Aithnigh na héin is coitianta i ngairdíní na hÉireann – le pictiúir agus fuaim

Subscriber OnlyLife & Style

An 20 éan is mó a fheictear i ngairdíní na hÉireann, le híomhánna, méid, cur síos agus ceol na n-éan

Má tá tú á léamh seo ar aip an Irish Times, cliceáil anseo chun éisteacht le ceol na n-éan

1 Spideog

Is ceann de na héin is coitianta agus is furasta aithint í an spideog, lena brollach geal rua. Mar an gcéanna go díreach a bhreathnaíonn an chearc agus an coileach, ach dath éadrom, breac, ar nós an smólaigh ceoil, atá ar na gearrcaigh. Gnáth mhéid: 14cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an spideog

2 Lon dubh

Is é an lon dubh an smólach is coitianta in Éirinn. Dath dubh atá ar an gcoileach, le gob geal buí. Tá an chearc níos doinne, le gob dorcha. Gnáth mhéid: 25cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an lon dubh

3 Meantán gorm

Tá an meantán gorm níos lú ná an meantán mór (uimhir 5) agus tagann sé go minic chuig na beathadáin éin le piseanna talún a ithe. Tá caipín gorm air agus leicne bána. Dath buí atá in íochtar air. Tá dath níos buí ar na héin óga. Gnáth mhéid: 12cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an meantán gorm

READ MORE

4 Rí rua

Is ceann de na héin is coitianta sa ghairdín é an rí rua. Bíonn an t-éan suntasach, ildaite seo go minic ag piocadh ar an talamh faoin mbord éin. Dath gorm atá ar chloigeann agus ar chúl a mhuiníl ag an gcoileach. Dath bándearg atá ar a aghaidh agus ar a bhrollach, agus tá dhá stríoc bhána le feiceáil go soiléir ar na sciatháin. Dath donn, dorcha atá ar an gcearc. Tá dath níos gile uirthi in íochtar agus tá dhá stríoc bhána ar a cuid sciathán freisin. Gnáth mhéid: 15cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an rí rua

5 Meantán mór

Is é an meantán mór an meantán is mó in Éirinn. Tá cloigeann dubh air agus leicne bána. Dath geal, buí atá air in íochtar, le stríoc leathan dhubh. Tá an stríoc dhubh seo níos leithne ar an gcoileach ná ar an gcearc. Gnáth mhéid: 14cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an meantán mór

6 Snag breac

Is éan suntasach, glórach, dubh agus bán é an snag breac (nó an mheaig) a bhfuil eireaball fada air. Tá loinnir ghlas, chorcra ar na paistí dubha clúmhaí. Gnáth mhéid: 45cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an snag breac

7 Lasair choille

Is éan ildaite í an lasair choille. Tá a haghaidh dearg agus dubh agus tá a cuid sciathán dubh agus buí. Tagann sí chuig beathadháin phiseanna talún go minic. Is breá leis an lasair choille síol feochadáin agus síol leadáin úcaire. Gnáth mhéid: 13cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an lasair choille

8 Gealbhan binne

Is éan donn, riabhach é an gealbhan binne atá le feiceáil go coitianta sa ghairdín. Tá bibe mór dubh ar an gcoileach, le cloigeann donn dorcha agus caipín liath. Tá dath éadrom liath air in íochtar, le stríoc bheag bhán ar na sciatháin. Tá an chearc níos dorcha agus dath liathdhonn uirthi. Dath donn, riabhach atá ar a droim agus tá stríoc liathdhonn uirthi díreach os cionn na súl. Gnáth mhéid: 15cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an gealbhan binne

9 Dreoilín

Tá an dreoilín ar cheann de na héin is lú in Éirinn agus ar cheann de na héin is forleithne. Tá clúmhach donn, riabhach air agus eireaball gearr a bhíonn bioraithe aige, de ghnáth. Gnáth mhéid: 10cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an dreoilín

10 Meantán dubh

Is é an meantán dubh an meantán is lú in Éirinn. Dath dubh agus liath atá air, le leicne bána. Tá scead bhán ar chúl a mhuiníl agus sin é an chaoi a n-aithnítear é thar na meantáin eile. Gnáth mhéid: 11cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an meantán dubh

11 Druid

Is minic a d'fheicfeá ealta mhór druideanna ar fhaiche nó ag bord éin. Is éan dorcha, glórach í, le gob fada, biorach. Bíonn dathanna lonracha agus mionspotaí bána ar chlúmhach na n-éan fásta. Déanann an druid aithris ar cheol agus ar ghlaonna éan eile go minic. Is álainn an radharc é na healtaí móra druideanna ag filleadh ar an bhfara tráthnóna, iad ag casadh agus ag iompú, mar a bheadh ribíní deataigh sa spéir ann. Gnáth mhéid: 20cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an druid

