Múnla nua Údarás na Gaeltachta

Laghdaíodh líon an bhoird go beirt comhalta déag le linn na géarchéim eacnamaíochta

FOCLÓIR: Socrú - arrangement; méadaíodh - increased; leasuithe - reforms; toghcháin - elections; caighdeán - language; suíochán - seat; freagracht - responsibility; cinneadh - decision; neamhtofa - unelected.

Cuireadh fáilte roimh an scéal go bhfuil athrú le déanamh ar an mbealach a roghnaítear baill bhord Údarás na Gaeltachta faoi mhúnla nua a fógraíodh an tseachtain seo caite.

D’fhógair an Rialtas go dtiocfaidh ardú ar líon chomhaltaí bhord an údaráis arís agus go dtoghfar a bhformhór faoi leagan amach nua a chuirfear i bhfeidhm ó thús 2025 ar aghaidh.

Tá sé breis agus fiche bliain ón uair dheireanach a méadaíodh an líon comhaltaí. Fógraíodh an t-ardú sin nuair a ardaíodh líon na gcomhaltaí ó 13 go 20 in 1999.

READ MORE

Thoghtaí seacht gcomhalta dhéag agus d’ainmníodh an tAire an triúr comhaltaí eile faoin gcur chuige a bhí ann ag an am. Ba í an Roinn i gcomhar leis na húdaráis áitiúla a d’eagraíodh na toghcháin.

Ach laghdaíodh líon an bhoird go dháréag comhaltaí le linn na géarchéime eacnamaíochta de réir fhorálacha Acht na Gaeltachta in 2012.

Léiriú lom a bhí sa chaoi ar caitheadh le hÚdarás na Gaeltachta ar laige agus ar leochaileacht na teanga sa státchóras ag an am.

Gearradh buiséid agus fuarthas réidh leis na toghcháin, rud a chuir alltacht ar go leor daoine. Shiúil Teachtaí Dála an Fhreasúra amach as an Dáil mar agóid ag an am, agus bhí sé ina sprioc ó shin ag eagrais Ghaeltachta go mbainfí úsáid in athuair as toghcháin chun baill an bhoird a roghnú.

Faoin socrú nua a d’fhógair an tAire Stáit Jack Chambers an tseachtain seo caite, beidh suíochán ag 16 chomhalta seachas an dáréag atá ann faoi láthair. Toghfar deichniúr agus roghnófar an seisear eile i gcomórtas poiblí. Fearacht ceantair Ghaeltachta eile, beidh ionadaíocht anois ag comhaltaí thar ceann na dtrí Ghaeltacht is lú – rud a chuirfidh áthas ar mhuintir Ghaeltacht Mhúscraí, Ghaeltacht na Mí agus Ghaeltacht na nDéise.

Cé gur léir go bhfuil dul chun cinn déanta, bhí díomá ar dhaoine nár tugadh ionadaíocht ar leith freisin d’oileáin Ghaeltachta sa leagan amach nua. Táthar ag súil go ndéanfar athmhachnamh air sin idir seo agus 2025.

Beidh ar gach iarrthóir caighdeán teanga B2 a bheith bainte amach acu sa Ghaeilge sa Chomhchreat Tagartha Eorpach um Theangacha, rud a thagann go maith le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Chomh maith leis sin, beidh ar iarrthóirí toghcháin a bheith ina gcónaí i gceantar Gaeltachta sa chontae Gaeltachta a mbeidh siad ag iarraidh a bheith tofa thar a cheann.

Déanfar scrúdú freisin ar bhealaí chun cothromaíocht inscne a bhaint amach sa phróiseas nua. Tá sé i gceist go gcuirfear bunús dlí faoi na hathruithe seo i bfhoirm reachtaíochta sár i bhfad agus go dtiocfaidh siad i bhfeidhm ó thús 2025 ar aghaidh.

Ábhar dóchais

Dúirt Róisin Ní Chinnéide, bainisteoir abhcóideachta Chonradh na Gaeilge gur “ábhar dóchais” é an cur chuige nua, rud a rachaidh “chun leasa phobal na Gaeltachta”.

Cé go bhfuil freagracht mhór ar Údarás na Gaeltachta maidir le forbairt eacnamaíoch na Gaeltachta a chur chun cinn, agus tá an-tábhacht ag baint leis sin, tá cúram ar leith ar an eagras forbairt shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta a chur chun cinn freisin.

Níl Gaeilge á labhairt go laethúil ach ag 2,889 teaghlach sa Ghaeltacht, de réir an taighde is déanaí. Is ionann é sin agus díreach 23 faoin gcéad den 12,586 teaghlach ar an iomlán a bhfuil cónaí orthu i limistéar oifigiúil Gaeltachta.

