An Máilleach: nasc leis an am atá thart

Thaifead Tomás Ó Máille guthanna na gcéadta cainteoir Gaeilge in iarthar na tíre beagnach céad bliain ó shin

FOCLÓIR: Fiteáin chéarach - wax cylinders; rian – track; saíocht - learning; Learpholl - Liverpool; srianta - restrictions; bailitheoir béaloidis - folklore collector, tras-scríbhinní - transcripts, béaloideas - oral tradition, saoránacht - citizenship.

Drúcht meala do Ghael ar bith taifead a bhfuil friotal fileata a sinsir le cloisteáil air agus iad ag inseacht scéil nó ag gabháil fhoinn ina dteanga dhúchais.

Sin atá le cloisteáil mar chuid de thaispeántas nua ar shaol Thomáis Uí Mháille, duine de fhathaigh léinn na Gaeilge agus nuálaí teicneolaíochta a linne a thaifead guthanna na gcéadta cainteoir Gaeilge in iarthar na tíre beagnach céad bliain ó shin.

Dúiche Sheoigheach ó dhúchas ab ea an Máilleach. Fuair sé a chuid oideachais i mBaile Átha Cliath, Manchain, Learpholl, agus in Baden, Beirlín, agus Freiburg na Gearmáine; ach is ar an obair a rinne sé agus é ina Ollamh Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe is mó atá cáil.

READ MORE

Mar chomóradh ar a chuid oibre agus in ómós don ghaisce a rinne sé ar son léann na Gaeilge, sheol an tAire Stáit Jack Chambers an taispeántas Saíocht & Saoránacht: Tomás Ó Máille in Ollscoil na Gaillimhe ar an Aoine seo caite.

Saíocht

Ceapadh an Máilleach ina ollamh in 1909 agus d’fhan sé sa phost go bliain a bháis, 1938. Ar na saothair dá chuid is mó atá aithne tá An Béal Beo, leabhar ar shaol na Gaeltachta a bhí bunaithe ar ábhar léachtaí leis agus An tIomaire Rua, cur síos ar Chogadh na Saoirse i gConamara a raibh dlúthbhaint aige féin agus ag a mhuintir i nGleann an Mháma leis.

Teangeolaí agus bailitheoir béaloidis a bhí ann freisin agus mar a léiríonn an taispeántas ilghnéitheach seo, is i dtreise atá luach an tsaothair sin ag dul i gcónaí.

“Tá oidhreacht eile ar fad aige nach raibh an oiread sin ar eolas ina thaobh,” a dúirt an Dr Deirdre Ní Chonghaile coimeádaí an taispeántais.

“Sé sin an oidhreacht fhuaime seo.”

In 1926 iarradh ar an Dr Wilhelm Doegen, saineolaí fuaime i stát-leabharlann na Prúise i mBeirlín, taifead a dhéanamh de chainteoirí Gaeilge ón nGaeltacht agus ó cheantair eile a raibh cainteoirí dúchais Gaeilge fós ina gcónaí iontu. Sé Ó Máille a bhailigh na taifid as Cúige Chonnacht agus Contae an Chláir dó.

“Ach is é an rud nach raibh ar eolas ag an bpobal go dtí seo ná go raibh an Máilleach ag taifeadadh sula raibh Doegen thart ar chor ar bith,” a dúirt an Dr Ní Chonghaile.

Rinne Coimisiún Béaloideasa Éireann obair den chineál céanna ach bhí cúinsí airgidis mar shrian orthu agus cailleadh cuid mhaith de na taifid a rinneadar.

“Tá difríocht shonrach amháin eatarthu,” a dúirt Ní Chonghaile.

“Tá an chuma air nach raibh na fiteáin a bhí ag an Máilleach á nglanadh agus á n-athúsáid.”

“Bhí sé sin ar siúl ag lucht an Bhéaloidis mar go raibh na pinginí gann.”

Bhí ediphone (gléas taifeada) in úsáid acu freisin ach bhí na fiteáin chéaracha daor agus tar éis dóibh iad a thras-scríobh, ba nós leo iad a bhánú chun go bhféadfaí iad a úsáid arís.

“Ní hé nach raibh meas acu ar an nguth ach nuair a bhí an crú ar an tairne agus na pinginí gann, chreid siad go mbeadh sé níos tábhachtaí a bheith amuigh ag cruinniú na dtéacsanna,” a dúirt Ní Chonghaile.

Ní raibh na srianta céanna ar obair an Mháilligh.

“Choinnigh sé na fiteáin. Mo thuairim féin ná go raibh airgead aige agus go raibh sé neamhspleách ar an rialtas,” a dúirt Ní Chonghaile.

“Choinnigh sé iad b’fhéidir ar son na teangeolaíochta, ar son athéisteachta agus le go mbeadh cruinneas ann,” a dúirt sí.

