‘Céad Míle Fáilte’ roimh phobail nua na Gaeilge

Maoiniú de dhíth chun go leanfar le scéim ranganna Gaeilge do phobail nua na hÉireann

FOCLÓIR: Rannpháirteach - participating; blas - taste; sprioc - goal/objective; fachtas - campaign; feasacht - awareness; toisc - because; ilteangachas - multilingualism; cúnamh - assistance; aonchineálach - homogeneous; ró-éileamh - oversubscribed.

Bhailigh foghlaimeoirí Gaeilge le chéile ag ócáid i mBaile Átha Cliath le déanaí. Rud é seo nach dtarraingeodh mórán airde de ghnáth b’fhéidir ach séard a sheas amach faoin ngrúpa áirithe seo ná gur ó phobail nua na tíre a d’eascair na foghlaimeoirí a bhí i láthair. Faoi choimirce Chonradh na Gaeilge a bhí an ceiliúradh a raibh aíonna ó chúlraí éagsúla rannpháirteach ann.

Ina measc bhí daoine a bhaineann le pobail a labhraíonn Íogbóch, Úcráinis agus Araibis agus a d’fhreastal ar ‘Céad Míle Fáilte,’ sraith ranganna Gaeilge de chuid Conradh na Gaeilge.

Ghlac breis agus 50 duine páirt sna ranganna a reáchtáladh in áiteanna éagsúla ar fud na tíre le linn na bliana. Bhí baint ag Cumann Gaelach Leath Chathail, Ciorcal Comhrá Phort Láirge, LMETB, agus Comhairle Pobail Bhéal Átha hAmhnais leis an scéim. Tá deireadh tagtha leis an tsraith ba dhéanaí agus tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh breis maoinithe a ghnóthú ón rialtas ionas go leanfar leis an scéim arís i mbliana.

READ MORE

“An phríomhsprioc atá leis an scéim ná feasacht a chruthú faoin teanga do dhaoine a thagann go hÉirinn, agus blas den Ghaeilge a thabhairt dóibh,” a dúirt Orlaith Nic Gearailt atá ina bainisteoir ar fheachtais feasachta Chonradh na Gaeilge.

“Tá sé ana-thábhachtach toisc gur chuid lárnach í an teanga d’fhéiniúlacht na tíre, ach sa bhreis ar sin, feictear dúinn go bhfuil ana-chuid spéise léirithe [ag na pobail nua] sa teanga,” a dúirt sí.

Cuirtear deiseanna ar fáil d’inimircigh teangacha oifigiúla a fhoghlaim i roinnt mhaith tíortha san Eoraip ach mar a tharlaíonn go rómhinic i gcúrsaí teanga sa tír seo, nuair nach gcuirtear tacaíocht ar fáil go hoifigiúil, bíonn ar eagrais phobail agus teanga an bhearna sin a líonadh.

“Is tuismitheoirí iad ana-chuid de na daoine a mbíonn muid ag plé leo,” a dúirt Nic Gearailt. “Tá a bpáistí ag freastal ar scoileanna agus tá an-fhonn orthu na páistí sin a bheith páirteach sna ranganna Gaeilge agus go mbeadh eolas acu ar chultúr na tíre.”

“Bíonn ana-chuid de na grúpaí a mbíonn muid ag plé leo airdeallach ar an luach atá le leanúint lena gcultúr agus lena máthairtheangacha agus iad anseo in Éirinn. Feiceann siad an nasc idir an tábhacht atá lena gcultúr dúchais agus cultúr na hÉireann freisin,” a dúirt sí.

Cé go ndáiltear díolúine ar fhoghlaim na Gaeilge go díocasach in Éirinn, is minic tuiscint níos doimhne a bheith ag inimircigh ar luach an ilteangachais.

“Ceann de na rudaí is suntasaí a fheiceann muid ná go dtuigeann daoine a thagann ó thíortha ina bhfuil roinnt teangacha acu an tábhacht atá leis an ilteangachas agus go dtuigeann siad an fiúntas a bheadh leis an nGaeilge a fhoghlaim.

“Tuigeann siad gur féidir le páistí óga ach go háirithe teangacha breise a fhoghlaim. Agus, is minic nach dtugtar na háiseanna cuí dóibh, nó an tacaíocht chuí dóibh.”

Dúirt Nic Gearailt gur gá a thuiscint go mbíonn riachtanais fhoghlama éagsúla ag na pobail nua, agus go mbíonn cúnamh breise ag teastáil uathu le tús a chur leis an aistear teanga. Chuir Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil don scéim anuraidh agus reáchtáladh ranganna i ngach cúige sa tír. Chuir an Roinn Dlí agus Cirt roinnt airgid ar fáil an bhliain roimhe sin.

