianaise atá curtha ar fáil acu féin,” a dúirt sé.

Comhlacht reachtúil de chuid na Roinne Oideachais atá san CNCM a chuireann comhairle ar an Aire Oideachais maidir le curaclaim agus measúnú sa chóras oideachais.

D’fhorbair an CNCM Creatchuraclam na Bunscoile thar thréimhse sé bliana. Ach, a luaithe a sheol an tAire Oideachais Norma Foley é ar 9 Márta, bhí na heagrais Ghaeilge ar aon ghuth maidir leis na hathruithe a fógraíodh. Ag tús na míosa seo reáchtáladh cruinniú idir Foras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus oifigigh na Roinne Oideachais agus an CNCM agus éilíodh ag an gcruinniú sin nach ngearrfaí na huaireanta teagaisc.

D’fhreastail an tOllamh Ó Duibhir, atá ina stiúrthóir ar Sealbhú - ionad taighde ar fhoghlaim agus teagasc na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath - ar an gcruinniú freisin ach ní mó ná sásta a bhí sé leis an méid a chuala sé ann.

“Dúirt siad linn breathnú ar an taighde a rinne siad,” a dúirt sé.

“Dúirt siad go raibh an t-uafás taighde déanta acu sula ndearna siad na cinntí seo ach nuair a léann tú an taighde a luann siad agus a luaigh an tAire, aithnítear ann go raibh titim shuntasach i sealbhú teanga na bpáistí,” a dúirt an tOllamh Ó Duibhir.

“Bhí laghdú ar an méid ama a caitheadh ag teagasc na Gaeilge ar cheann de na cúiseanna a bhí leis sin.”

Luann Ó Duibhir Tuarascáil an Phríomhchigire (2020), An Ghaeilge sna Bunscoileanna: Treochtaí Náisiúnta Fadtéarmacha in Inniúlacht (2006), agus Foghlaim agus Múineadh na Gaeilge i Scoileanna Béarla (2020) mar shamplaí den taighde sin.

“Chuaigh mé siar air arís agus léiríonn an taighde gur cheann de na cúiseanna a bhí le laghdú ar shealbhú na Gaeilge ná an laghdú ama sin, agus anois tá siad ag laghdú an ama arís. Braithim nach bhfuil aon chosaint acu,” a dúirt sé.

Seachmall

Gan aon mhéadú ar na huaireanta teagaisc san iomlán, faoin gcuraclam nua caithfear uair an chloig in aghaidh na seachtaine ar theagasc nuatheanga iasachta ó Rang a 3 ar aghaidh. Caithfear breis ama freisin ar chúrsaí sláinte agus anuas air sin tá “am solúbtha” a mhairfidh ar feadh uair an chloig agus 45 nóiméad sa tseachtain á thabhairt isteach. Chuige seo, caithfear 30 nóiméad níos lú sa tseachtain ar mhúineadh an dara teanga. Mar sin, cé nach gcuirfear tús le teagasc an tríú teanga go dtí Rang a 3, bainfear leathuair de theagasc na Gaeilge ó Rang a 1 go dtí Rang a 6 sna scoileanna Béarla - agus sin iad formhór scoileanna an stáit.

“Is seachmall atá ann a bheith ag caint ar nuatheangacha dar liom,” a dúirt an tOllamh Ó Duibhir.

“I ndáiríre, is cuma ar bhealach cén chúis atá leis, tá na huaireanta bainte, sin an chúis imní atá agamsa agus ag daoine atá ag plé le teagasc na Gaeilge.”

De réir taighde atá déanta ag Ó Duibhir, tagann an laghdú is déanaí sna sála ar sciar suntasach ama, 90 nóiméad sa tseachtain, a baineadh den am don Ghaeilge in 1999. Tá laghdú 500 uair an chloig in aghaidh na bliana, nó 37 faoin gcéad, tagtha ar an am teagaisc don Ghaeilge sa bhunscoil ó 1971 i leith.