Tá sé de fhreagracht ar an Údarás próiseas pleanála teanga a riar i gcomhar le heagrais phobail agus páirtithe leasmhara eile chun tabhairt faoi seo. Ní beag an dúshlán é an báire a chasadh sa Ghaeltacht ach, fós féin, ní báire buailte é, is féidir é a dhéanamh.

Cé gur chuir urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúr Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, fáilte roimh fhógra an rialtais, léirigh sé imní faoin gcóras atá molta ag an Aire Martin agus an Aire Stáit Chambers.

“Tar éis na mblianta den mhoilleadóireacht ó glacadh an cinneadh scannalach ar an gcéad dul síos fáil réidh leis na toghcháin don Údarás, tá an rialtas faoi dheireadh tar éis cloí leis an méid a gheall Mícheál Martin in 2020,” a dúirt Ó Snodaigh, atá ina Chathaoirleach ar Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

“É sin ráite, tá imní orainn faoin struchtúr nua atá curtha chun cinn ag an rialtas,” a dúirt sé.

Cháin sé an cinneadh go roghnófaí seisear as an 16 comhalta “gan toghchán” agus dúirt sé gur cheart go mbeadh gach comhalta de bhord an údaráis tofa.

Dúirt sé nach nglacfaí leis ar chomhairle contae nó cathrach go gcuirfí “roghnúcháin neamhthofa ar comhchéim le hionadaithe an phobail”.

“Séard a bhí i gceist leis an Údarás ag Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta ná go mbeadh guth láidir ag an phobal san fhorbairt áitiúil, ní ag feidhmeannaigh roghnaithe ag an státseirbhís,” a dúirt sé.

“Níor tugadh aon mhíniú i bhfógra na nAirí don mholadh frithdhaonlathach seo ach an oiread,” a dúirt sé.

Cheistigh sé freisin an mhoill atá leis na hathruithe. “Cén fáth 2025?,” a d’iarr sé.

“Tá pobal na Gaeltachta ag fanacht anois ó 2012.”

“Ba chóir go mbeadh na toghcháin ag tarlú ag an am céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha in 2024, agus gach cúig bliana leis na toghcháin sin as sin amach.”

Tithíocht

Tá ceisteanna práinneacha sa Ghaeltacht freisin maidir le cúrsaí tithíochta. Tá a fhios ag an saol go bhfuil éigeandáil náisiúnta tithíochta ann ach ní heol do chách an baol sa bhreis atá aige don Ghaeltacht. Ní acmhainn do dhaoine óga tithe a cheannach agus is annamh a thugtar cead dóibh tithe a thógáil ar a suíomh féin.

Tá géarghá le fada le polasaí tithíochta ar leith chun stop a chur le bánú na ndúichí Gaeltachta agus le forbairtí mífheiliúnacha, nó ní fada nach mbeidh Gaeltacht ar bith fágtha.

Chuige seo, dúirt Ní Chinnéide gur cheart go ndéanfaí machnamh faoi fheidhmeanna an Údaráis agus go smaoineofaí ar chumhachtaí breise a dháileadh ar an Údarás.

“Luífeadh sé le ciall go mbeadh cumhachtaí a bhaineann leis an bpleanáil tithíochta ag an eagraíocht - mar shampla, ardaíodh an cheist seo i nGaeltacht na nDéise, áit a bhfuil iarracht ar bun tithe sóisialta a sholáthar ar thalamh ar leis an Údarás é, ach nach bhfuil sé de chead ag an Údarás scaoileadh leis an talamh céanna ar mhaithe le títhíocht de dheasca easpa cumhachtaí,” a dúirt sí.

Athrú meoin

Agus é faoi agallamh anseo níos luaithe i mbliana, dúirt an gníomhaí pobail, Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil athrú meoin de dhíth ar an Údarás.

“Le fada an lá tá meon san eagraíocht gurb é príomhchúram an Údaráis fostaíocht a chruthú nuair nach ea, agus gurb é an phríomhshlat tomhais ar obair an Údaráis, líon na bpostanna nua a chruthaítear sna cliantchomhlachtaí,” a dúirt sé.

“Caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh’ atá in ainm is a bheith mar phríomhchúram an Údaráis de réir na reachtaíochta,” a dúirt sé.

Leis na staitisticí mar atá, tá sé riachtanach go ndíreofaí isteach ar an gcuspóir sin a bhaint amach agus go gcuirfí níos mó béime, mar a mhol Ó hÉallaithe, ar phobail a fhorbairt chun labhairt na Gaeilge mar phríomhtheanga phobail a chothú agus a neartú.

Tá go leor ag an Údarás le dul i ngleic leis sna blianta beaga atá romhainn agus cé gur cuireadh fáilte roimh an gcur chuige a fógraíodh an tseachtain seo caite, tá an t-am ag éalú. Ní tráth faillí é.

* Guíonn Tuarascáil Nollaig shona agus Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise dár léitheoirí uilig. Fillfear ar 2 Eanáir.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.