Cé go bhfuil stádas ag an Ghaeilge sa Bhunreacht agus in Acht na dTeangacha Oifigiúla, is beag is fiú sin gan tacaíocht níos díograisí a chur ar fáil. Agus tá go leor gur féidir a dhéanamh. Bíonn sé de dhualgas ar scoileanna sa Chatalóin clár speisialta foghlama a chur le chéile do phobail nua sa réigiún. Cuirtear ranganna fáiltithe ar fáil do dhaltaí a thagann isteach sa chóras scolaíochta agus reáchtáiltear ranganna ar leith sa Chatalóinis dóibh.

De réir urlabhraí leis an Roinn Dlí agus Cirt an tseachtain seo caite, ní thugtar eolas faoin nGaeilge agus a ról i sochaí na hÉireann d’iarratasóirí saoránachta agus níl sé beartaithe go mbeadh eolas ar an teanga mar chuid den phróiseas amach anseo ach an oiread. Is fiú an cheist a chur mar sin, an ar shochaí chomhshamhlaithe aonchineálach Bhéarlach amháin atá cur chuige an stáit dírithe? Leis an neamhaird a thugtar ar an Ghaeilge, tá baol mór ann go dtugtar le fios do na pobail nua nach fiú bacadh léi ná páistí a chur á foghlaim.

“Ceapaim nach bhfeiceann an Stát an tábhacht atá leis an nGaeilge agus gur sin a thaispeántar \[do na pobail nua\],” a dúirt Nic Gearailt. Tá Conradh na Gaeilge ag súil go gcuirfear maoiniú ar fáil chun gur féidir leanúint leis an togra seo arís i mbliana. Beidh gá le “maoiniú ceart” chun foireann a fhostú agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil.

“Ní féidir linn glacadh le grúpaí breise faoi láthair mar nach bhfuil an fhoireann againn le bheith ag plé leo. Tá ró-éileamh air is dócha,” a dúirt Nic Gearailt.

Ag cur fáilte roimh 3,500 duine ina saoránaigh nua Éireannacha ag searmanas i gCill Áirne anuraidh, dúirt an tAire Stáit Séamus de Brúin go n-osclaítear “doirse nua” le bronnadh na saoránachta. Ach go dtí go dtairgfear feasacht teanga dóibh siúd gur mian leo é, nach fíor é a rá go bhfuil doras amháin fágtha atá dúnta go docht ar shaoránaigh nua na tíre?

Feachtas #7gCúis7Lá Ghael Linn

Tá feachtas ‘#7gCúis7Lá ´á reáchtáil ag Gael Linn faoi láthair ina moltar “go láidir” nach rachfar ar aghaidh leis an gcinneadh a fógraíodh i mí an Mhárta anuraidh, Páipéar 1 i scrúdú Gaeilge na hardteistiméireachta a reáchtáil ag deireadh an chúigiú bliain. Cháin Aontas na nDaltaí Iar-bhunscoile in Éirinn an beartas an tseachtain seo caite agus dúirt uachtarán Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) Liz Farrell gur cur chuige neamhfhónta é ó thaobh an oideachais de, agus go gcuirfeadh sé leis an mbrú atá ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí. Is léir anois go bhfuil eagrais dhaltaí, eagrais Ghaeilge agus ceardchumainn múinteoirí ar aon ghuth faoin gcinneadh áirithe seo.

Laoch mór ar lár

Maidin Dé Sathairn a tháinig an scéal go raibh an tAth Micheál Mac Gréil ar lár. Méala mór a bhás dá mhuintir, do shlua na Gaeilge, do na hÍosánaigh agus do mhuintir na tíre. Fear lách é ar leag a shaothar ceannródaíoch dúshraith láidir faoin tuiscint atá againn ar shochaí na tíre seo agus orthu sin atá ina gcónaí inti. Bhí dáimh ar leith aige le Maigh Eo agus is ann a chaith sé a chuid laethanta deiridh. Fágfaidh a imeacht folús ina dhiaidh ach tá oidhreacht shaibhir fágtha aige agus mairfidh a chuimhne i measc na ndaoine. Suaimhneas síoraí go raibh aige.

Coimisinéir Teanga

Tháinig an nuacht aniar aduaidh ar go leor daoine an tseachtain seo caite nuair a fógraíodh gur ceapadh An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill mar Choimisinéir Forbartha na Meán.

Chaith Ó Domhnaill beagnach naoi mbliana ina choimisinéir teanga agus rinne seisean, agus a fhoireann, obair na gcapall chun cearta teanga a chur chun cinn. Is dócha gur obair gan bhuíochas a bhí ann go minic, ach mar sin féin, obair thábhachtach a bhí i gceist i gcónaí agus i bhfeabhas a chuaigh cúrsaí dá bharr. Tréaslaíonn Tuarascáil leis an Uasal Ó Domhnaill agus guíonn muid gach rath air sa phost nua.

Pan-Cheilteachas Cheatharlach

Reáchtálfar Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach 2023 in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach, oíche Dé Sathairn, ag 8.00in. Cead isteach €12 agus beidh ticéid ar fáil ag an doras.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.