Liam Ó Flaithearta: réabhlóidí agus scríbhneoir as Inis Mór

D’fhulaing Ó Flaithearta cathshuaitheadh de dheasca na drochghortuithe a bhain dó sa mBeilg i Meán Fómhair, 1917.

Foclóir: Cumannach - communist; buíon - band/troop (of soldiers); forógra - proclamation; dírbheathaisnéis - autobiography; díocas - eagerness; ruainne - scrap/fragment; cnuasach - collection; clóscríobhán - typewriter; cathshuaitheadh - shellshock; roilleacán - diziness.

An 18 Eanáir 1922, ghlac buíon ó Chomhairle na Dífhostaithe i mBaile Átha Cliath seilbh ar halla ceoil an Rotunda le haird na n-údarás a tharraingt ar an líon mór daoine a bhí gan obair sa gcathair. Ba é an Poblachtach, an Cumannach agus an t-iar shaighdiúir in arm na Breataine Liam Ó Flaithearta, as Inis Mór, Árainn, a bhí ina cheannaire ar an mbuíon.

Le linn na seilbhe, a mhair ceithre lá, foilsíodh forógra a scríobh an Flaitheartach. Is beag eile a bhí foilsithe aige faoin tráth sin, seachas corr alt i roinnt “revolutionary papers”, mar a thug sé le fios ina dhírbheathaisnéis Shame the Devil .

Ach faoi cheann cúpla bliain bheadh sé ina údar aitheanta i saol liteartha an Bhéarla i Sasana. Cén chaoi ar tharla sin?

READ MORE

Le díocas, le díograis, le cur chuige agus le cumas nach beag scríbhneoireachta, gan trácht ar an ruainne den ádh a bhíonn uaidh chuile scríbhneoir.

Is léir sin uilig ón méid atá scríofa sna céad leathanaigh de Shame the Devil agus ó na litreacha a scríobh sé le linn na mblianta 1923 is 1924, litreacha atá ar fáil sa chnuasach The Letters of Liam O’Flaherty, a chuir Angeline A Kelly in eagar agus a d’fhoilsigh Wolfhound Press i 1996.

Nuair a bhain Ó Flaithearta Londain amach in Iúil 1922, i ndiaidh dó troid ar son na bPoblachtánach sna cathanna sráide i mBaile Átha Cliath a chuir tús le Cogadh na gCarad, is beag seans ar obair a bhí aige. Ach bhí áit le fanacht aige, a bhuíochas sin do thairiscint a fuair sé i litir ó bhean óg a raibh teach ag a máthair gar do Hyde Park.

Dar le Shame the Devil, ba í an bhean óg sin a mhol dó tabhairt faoin scríbhneoireacht mar shlí bheatha.

Sholáthair sí clóscríobhán dó agus ba í a thug misneach dó nuair a thit an log ar an lag.

Chaith an Flaitheartach sé mhí ina chónaí in íochtar an tigh sin, é ag scríobh chuile lá, agus d’éirigh leis an t-úrscéal Thy Neighbour’s Wife a chríochnú, chomh maith le roinnt gearrscéalta.

Cé gur sheol sé na gearrscéalta sin chuig foilseacháin go leor, níor glacadh leo. Ach an 12 Eanáir, 1923 foilsíodh ceann acu, The Sniper, sa nuachtán The Daily Reader.

Trí “guineas” an íocaíocht a fuair Ó Flaithearta ar The Sniper, ach bhí tairbhe i bhfad níos mó ná sin le baint as, mar léigh an t-eagarthóir mór le rá, Edward Garnett an scéal. Bhí sé chomh tógtha leis go ndeachaigh sé i dteagmháil leis an bhFlaitheartach.

Bhí Garnett - a chabhraigh go mór roimhe sin lena leithéidí Joseph Conrad, D H Lawrence agus T E Lawrence (Lawrence of Arabia) - ina phríomheagarthóir leis an bhfoilsitheoir Jonathan Cape. Ar fhocal Garnett, ghlac Cape le Thy Neighbour’s Wife.

Ba ó “garret”, mar a thug Ó Flaithearta air, ag Fitzroy St in Aibreán 1923, a chuir sé an chéad litir a chruinnigh Angeline A Kelly.

Chuig Edward Garnett a scríobhadh í agus inti deireann an Flaitheartach go bhfuil tús curtha aige leis an úrscéal The Black Soul, atá lonnaithe in Árainn, agus go bhfuil sé “going at it hot and heavy”.

Seachas litir amháin chuig Jonathan Cape, ba chuig Garnett a scríobhadh chuile cheann de na litreacha ón mbliain 1923. Tugann siad léargas an-mhaith ar Ó Flaithearta agus é ag teacht in inmhe mar scríbhneoir.

