Dár gcur soir

Cumhacht agus ceannas inneall an chogaidh

I gceann de na dánamhráin is cumhachtaí dá chuid, mhaígh Eoghan Rua Ó Súilleabháin go raibh sé ag súil go mbeadh ‘Te Deum gan baol ná eagla’ á chanadh nuair a d’fhillfeadh Séarlas, an réice ceart i gcoróin. Ar éigean go raibh a fhios aige gur ródhócha go gceolfaí Te Deum sa Vatacáin níos túisce ná cois carraigreacha Aifrinn Chiarraí. B’in a tharla, más fíor, nuair a scrios Rí Liam na Gaeil bhochta silte nár chuir le chéile i gcath na Bóinne. Dhealródh go raibh cloig agus túis na Vatacáine níos báúla leis an gcomhghuaillíocht de Dhúitsigh, de Shasanaigh is de Lochlannaigh a thrasnaigh an abhainn go buacach nuair a chrom Séamas na leathbhróige Gall-Ghaelaí teicheadh leis chun na Fraince ar ais.

Is chuige atáim ná gur chuid de chogadh idirnáisiúnta ba ea cath na Bóinne. Seach-chogadh, más maith leat. Is é is seach-chogadh ná cogadh a fheartar ar chríoch amháin ar son cumhachtaí eile, go pointe éigin ar aon nós. B’in mar a bhí cogadh an dá rí, nó cogadh Gael le Gall mar adeir foinsí na linne, cé go ndeirtear anois ar eagla na tuisceana gur cogadh idir na Seacaibítigh is na hUilliamaigh ba ea é.

Toise seach-chogaíochta a bhain le gach cogadh riamh anall. Taighdigh leat sna cogaí amaideacha sin san ochtú haois déag, leithéidí chogadh chomharbacht na Spáinne, na hOstaire, nó na Polainne. D’fhéadfadh an Rúis, an Bhaváir, na Sasanaigh, na Dúitsigh, na Habsburgairí, na brioscaí Bourbon, lucht taispeánta scannán an Savoy, Eau de Cologne, ceann den dá Shicil, na Francaigh a bheith ar thaobh ar bith, nó a mhalairt timpeall. Bhain ar fad le cén duine a shuífí sa ríchathaoir thall a dhéanfadh do leas. Ar athraigh an scéal puinn?

Is ait liom go bhfuil oiread sin de lucht dílse na heite clé ag tabhairt tacaíochta don Rúis. Tar éis an tsaoil, ní léiroidhre ar an Aontas Sóivéadach í an Rúis, ach athbhreith na Sár lofa. Má tá áit ar bith a bhfuil géarghá le réabhlóid Chumannach nó shóisialach inniu ann, is í an Rúis í.

READ MORE

Ina choinne sin, áfach, is féidir tuiscint dóibh. Ní cás leo an Rúis a oiread is is cás leo impireacht agus leathnú anáil Mheiriceá. Aighneas fearann idir dhá charria atá ann arb iad a mbeanna a gcuid arm ollscriostacha. Cogadh fuar na mbó adharcach idir dhá olagarcacht. Olagarcachtaí is ea iad, le treise láidir ar an ola. Olachumhachtaí agus acmhainní dá réir.

Cumhacht agus ceannas inneall an chogaidh.

Fág gur cogadh bás agus beatha é ionradh na Rúise don Úcráin, is seach-chogadh, leis, é idir Nato/Stáit Aontaithe agus iarsma an Aontais Shóivéadaigh/An Rúis. Chuige sin tá an ceart ar fad ag an eite chlé, fág na Rómanaiv nua as an áireamh. Tá daoine nach mian leo go mbeadh na Stáit Aontaithe ina bpóilíní ar an domhan.

Nuair a thuirling Neansaí Pelosi óna scairteitleán míleata in Taipei an tseachtain seo caite bhí an citeal á chur ar an tine aici. B’anghá di an turas. Mhúscail dragan na Síne a bhfuil tine chreasa ina bholg aige. Is í an mheirg a chuir sí ar foluain ná gurb é an cogadh nua ná idir an daonlathas agus an t-uathlathas.

Dul amú go brách is ea é sin, don té a dhéanann an tochas is lú. Thug na Stáit Aontaithe tacaíocht siar amach agus go hardghlórach don Téaváin nuair ba dheachtóireacht mhíleata ghránna bhrúidiúil í ar feadh nach mór leathchéad bliain. Agus ná luaitear an Araib Shádaisteach, ná an UAE, an Éigipt, Tuircméanastáin…

Chuirfeadh an deargfhimínteacht ar an uile thaobh soir tú nuair nach gcuireann múisc ort. Saint agus cumhacht agus féinleas buntiobrada na seach-chogaí ar fearr fanúint glan orthu slán.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar