An Reicneáil

Ní dhoirtfear fuil mar gheall ar seo

Tá an chuma air go bhfuil deireadh ag teacht le deich mbliana na gcomórthaí, cé gur beag an comóradh atá déanta ar chogadh na gcarad go fóill. Agus ní dhéanfar. Is í an cheist a bhíogann aníos ná an amhlaidh go bhfuil eagla ann go ndúiseofar seanfhaltanais na mblianta is go bhfeicfear na difríochtaí a bhíodh idir Fianna Fáil agus Fine Gael tráth dá raibh, nó gur róbhaol go léireofar go raibh an stát neamhspleách bunaithe ar fhoréigean agus ar dhúnmharú agus ar phríosúnaigh a lámhach agus ar gach uafás eile nach leomhfar a admháil.

Féach, mea culpa, mo bhrón, mo thubaist, mo threighid, mo chaí, mo léan géar leis an méid sin féin, tá an cú allta scaoilte den éill agam, an eilifint curtha ag méiligh sa seomra, an púca ligthe amach as an bpluais. Gobghlas ar do bhéal! Ná luaitear an cogadh! Ach nuair a bheidh na créatúir sin curtha ar ais go slán sábháilte ina mboscaí arís cromfar ag díriú ar mheastóireacht a dhéanamh ar cad tá bainte amach againn mar stát, ar an gclár comhardaithe a mheá.

Ní dhoirtfear fuil mar gheall ar seo, ach doirtfear allas agus déanfar cillíní inchinne a scrábadh sa chás is gurb ann dóibh. Is í an bhuntuiscint a nochtfar ná go bhfuil ag éirí a bheag nó a mhór tríd is tríd linn mar stát, go háirithe ó chuir Lemass deireadh leis na cailíní ag rince ar an gcrosbhóthar, fág nach ndúirt sé cad a tharla dóibh ar an tslí abhaile.

Le linn Dev bhí an doircheacht ann, tháinig Le Meas agus lasadh na soilse! Ina dhiaidh tháinig Jeaic macánta, mar dhea, agus Cathal an Tí Mhóir, agus Garret na Crosáide, agus Ailbhe na mBannaí Ceoil, agus Beirtí na dtrí mbua, agus Enda an Áidh agus sea, sea, sea, na daoine atá anois againn, ann as, as ann, ann as. Pé ní mar gheall ar gach uile teip a chuirtear ina leith, ach tá an spás gann agus focail le caitheamh ar nithe eile, déantar trá mhór slán de gur éirigh i bhfad níos fearr leo ná na dúradáin a bhí ann le linn ár leathchéad bliain thosaigh útamálach.

READ MORE

Dá mbeinn ag iarraidh a bheith plásbhriathra faoi seo, déarfainn ‘n’fheadar’. Ach baosra gan dealramh í an tuairisc shaonta seo agus ní foláir an scuab sciúrtha a chur á glanadh.

Abraimis na fichidí nuair a tháinig deireadh leis an gceannairc agus leis an bhforéigean oifigiúil, ba mhór an dúshlán é stát nua a chur ar a bhonna i gceart. Áitítear gurbh í an teip mhór gur lean an imirce go rábach mar a dhein. Ní raibh seans faoin spéir go gcuirfí deireadh de dhroim oíche le nós a bhí domhainbhunaithe ó aimsir an ghorta agus i dtír ar díth tionsclaíochta nach mór ar fad. Fairis sin, bhí saol na tuaithe á thréigean ar fud na seanEorpa go léir soir is siar.

Sna tríochaidí bhí An Spealadh Mór leata ar fud na gcríocha a raibh gaol againne leo, agus murarbh fhearr sinn, níor mheasa. Ba thearmann síochána is céille sinn i rith blianta na barbarachta gan teorainn sna daichidí; agus sna 50í ní bhfuaireamar oiread cabhrach ó Phlean Marshall na bPoncánach is a gheobhadh dá mbeadh ár gcuid cathracha ina smionagar agus cumannaigh ag bagairt ag an doras.

Nuair a d’ardaigh an ceo ina dhiaidh sin, ní fíor nár dheineamar praiseach de go leor, ach ní mhaífeadh aon duine gur stát a chlis a bhí ionainn, murab ionann agus stát cliste. Pé in Éirinn é, táimid thuas ansin gar do bharr na léige in aon tomhas idirnáisiúnta a dhéantar, agus a bhfuil i ndán dúinn inár lámha féin, pé ar domhan é.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar