Spreagadh samhlaíochta i gcomhair ghéarchéim na héiceolaíochta

Is gá na struchtúir dhochta smaointeoireachta faoin am atá thart a chur i leataobh

Foclóir: Maireachtáil - living/livelihood; antraipeolaí - anthropologist; seandálaí - archaeologist; conspóid - controversy; údar - author; luachanna - values; fianaise - evidence; dídean - shelter/refuge; géarchéim - emergency.

Tá aghaidh á tabhairt againn ar cheisteanna práinneacha maidir leis an athrú aeráide agus le meath na bithéagsúlachta. Tá an tuiscint ag fás gur gá athrú móriomlán inár slite maireachtála agus inár saoldearcadh má táimid chun maireachtáil taobh istigh de theorainneacha an phláinéid. Gné amháin den tuiscint nua seo an tsúil siar mar threoir do dhul chun cinn.

D’aithin an tOllamh Michael Cronin é sin ina leabhar tábhachtach An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht in 2019 inar scríobh sé faoi thábhacht na Gaeilge mar bhunchloch d’aon pholasaí réadúil ‘agus cothrom na Féinne a thabhairt don chomhthéacs stairiúil agus síceolaíoch ina iomláine’. Chabhródh sé sin linn ár samhlaíocht a fhuascailt agus féidearthachtaí nua a aithint don todhchaí, dar le Cronin.

Anois seo chugainn leabhar nua a chuireann an léargas ceannann céanna chun cinn ach ar scála domhanda. Tá The Dawn of Everything: A New History of Humanity leis an antraipeolaí David Graeber agus an seandálaí David Wengrow ina údar mór conspóide mar go gceistíonn sé go láidir na slite inar thuigeamar stair an chine dhaonna go dtí seo.

READ MORE

Ach, cosúil le Cronin, ní ag féachaint siar amháin atá an bheirt údar ach ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéim éiceolaíoch an lae inniu.

Mar atá ráite sa leabhar: “[is gá] athmhúnlú a dhéanamh ar an tuiscint atá againn orainn féin i láthair na huaire agus an chaoi a mbeidh muid amach anseo ... [teastaíonn] saoirse chun cineálacha nua sochaí a chruthú, cineálacha sochaí atá nua agus éagsúil.”

Taispeánann Graeber agus Wengrow an fhianaise nua atá ag teacht chun cinn san antraipeolaíocht agus sa tseandálaíocht a léiríonn dúinn gur mhair ár sinsir anallód ar bhealaí i bhfad níos éagsúla agus níos suntasaí ná mar a ceapadh go dtí seo. Tá ceachtanna tábhachtacha le baint againn as an bhfianaise sin don ród atá romhainn amach anseo mar chine daonna.

Leagann na húdair béim ar cheisteanna nach bhfeictear go minic sa dioscúrsa faoi dhúshláin an athraithe aeráide, ceisteanna atá an-bhunúsach d’aon athrú sóisialta –ceist na cumhachta, na cothroime, na saoirse.

Tugann siad go leor samplaí a thaispeánann nach brúite faoi chois ag ceannairí brúidiúla a mhair ár sinsir gan mórán roghanna acu éalú as, mar a cheaptar de ghnáth, ach a mhalairt ar fad.

Léiríonn siad modh maireachtála agus taithí saoil i bhfad níos cothroime agus níos saoire ná mar atá ag formhór an chine dhaonna sa lá atá inniu ann.

Ní dhéanann Graeber agus Wengrow aon tagairt do stair na nGael ach baineann na ceisteanna a ardaíonn siad le saol na nGael fadó agus an léamh a dhéanaimidne ar an saol sin. An rud a thugamarna faoi deara ná go raibh go leor cosúlachtaí idir luachanna agus cleachtais ár sinsear agus a leithéid ag pobail eile a phléitear sa leabhar seo, gnéithe go mb’fhéidir go bhfuilimid féin beag beann orthu.

Ar an gcéad dul síos is léir go raibh an chumhacht pholaitiúil níos scaipthe i saol na nGael agus í teoranta ar bhealaí nár lig do chumhacht ríoga láraithe teacht chun cinn mar a bhí ag tarlú ar fud na hEorpa agus go fiú in Albain.

Mar a léiríonn Graeber agus Wengrow, bhí eolas in ann cumhacht na n-uaisle a theorannú agus, ar ndóigh, sampla iontach is ea cumhacht na bhfilí agus cleachtas na haoire i saol polaitiúil na nGael.

Gné eile den chumhacht a fheictear go forleathan ná an ceangal idir iompar cóir na ríthe agus bláthú na timpeallachta, mar is léir i ndeasghnátha an insealbhaithe agus sa mhiotaseolaíocht Ghaelach, agus dlúthcheangal idir ceapadh an rí agus ord na timpeallachta agus an chosmais.

Is fiú a chur san áireamh nuair a cháintear ár gceannairí polaitiúla sa lá atá inniu ann agus a bhfaillí i leith na timpeallachta, go mbíodh snaidhm dhaingean idir an dá rud i gcultúr ár sinsear. Mar an gcéanna le ceist na cothroime. Táthar ag glacadh leis go forleathan anois go bhfuil an éagothroime shóisialta fite fuaite i bhfadhb an athraithe aeráide; is iad lucht an rachmais is mó atá ciontach as méid ard ár n-astaíochtaí carbóin.

Ní mar sin a bhí sé sa saol Gaelach más aon chomhartha cleachtas na flaithiúlachta, an tearmann, cúirtéis agus dídean, a léirigh na slite inar mhair ár sinsir ar scáth a chéile. Tá seo tábhachtach ó thaobh an Fhéineachais de – an fháilte a chuirtí roimh an strainséir, an dualgas a bhí ar phobal cúram a thabhairt dóibh. Ba chomhluadar forleathan pobal na Gaeilge ach gach pobal ann neamhspleách.

Má táimid chun ár gcuid struchtúr sóisialta, ár gcultúr agus córais pholaitiúla a athshamhlú agus a athrú, is gá na struchtúir dhochta smaointeoireachta faoin am atá thart a chur i leataobh.

Caithimid eolas agus tuiscint ar éagsúlacht agus ar chruthaitheacht ár sinsear a chothú. Agus tá gá le teacht ar thuiscint níos cruinne agus níos cuimsithí ar an gcaoi ar múnlaíodh agus ar teorannaíodh sna haoiseanna atá thart ár bhféidearthachtaí agus ár gcumas chun dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn amach.