Dhá Leagan Déag: ó shean nós go nua nós

Leabhar nua foilsithe ar chuid d’oidhreacht shaibhir na béal-litríochta

Foclóir: Tobar – well; cumann – love/friendship; foghraíocht – phonetics; béim - emphasis; gnás – form/custom; aiste - essay; tiomnú – dedicate; íogair – sensitive; fíréin - the faithful; cóimheá - balance.

Más fíor gur geall le tobar dúchais í an teanga, caithfidh sé gur ón traidisiún béil a eascraíonn cuid mhaith d’uisce an tobair sin.

Seachadadh an traidisiún béil agus d’fhorbair sé ó ghlúin go glúin i bhfoirm na scéalaíochta, na filíochta agus na hamhránaíochta. D’fhéadfaí a rá gur ón tobar céanna sin a thagann cuid mhaith de stór focal, d’fhoghraíocht agus de ghnásanna cainte an lae inniu.

Is cuid d’oidhreacht shaibhir na béal-litríochta sin atá faoi chaibidil i mbailiúchán aistí nuafhoilsithe dar teideal Dhá Leagan Déag: Léargas Nua ar an Sean-Nós. As comhdháil a reáchtáladh in Ollscoil na Gaillimhe in 2015 a d’eascair an leabhar agus ‘sé an tOllamh Lillis Ó Laoire a chuir in eagar.

READ MORE

Tá teideal an leabhair bunaithe ar an seanfhocal, “Bíonn dhá insint ar scéal agus dhá leagan déag ar amhrán”. Mhínigh an tOllamh Ó Laoire an chúis gur roghnaíodh an seanfhocal áirithe sin mar theideal.

“Bhí mé ag iarraidh díriú ar an éagsúlacht atá san amhránaíocht - ar na leaganacha, na téacsanna agus ar na tuairimí éagsúla,” a dúirt sé.

Baineann amhráin an tsean-nóis le gach gné den saol ach bíonn aird ar leith iontu ar an ngrá.

“Tá amhráin an-mhaith a bhaineann le stair agus a bhaineann le polaitíocht agus mar sin de,” a dúirt Ó Laoire.

“Ach an rud is mó a raibh suim ag daoine ann, ná amhráin ghrá,” a dúirt sé.

“Agus is mar chaitheamh aimsire agus mar theagasc a bhí na hamhráin ghrá sin ann.”

“Cé gur amhráin iad a insíonn [uaireanta] faoi droch chumainn, cuireadh béim ar na rialacha a bhain le cúrsaí grá agus ar na botúin nár cheart a dhéanamh.”

Luann Ó Laoire Dómhall Óg (sean amhrán a thiomsaigh Pádraic Mac Piarais) agus Thiar i gConnachta, mar shamplaí d’amhráin a thugann léargas maith don lucht éisteachta ar théamaí an ghrá agus briseadh croí.

“Má bhí siad chun a bheith mór le duine éigin eile [chaithfidís] a bheith an-chúramach mar go mbíodh lucht na cúlchainte i gcónaí ag iarraidh daoine a bhriseadh suas.

“Bhíodh ceist an chleamhnais ann agus go leor rudaí eile mar sin a bhí ag cur isteach ar chúrsaí grá.

“Tá na rialacha sin leagtha amach go paiseanta sna hamhráin ghrá,” a dúirt sé.

Tarraingt

Tá ról lárnach ag an Oireachtas i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta agus tá roinnt mhaith plé sa leabhar ar thábhacht an chomórtais do ghnás an tsean-nóis.

“Má bhuann duine comórtas Oireachtais beidh gradam ag a cheantar dúchais dá bharr sin,” a dúirt Ó Laoire.

Cuirfidh sé an ceantar sin faoin spotsholas agus beidh daoine an-mhórálach as an méid sin.”

Sa leabhar déanann Ó Laoire plé ar Bhrighid na nAmhrán, scéal Phádraig Mhic Phiarais, a thugann léargas ar thábhacht na gcomórtas. Creideann Ó Laoire gur bhain an Piarsach úsáid as a thaithí féin mar mholtóir ina chuid scríbhneoireacht.

“Tá sé le tabhairt faoi deara go láidir [sa scéal] go bhfuil muintir Ros na gCaorach mar a thugtar air – tuigeann muid ar fad gur Ros Muc atá i gceist – an-bhródúil as Brighid, mar gheall ar an scil atá aici san amhránaíocht.

“Agus bíonn siad an-mhíshásta nuair nach n-éiríonn léi an duais a fháil ag an bhfeis!”

“Tugann an Piarsach an-léiriú ar an meon sin. Bíonn locht á fáil ag daoine ar scéalta an Phiarsaigh ar an mbonn nach bhfuil siad réadúil. Agus b’fhéidir nach bhfuil an bás a fhaigheann Brighid na nAmhráin ar an ardán ag deireadh an scéil ró-réadúil, ach tá go leor eilimintí eile sa scéal atá fíor réadúil,” a dúirt sé.

“Léiríonn an scéal taithí an Phiarsaigh féin mar mholtóir, dar liom, mar tá cúpla píosa scríofa sa scéal agus d’fhéadfá a rá gur tuairiscí mholtóra atá iontu agus múnla beag curtha orthu ar mhaithe le ficsean a dhéanamh díofa.”