I measc na nguthanna a thaifead an Máilleach tá daoine a rugadh in aimsir an Ghorta Mhóir; tá fear as Bearna, Tomás Mac Donnchadh, a rinne caint faoin mbealach a fríothadh corp an Ath Uí Ghríofa, sagart a dhúnmharaigh na Dúchrónaigh in 1920; agus tá amhrán ar an dtragóid a tharla in Inis Gé i 1927 nuair a báthadh deichniúr ón bpobal beag sin.

“Tá 507 rian fuaime agus b’fhéidir suas le 200 duine ar fad a raibh baint ag an Máilleach leo in achar dhá scór bliain,” a dúirt Ní Chonghaile.

“Sin an cnuasach is mó fuaime a chruthaigh aon duine a bhí ag feidhmiú go neamhspleách sa chéad leath den fhichiú haois.”

Bhí na taifeadtaí i seilbh Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe leis na blianta agus rinneadh iad a dhigitiú anuraidh le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta.

Saoránacht

Ní ar chúrsaí oideachais nó béaloidis amháin a dhírigh an Máilleach a aird. Ba chara le Pádraig Mac Piarais é agus rinne sé comhfhreagras le hÉamon De Valera maidir le Bunreacht na hEireann nuair a bhí sin á cheapadh.

“Cuid de na snáithíní a bhaineann le saol Uí Mháille: bhí sé ar dhuine de na daoine a bhunaigh An Taibhdhearc, bhí sé ina eagarthóir ar An Stoc, nuachtán san iarthar idir 1917 agus 1931 agus dar ndóigh bhí sé ina Ollamh, an chéad Ollamh le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe ó 1909 go dtí go bhfuair sé bás,” a dúirt Ní Chonghaile.

“Bhí stádas na Gaeilge nó ceist na Gaeilge ina mór cheist aige ina shaol go pearsanta ar feadh a shaoil,” a dúirt sí.

“Nuair a bhí bunreacht na tíre á athdhréachtú in 1937 ionas go mbeadh an Ghaeilge chun tosaigh, bhí an Máilleach sáite san obair sin,” a dúirt sí.

“Maidir le bheith ina ancaire i saol poiblí na Gaeilge in iarthar na hÉireann, bhí Gaillimh in ainm agus a bheith mar shaghas ‘slánaitheoir’ don Ghaeilge san 20ú hAois, leis an tsamhail sin go bhféadfaí an chathair a Ghaelú.”

“Níl aon cheist faoi ach go raibh siad á shamhlú seo mar ghníomh a bhí tábhachtach go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

“Ní raibh sé paróisteach ar aon slí. Mar a thuigeann muid faoin nglúin sin bhí súil acu ar gach a raibh ag tarlúint go hidirnáisiúnta.

Tá an taispeántas faoi stiúir ag an Ollamh Lillis Ó Laoire agus á reáchtáil i gcomhpháirt le hAcadamh Ríoga Éireann agus le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, agus Ollscoil na Gaillimhe.

Go ceann ráithe a mhairfidh an taispeántas in Áras Uí Argadáin in Ollscoil na Gaillimhe, ach ní shin deireadh an scéil.

“Tá súil againn go rachaidh an taispeántas ar chamchuairt,” a dúirt Ní Chonghaile.

“Ba bhreá liom dá rachadh sé ar fud an iarthair go Dúiche Sheoigeach – an áit arbh as dó féin - chomh fada suas le hInis Ghuaire i mBéal an Mhuirthead áit as ar tháinig carr iomlán lán le seanchaithe agus scéalaithe chuige go Gaillimh in 1930 le go ndéanfaidís taifeadú.”

Agus b’fhéidir gurb é sin cuid d’oidhreacht Uí Mháille – ní amháin nach bhfuil contae taobh thiar den tSionainn nár éirigh leis samplaí de chaint na ndaoine a chaomhnú sna taifid, ach d’éirigh leis nasc buan fuaime a chruthú lenár sinsir agus iad ag caint, ag canadh, agus ag caoineadh na marbh san am atá thart.

ollscoilnagaillimhe.ie/tomasomaille

Nóta:

Tá sraith seimineár gréasáin socruithe ag Sealbhú, ionad léinn teangeolaíochta Ollscoil BÁC. An t-ilteangachas agus foghlaim teanga an teideal atá ar an tsraith; The Suitability of Irish instruction for All Students atá mar theideal ar an chéad seimineár. Prof Fred Genesee, McGill University, Montreal, Canada, a thabharfaidh an léacht sin (4 Deireadh Fómhair, 7in). Reáchtálfar an dara seimineár ar an 11 Deireadh Fómhair. Multilingual parents and children’s experiences of Irish-medium education atá mar theideal air agus is í an Dr Aisling Ní Dhiorbháin a thabharfaidh an léacht. Breis eolais: https://tinyurl.com/3jmf6crb

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.