As Quaker Farm i Newport Pagnell, thart ar 50 míle siar ó thuaidh ó Londain, a seoladh an dara litir agus tugann an Flaitheartach le fios inti go bhfuil sé “ag teacht chuige féin”.

D’fhulaing Ó Flaithearta cathshuaitheadh de dheasca na drochghortuithe a bhain dó agus é ag troid sna Irish Guards ag Cath Langemarck sa mBeilg i Meán Fómhair, 1917.

Bhí bliain agus fiche díreach slánaithe aige.

Ó am go ham rinne sé tagairt d’fhadhbanna éagsúla. Mar shampla, i litir amháin, luaigh sé “neurasthenia”, téarma a d’úsáidtí don dochar a rinne pléascanna do shláinte shaighdiúirí. Níos deireanaí an mhí sin, bhí sé ag fulaingt le roilleacán agus fonn air a chloigeann a leagan ar an talamh. “It’s bad,” a dúirt sé.

Choinnigh Ó Flaithearta leis ag scríobh. The Black Soul an saothar ba mhó a bhí idir lámha aige i 1923, de réir na litreacha.

Agus lean sé leis ag scríobh gearrscéalta, ach faoi Lúnasa bhí sé tinn tuirseach de na “sketches” úd, mar a thug sé orthu. Mar sin féin, bhí sé á gcur chuig foilseacháin iomráiteacha agus, de réir a chéile, bhíodar ag glacadh leo.

Foilsíodh Thy Neighbour’s Wife an fómhar sin agus níorbh fhada go raibh úrscéal nua tosaithe aige, dar teideal Chaos. “……the action will deal solely with the Rotunda affair and the two months leading up to it,” a dúirt sé le Garnett. (Caitheadh an t-úrscéal sin in aer, níos deireanaí.)

Bhí Edward Garnett pósta le Constance Black, arbh í an chéad duine a d’aistrigh saothar Anton Chekhov ón Rúisis go Béarla, chomh maith le saothair mhórscríbhneoirí Rúiseacha eile. Is léir ó na litreacha gur chuir Garnett an Flaitheartach ar an eolas faoi shaothair Turgenev, Gogol, Chekhov agus Dostoevsky.

Ach ba é an Polannach Joseph Conrad (Konrad Korzeniowski) ba mhó a thuil moladh Uí Fhlaitheartaigh sna litreacha. Bhí cosúlachtaí eatarthu – an bheirt acu ina máistrí ar theanga nárbh í a dteanga dhúchais í agus tréimhsí caite acu beirt ag taisteal ar bord loinge chuig áiteanna i bhfad as baile.

Ní dhéantar aon tagairt sna litreacha don scríobh i nGaeilge go dtí mí na Samhna 1923, nuair a luann Ó Flaithearta eachtra inar bhuail sé le dochtúir Éireannach (fear a bhí ar scoil leis) ag Piccadilly Circus ag a 2 a ‘chlog ar maidin. Bhí beirt chairde ag an dochtúir sa rialtas agus theastaigh uaidh scríobh chucu ar mhaithe leis an bhFlaitheartach le go scríobhfadh sé roinnt scéalta i nGaeilge don Roinn Oideachais.

“Naturally, I demurred,” a scríobh Ó Flaithearta chuig Garnett. “I would never be able to bring myself to praise God, which is necessary, that is if I did get the work, which is very, very doubtful.”

Faoi Mhárta, 1924, bhí Ó Flaithearta fillte ar Bhaile Átha Cliath agus é ag treabhadh leis le húrscéal. Ach bhí sé ag scríobh i nGaeilge faoin tráth úd chomh maith. I mBealtaine foilsíodh gearrscéal leis, “Fód”, sa Dublin Magazine, ach ní luaitear sin sna litreacha. Bhí tuilleadh gearrscéalta Gaeilge leis san iris Fáinne an Lae i 1925, cuid acu a foilsíodh sa sár chnuasach “Dúil” beagnach 30 bliain níos deireanaí.

Agus é ar ais i Londain tús Meán Fómhair 1924, i litir eile chuig Garnett, tugann Ó Flaithearta le fios gur chríochnaigh sé a úrscéal nua níos luaithe an lá sin i Regent’s Park.

The Informer teideal an úrscéil sin, leabhar a thuil meas agus cáil idirnáisiúnta d’fhear Inis Móir nuair a foilsíodh í i 1925.

• Léifear leagan nua Gaeilge Mháirín Mhic Lochlainn den scéal The Sniper le linn Féile na bhFlaitheartach 2022 in Inis Mór an 27/28 de Lúnasa. Breis eolais @liamoflahsoc (Twitter).