An Ghaeilge sa tSraith Shóisearach: ‘ag déanamh dochair don teanga’

Ceisteanna curtha faoin tsonraíocht nua don tSraith Shóisearach

Foclóir: Buairt – worry; sonraíocht – specification; measúnú – assessment; straoiseog - emoji; sonrach – specific; barraíocht - excess; athbhreithniú - review; rótheibí - too abstract; éiginnteacht - uncertainty; frustrachas - frustration.

Tá buairt agus míshástacht ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí na Gaeilge faoin tsonraíocht nua don tSraith Shóisearach.

Tháinig daltaí amach as an scrúdú i mbliana agus mearbhall orthu faoi roinnt de na ceisteanna, faoi struchtúr an pháipéir agus caighdeán míréalaíoch na Gaeilge a bhí de dhíth ar iarrthóirí.

Bhí míshástacht i scoileanna ar fud na tíre leis na páipéir ag an dá leibhéal agus bhí roinnt daltaí go mór trína chéile dá bharr.

READ MORE

Ní raibh treoir shoiléir tugtha do mhúinteoirí roimh ré maidir le cad a bheadh ar an bpáipéar, ar an leagan amach a bheadh ann, an méid ceisteanna nó ar stíl na gceisteanna sin.

Ní raibh ach páipéar samplach amháin curtha ar fáil thar thréimhse cúig bliana agus chruthaigh an páipéar sin raic i 2019 mar bhí sé go hiomlán mí-oiriúnach ó thaobh caighdeáin, ábhair, foclaíochta agus struchtúir.

Easnamhach

An fhadhb is mó atá taobh thiar den éiginnteacht seo, ná an tsonraíocht féin. Níl aon rud ann mar threoir ach torthaí foghlama gan sonrú, níl ábhar, téama nó topaic ar bith luaite!

Níl seánraí scríbhneoireachta ainmnithe agus ní thugtar le fios do mhúinteoirí nó do na scoláirí cad atá le baint amach acu.

Tá líon na dtorthaí foghlama iomarcach agus tá siad róchasta, rótheibí agus róleathan. Níos tábhachtaí fós, ní leor na torthaí foghlama leo féin.

D’fhéadfadh múinteoir aon topaic a dhéanamh chun na torthaí foghlama a bhaint amach ach ní gá dóibh topaic ar bith a chlúdú leis na daltaí, mar nach bhfuil aon rud ainmnithe go sonrach sa tsonraíocht taobh amuigh den litríocht aimnithe. Conas is féidir leis an measúnú a bheith chomh sonrach sin mar sin, ag lorg eolais sainiúil faoi ábhair ar leith.

Mar shampla, níl rud ar bith sa tsonraíocht a deir linn gur cheart staidéar a dhéanamh ar an timpeallacht agus ar athrú aeráide, ach bhí daltaí ceaptha is a bheith in ann giota a scríobh sa scrúdú bunaithe ar agóid a bhain le hathrú aeráide.

Níl aon rud a thugann le fios gur cheart do dhaltaí staidéar a dhéanamh ar théarmaíocht na meán sóisialta ach an oiread, ach bhí orthu aiste ghairid a scríobh ar straoiseog (emoji) a úsáideann siad go minic. Bheadh deacracht ag daoine fásta le ceist mar sin, in aon teanga.

Strus agus imní

I ndairíre d’fhéadfaidís ceist a chur ar an bpáipéar ar aon topaic faoin spéir. Bíonn múinteoirí agus daltaí faoi bhrú agus iad ag tabhairt buile faoi thuairim faoin sórt topaice a bheidh ar an bpáipéar agus is minic go mbíonn siad buartha nach dtuigfidh siad na ceisteanna ar chor ar bith.

Ní chruthaíonn an t-amhras seo ach strus agus imní, ag am ina bhfuilimid in ainm is a bheith ag díriú ar fholláine na ndaltaí.