Thiomnaigh Ó Laoire an bailiúchán aistí do Liam Mac Con Iomaire, nach maireann, duine de “laochra móra na n-amhrán”.

“Bhí tionchar mór aige orm féin,” a dúirt sé. Mar a scríobh Ó Laoire faoi sa leabhar: “Sa bheatha a chaith seisean, bhí na hamhráin agus a ngabháil i gcomhluadar gnaíúil i gcroílár a shaoil.

“Thug sé cead isteach d’aon duine ar mhaith leo a bheith rannpháirteach sa saol diamhair, míorúilteach a bhaineann le comhluadar geanúil ina mbíonn amhráin á rá le croí agus le paisean.”

Is léir ó líon na ndaoine óga a ghlacann páirt i bhfleánna, i bhfeiseanna, agus san Oireachtas go bhfuil meas i gcónaí ag an óige ar an saol diamhair sin.

Luann Ó Laoire Ciarán Ó Con Cheanainn, a bhásaigh go h-óg roinnt blianta ó shin. Luann sé amhránaithe eile ón Ghaeltacht freisin ar nós Síle Denvir agus Odí Ní Chéilleachair ach, dar ndóigh, ní ón Ghaeltacht amháin a eascraíonn plúr reatha d’amhránaithe na céirde.

“Tá leithéidí Mhairéad Ní Oistín ann a tógadh i nDeilginis i mBaile Átha Cliath agus a shealbhaigh an sean-nós ar chaighdeán Chorn Uí Riada.

“Bhuaigh Éamon Ó Donnchadha Corn Uí Riada trí huaire. Is mór an méid é sin ag duine a d’fhoghlaim Gaeilge agus a rinne a chuid féin di agus atá in ann amhrán a rá ar an gcaighdeán sin,” a dúirt Ó Laoire.

“Is rud idirnáisiúnta an sean-nós anois. Tá daoine ann atá tar éis é a fhoghlaim agus tá duine acu sa leabhar, Virginia Stevens Blankenhorn, a d’fhoghlaim an sean-nós ar chaighdeán an-ard.

“Is cineál míorúilt cultúrtha atá ansin go bhfuil an cultúr in ann é féin a athshamhlú agus daoine a mhealladh ina threo nach raibh de ghnáth ag plé leis ar chor ar bith.”

Téamaí

Ar nós na comhdhála a reáchtáladh in 2015, plé cuimsitheach ar mhúnla an tsean-nóis atá sa leabhar seo: ó chothú na féiniúlachta pobail go tionchar an réigiúnachais ar na comórtais amhránaíochta.

Ní ar na fíréin amháin atá na haistí dírithe. Tá cóimheá mhaith idir na haistí atá dírithe ar phobal an tsean-nóis agus ar an bpobal i gcoiteann.

“Is leabhar mór é. Tá 15 aiste ann agus tá cuid acu níos éadroime ná a chéile,” a dúirt Ó Laoire.

“Tá aistí breátha tuairimíochta ann atá bunaithe ar thaithí agus ar eispéireas. Tá na haistí sin ana-thábhachtach mar is duáin iad a mheallas isteach daoine agus b’fhéidir go spreagfar iad leis na haistí acadúla scolártha a léamh,” a dúirt sé.

Tá aiste sa leabhar freisin le Tiber Falzett i nGaeilge na hAlban agus tá ceann le Seamas Watson faoi thraidisiúin Òrain an Albainn Nuaidh.

Tá aiste ag Síle Denvir faoi cheist na barántúlachta, ceist a deir Ó Laoire atá “thar a bheith cigilteach” agus “thar a bheith íogair” agus tá aiste ag Éadaoin Ní Mhuircheartaigh ina bpléann sí na contrárthachtaí agus coimhlintí a tharla ag na feiseanna luatha.

Seoladh

Ní trí thimpiste a roghnaigh Ó Laoire Oireachtas na Samhna mar ócáid chun a leabhar a sheoladh.

“Dá mbeithfá ag Club na Féile nó ag Club Chasadh an tSúgáin ag an Oireachtas nuair a seoladh an leabhar thuigfeá b’fhéidir an saibhreas a bhain leis na hamhráin.

“Bhí cuid de na hamhránaithe ab fhearr sa sean-nós sa seomra agus dúradar uilig amhrán, ceann i ndiaidh a chéile.

“Ba mhór an phléisiúr é bheith ag éisteacht leis an cur i láthair a rinne siad ar na hámhráin,” a dúirt sé.

Tugann an leabhar seo deis don léitheoir súil isteach a fháil ar an gcomhluadar geanúil sin, mar a thugann Ó Laoire air, agus tuiscint chuimsitheach a fháil ar fhorbairt mhúnla na hamhránaíochta ar an sean-nós.

* Tá Dhá Leagan Déag: Léargas Nua ar an Sean-Nós (curtha in eagar ag Lillis Ó Laoire, Philip Fogarty agus Tiber Falzett) foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Costas: €20. Breis eolais: cic.ie


Féiríní na Nollag

An bhfuil gnó agat a fheidhmíonn agus a dhíolann earraí/seirbhísí trí Ghaeilge? Má tá, agus más mian leat go luafaí é in Tuarascáil, seol eolas le grianghraf más féidir chuig tuarascail@irishtimes.com roimh an 24 Samhain. Luaigh ‘Féiríní na Nollag’ leis an ríomhphoist.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.