“Tá pátrún léirithe i dtaighde John Harris ó na 1980idí i leith,” a dúirt Ó Duibhir. In 2006, foilsíodh tuarascáil a scríobh an tUasal Harris - An Ghaeilge sna Bunscoileanna: Treochtaí Náisiúnta Fadtéarmacha in Inniúlacht. Léiríodh titim shuntasach i gcaighdeán na Gaeilge i measc daltaí bunscoile idir 1985 agus 2002. I measc na gcúiseanna leis an meath sna caighdeáin, luaigh an tUasal Harris titim shuntasach ar an am a tugadh do theagasc na Gaeilge le linn an ama sin.

“Tá creimeadh ag tarlú an t-am ar fad,” a dúirt an tOllamh Ó Duibhir.

“Ní dóigh liom go dtuigeann an pobal oideachais, gan trácht ar an bpobal i gcoitinne, é seo.”

Ceist Dála

Thug an tAire Foley freagra ar cheist Dála an mhí seo caite inar mhaígh sí go dtiocfadh “feabhas ar shealbhú” na Gaeilge mar thoradh ar an gcuraclam nua. Dúirt sí go bhféadfadh scoil “cinneadh a dhéanamh” am solúbtha a úsáid “chun freagairt do riachtanais/dhúshláin maidir le teagasc agus foghlaim sa Ghaeilge.”

“Cuireann sé olc orm,” a dúirt an tOllamh Ó Duibhir. “Braithim go bhfuil sé maslach a rá go bhfuil an t-am laghdaithe ach go dtiocfaidh feabhas ar chumas na ndaltaí. Conas is féidir glacadh leis sin?”

“Tá an fhianaise ar fad ann. Seo taighde atá déanta acu féin, atá coimisiúnaithe ag an CNCM iad féin nó [atá scríofa ag] na cigirí laistigh den Roinn [agus] curtha inár láthair arís agus arís eile ag léiriú na drochstaide. Conas is féidir le hAire Oideachais a leithéid de ráiteas a dhéanamh?”

“Is ‘Trumpachas’ é, mar a déarfá. Sin an fáth a ndeirim gur ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn atá siad.”

“Is dóigh liom gur cur i gcéill atá i gceist anseo nuair nach bhfuil daoine sásta a aithint go mbeidh tionchar aige seo ar shealbhú Gaeilge na scoláirí.”

“Tá siad ag rá go mbeidh níos lú ama á chaitheamh againn ag teagasc na Gaeilge ach go mbeidh na torthaí níos fearr.”

“Fad agus atá daoine atá i gceannas ar chóras á rá sin is gá a bheith buartha,” a dúirt sé.

Creideann an tOllamh Ó Duibhir go dtiocfaidh brú “de réir a chéile” chun fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge don mhúinteoireacht.

“Sin an treo a fheicim ina bhfuil cúrsaí ag dul,” a dúirt sé. “De réir a chéile tiocfaidh laghdú ar an gcumas atá á bhaint amach ag daltaí bunscoile. Beidh múinteoirí ag rá níos minice, mar atá ráite go soiléir acu i dtaighde an CNCM a raibh páirt agam féin ann, nach mbíonn caighdeán sách maith ag daltaí a thagann isteach ón mbunscoil.”

“Tiocfaidh éileamh ó mhúinteoirí na torthaí foghlama sna sonraíochtaí [siollabais] a ísliú agus de réir a chéile beidh ísliú le brath tríd an gcóras ar fad.”

“Mholfainn don Roinn aghaidh a thabhairt ar na hábhair bhuartha agus na cúiseanna imní atá léirithe arís agus arís eile ag an bpríomhchigire,” a dúirt sé.

“Beart de réir a mbriathair atá ag teastáil agus ní haon bheart fónta é, de réir a dtaighe féin, na huaireanta don Ghaeilge a laghdú arís eile.”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.