12 Donnóg

Is éan cúthail í an donnóg a fhanann i bhfolach ar an gcúlráid. D'fheicfeá go minic istigh faoin mbord éin nó ar imeall na gceapach bláthanna í. Dath donn le stríoca dorcha atá uirthi in uachtar. Tá cosa bándearga uirthi agus dath liathghorm ar a haghaidh. Tá ceol scrábach aici atá cosúil le gíoscán roth tralaí siopadóireachta a dteastaíonn braon ola uaidh! Gnáth mhéid: 14cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an donnóg

13 Colúr coille

Seo é an colúr is mó in Éirinn. Is furasta é a aithint. Tá paiste bán ar gach aon taobh dá mhuineál (seachas sna héin óga) agus tá banda leathan, bán le feiceáil ar na sciatháin nuair a bhíonn sé ag eitilt. D'fheicfeá go minic ar fhaichí oscailte é agus é ar thóir bia. Gnáth mhéid: 41cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an colúr coille

14 Cág

Is é an cág an préachán is lú in Éirinn. D'fheicfeá an cág go minic in éineacht le rúcaigh (préacháin dhubha, uimhir 16). Dath liath dorcha, seachas dubh, atá ar an gcág. Tá paiste liath níos gile ar chúl a chinn agus ar a mhuineál. Neadaíonn an cág i simléir go minic. Gnáth mhéid: 33cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an cág

15 Smólach ceoil

Tá an smólach ceoil ar cheann de na héin is ceolmhaire in Éirinn. Tá sé beagán níos lú ná an lon dubh agus i bhfad níos lú ná an Smólach Mór. Tá brollach ballach, breac ar an smólach ceoil. I gcomparáid leis an smólach mór, dath donnrua atá ar an smólach ceoil agus tá na spotaí ar a bhrollach níos lú. Dath flannbhuí atá faoina chuid sciathán. Is maith leis an smólach ceoil seilmidí a ithe. Briseann sé seilmidí go rialta ar chlocha agus tugtar 'inneonacha smólaigh' ar na clocha seo. Gnáth mhéid: 22cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an smólach ceoil

16 Rúcach

Is éan mór, dubh atá an-choitianta é an rúcach (nó an préachán dubh). D'fheicfeá go leor acu in éineacht in ealtaí go minic. Is é an áit is mó a bhíonn an rúcach ná ar thalamh feirme nó ar thaobh na mbóithre, ach d'fheicfeá i ngairdíní freisin iad. Is furasta na héin fhásta a aithint ó phréacháin eile mar go bhfuil paiste feiceálach de chraiceann lom, geal ag bun an ghoib. Gnáth mhéid: 47cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an rúcach

17 Fearán baicdhubh

Is colm beag, slachtmhar, liathdhonn le eireaball fada é an colm baicdhubh. Ar a mhuineál, tá leath-bhóna feiceálach, dubh. Nuair a eitlíonn sé, bíonn an dath bán ar a eireaball an-fheiceálach. Ar an talamh a bhíonn sé ag ithe agus é ar thóir síolta agus gráin. Gnáth mhéid: 33cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an fearán baicdhubh

18 Feannóg

Tá an fheannóg (nó an charóg liath) beagán níos mó arís ná an rúcach (uimhir 16). Is furasta í a aithint thar na préacháin eile mar go bhfuil dhá dhath ar a clúmhach – dubh agus liath. Tá an fheannóg glórach agus trodach agus bíonn sí ceannasach thar aon phréachán eile de ghnáth. Gnáth mhéid: 49cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an fheannóg

19 Glasán darach

Tugann an glasán darach cuairt go minic ar bheathadáin ar thóir piseanna talún agus síolta. Tá líon na nglasán darach in Éirinn tite le blianta beaga anuas. Dath glas geal atá ar an gcoileach, le stríoc bhuí ar na sciatháin. Tá dath glasbhuí níos dorcha ar an gcearc. D'fheicfeá ealtaí de na glasáin dharacha ar thóir bia go minic. Gnáth mhéid: 15cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an glasán darach

20 Glasóg shráide

Is éan beag teanntásach í an ghlasóg shráide, an ghlasóg is coitianta in Éirinn. Tá an ghlasóg shráide an-suntasach, le clúmhach dubh agus bán. (Liath seachas dubh atá an chearc agus na héin óga). Tá eireaball an-fhada ar an nglasóg shráide a bhíonn sí a phreabadh síos aníos go síoraí seasta. Bíonn an ghlasóg shráide ar thóir feithidí go minic, ar choincréit, ar asphalt agus ar fhaichí. Gnáth mhéid: 18cm. ► Brúigh anseo chun éisteacht leis an ghlasóg shráide

Ballraíocht Chairde Éanlaith Éireann
Ceann de na bealaí is fearr le cabhrú le fiadhúlra in Éirinn ná ballraíocht a ghlacadh i gCairde Éanlaith Éireann. Is álainn an bronntanas freisin é d'aon duine a bhfuil suim aige sa nádúr. Le gach eolas a fháil nó le ballraíocht a ghlacadh, téigh chuig birdwatchireland.ie nó glaoigh ar 01-2819878

Gach léaráid le Mike Langman/rspb-images.com. Tá méid na n-éan a fheictear anseo garbh