Ó thaobh caighdeáin de, tá bearna mór idir caighdeán na Gaeilge atá ag daltaí den aois seo i scoileanna T2 (scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla) ar fud na tíre, agus an caighdeán a bheadh de dhíth orthu chun na ceisteanna atá luaite thuas a fhreagairt.

Tá an caighdeán sa rang níos laige ná riamh, dar le múinteoirí Gaeilge, mar gheall ar na deacrachtaí sa tír le Covid 19 le dhá bhliain anuas.

Níl caighdeán na gceisteanna ar an bpáipéar ag teacht leis sin áfach.

Tá an rud céanna fíor don Ghnáthleibhéal gan amhras ar bith, bíonn na daltaí seo ag streachailt leis an nGaeilge amach is amach. Níl Bonnleibhéal ann a thuilleadh agus tá ar dhaltaí a bheadh ar an leibhéal seo aghaidh a thabhairt ar an nGnáthleibhéal anois ina áit.

Iarradh ar na daltaí seo ríomhphost a scríobh chuig Greta Thunberg, ag déanamh cur síos ar na hiarrachtaí atá á dhéanamh fadhb an bhruscair a réiteach ina gceantar féin. Bheadh deacrachtaí ag lucht na hArdteiste leis an gceist chéanna, níl sé oiriúnach don leibhéal seo in aon scoil.

Bhí fadhbanna eile ag an dá leibhéal le foclaíocht agus leagan amach na gceisteanna - níor thuig roinnt mhaith daltaí cad a bhí orthu a dhéanamh in áiteanna agus d’fhágadar freagraí iomlána glan.

Ní chruthaíonn an brú agus éiginnteacht seo faic ach fuath don teanga agus imní faoin ábhar sna daltaí ag dul isteach sa chúigiú bliain.

Thuig na múinteoirí nach mbeadh difríocht idir na torthaí ar na scrúduithe i mbliana agus na torthaí a bhí ann roimhe seo - tá ‘bell curve’ ag Comisiúin na Scrúdaithe Stáit agus athraíodh an scéim mharcála go dtí go raibh na torthaí ‘sásúil’.

Fadhb eile leis an tsonraíocht, dar le múinteoirí agus daltaí, ná go bhfuil an iomarca litríochta le staidéar ag daltaí den aois agus den chumas seo.

Níl an cumas ag a bhformhór léamh neamhspleách a dhéanamh ar théacsanna sa bhaile, bíonn siad ag brath ar mhúinteoirí gach focal a léamh leo ar scoil, rud a thógann an iomarca ama sa rang, ach go háirithe nuair atá úrscéal agus dráma le léamh acu, chomh maith le gearrscéalta, dánta agus amhráin.

Is léir ón na páipéir 2019 agus 2022 go bhfuil anailís chriticiúil le déanamh ag daltaí ar na téacsanna agus níl an cumas sin acu, gan barraíocht ama a chaitheamh air sa rang.

An rud deireanach agus an fhadhb is mó a fheiceann tromlach na múinteoirí Gaeilge leis an measúnú ar an tSraith Shóisearach i ndáiríre, ná nach ndéanann Coimisiún an Scrúduithe Stáit measúnú ar bith ar an labhairt.

Tháinig fás agus borradh faoin gcaint nuair a ardaíodh luach an Scrúdú Béil sa Teastas Sóisearach go 40 faoin gcéad. Ach, tháinig deireadh leis an mborradh seo leis an tsonraíocht nua.

Anois tá an Scrúdú Béil imithe, agus níl scileanna cainte á mheas mar chuid den ghrád deireanach.

Tá sé fíor go ndéanann gach dalta MRB2, an tasc cumarsáideach a chuirtear i láthair ‘beo’ os comhair an ranga, ach ní leor é sin.

Ní ionann cur i láthair ranga agus scrúdú béil ceart foirmeálta a dhéanamh in aon chor.

Tugann sé le fios do dhaltaí agus tuismitheoirí nach bhfuil an scil seo tábhachtach go leor measúnú a dhéanamh air.

Tá éadóchas soiléir le brath i measc múinteoirí maidir le staid na Gaeilge sa tSraith Shóisearach agus géarchéim ann cheana féin maidir le heaspa múinteoirí Gaeilge.

Muinín caillte

Má tá misneach agus muinín caillte ag na múinteoirí, agus an méid sin frustrachais orthu faoi na fadhbanna atá léirithe thuas, cén seans atá ag na daltaí?

Tá éagóir á dhéanamh ar na daltaí ag an leibhéal seo, níl sé cóir agus beidh tionchar diúltach fadtéarmach aige ar an teanga.

Tá líon na ndaltaí atá ag iarraidh tabhairt faoin Ardleibhéal ag titim go tapa, mar gheall ar an mbrú a chuireann an caighdeán míreálaíoch sa scrúdú deiridh orthu.

Ní fadhb gan réiteach é áfach.

Tá athbhreithniú ar an tSraith Shóisearach údaraithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) atá curtha i gcrích ag Sealbhú in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus tá múinteoirí, daltaí agus eagraíochtaí Gaeilge ag fanacht le suim ar fhoilsiú na tuairisce sin.

Má dhéanann CSS (Coimisiún na Scrúduithe Stáit) agus CNCM, faoi threoir an Aire Oideachais beart de réir na moltaí a bheidh sa tuairisc, beidh todhchaí na Gaeilge ag an leibhéal seo i bhfad níos gile.

* Is múinteoir Gaeilge í Eimear Kilrane i scoil T2 i gCo na Mí

Tuairimí eile:

Dar le Seaghan Mac Cormaic, múinteoir Gaeilge i bPobalscoil Naomh Chillian, i mBré, Co. Chill Mhántáin, “Go dtí seo, tá an chluas bhodhar tugtha d’ár mbuairt agus imní mar mhúinteoirí. Mothaíonn múinteoirí go láidir go bhfuil damáiste gan chuimse á dhéanamh do shláinte theanga na Gaeilge.”

“Ní mór a chur san áireamh gur daltaí T2 atá i gceist anseo, agus go bhfuil sé de thábhacht go dtuigfidh an spriocghrúpa daltaí an tasc atá le comhlíonadh acu. Amach anseo beidh faitíos ar go leor de ghnáthscoileanna T2 do staid na Gaeilge agus an mbeidh sé ar chumas go leor de na daltaí tabhairt faoi phaipéar T2 Ardleibhéal má bhíonn an caighdeán chomh dúshlánach seo,” a dúirt Shane Ó Coinn, ionadaí ón nGréasán do Mhúinteoirí Gaeilge.

Dar le Maighréad Ní Iarlaithe, múinteoir i Scoil Mhuire Gan Smál, An Bhlárna, Co. Chorcaí, “Mar gheall ar an mbéim iomarcach ar an litríocht ainmnithe, tá easpa ama cleachtadh a dhéanam ar labhairt na teanga. Fágann sé sin nach mbíonn féinmhuinín ar bith ag na daltaí sa scil sin.”

Dar le Regina Ní Néill, Múinteoir i gColáiste Chill Chainnigh “Go dtí gur tháinig an tSonraíocht seo isteach thug ár ndaltaí faoin Scrúdú Béil Roghnach, ar luach 40 faoin gcéad den mharc deiridh. Thug an bhéim seo suim agus féin-mhuinín dóibh sa chaint. Ach anois tá sé imithe, agus anois níl a scileanna cainte á mheas mar chuid den ghrád deireanach ar chor ar bith.”

Gráinne Ní Ailín, Oifigeach Gaeilge le hAontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann, faoin fhadhb leis an Measúnú Rangbhunaithe: “Is tasc rémhchumtha é agus ní thugann sé an cumas nó an muinín ag daltaí a bheith páirteach i gcomhrá simplí trí mheán na Gaeilge.”