Sa phictiúr ‘L’Homme à la houe’ de chuid Jean-François Millet, léirítear tuathánach go gléineach lom lena dhá lámh mhóra leagtha ar fheac táil, an uirlis a bhíodh in úsáid ón gCré-umhaois chun goirt a ghlanadh. Tá an fear amhail is dá mbeadh sé ceangailte den chré leis an uirlis agus an chuma air go bhfuil sé tnáite traochta.
Cuireann an íomhá sin mo shinsir féin i gcuimhne dom mar ba thuathánaigh bhochta iad. Ní raibh pioc de thalamh acu ach chuir siad allas na gcnámh i ngoirt feirmeoirí. Mar sin is de bhunadh tuathánach mise, amhail formhór mór de dhaonra na tíre, dar ndóigh.
Is é an bhrí a bhíodh leis an bhfocal ‘tuathánach’ ná ‘feirmeoir beag’, ‘saothraí’ ‘nó ‘freastalaí feirme’. Bhíodh na tuathánaigh i measc na ndaoine ba bhoichte ar domhan.
Ní thugtar ‘tuathánach’ ar éinne in Éirinn ar na saolta seo – ‘daoine tuaithe’ is fearr aithne orthu anois. Is annamh a fheictear an focal i gcló fiú, ach amháin i ngearrscéalta de chuid Chekhov nó i dtuairiscí staire faoin saol suarach brúidiúil a bhíodh acu faoi réimeas Louis XIV na Fraince.
READ MORE
Le linn an 19ú céad agus suas go dtí na 1950idí, thugtaí ‘tuathánaigh’ ar dhaoine faoin tuath sa tír seo agus i ndomhan an iarthair.
Ó shin i leith, ámh, chuaigh an téarma i léig toisc gur thréig siad an tuath ar thóir oibre agus saol níos éasca sna cathracha agus sna bailte móra, go háirithe i Sasana, áit a raibh méadú ar an lucht saothair ag teastáil i gcomhair na Réabhlóide Tionsclaíche.
In Éirinn laghdaigh innealra nua feirme, an tarracóir go príomha, líon na n-oibreoirí feirme a bhí de dhíth don obair láimhe.
Mar dhéagóir d’oibríodh mo sheanathair le feirmeoirí i gContae Chill Dara. Bhíodh sé ar nós ‘An Spailpín Fánach’ ag díol agus ag reic a shláinte is ag bailiú galair ráithe.
Phós sé cailín aimsire agus nuair a tháinig na chéad pháistí ar an saol sna 1920idí, ní raibh teach acu agus b’éigean dóibh cur fúthu i gcró ar chúl na feirme ina raibh sé ag sclábhaíocht.
Níos déanaí, fuair sé post leis an gComhairle Contae agus teach ar an mBaile Mór i gCill Dara mar chuid den phost sin. Tugadh capall is cairt dó chun clocha a bhailiú ó chairéal lena n-úsáid ar na bóithre. Bhíodh a pháistí – mo mháthair san áireamh – ina suí ar thaobh an bhóthair ag briseadh cloch chun cuidiú leis. Ní raibh ach seanmhálaí caite thar a nguaillí acu mar fhoscadh ar dhoineann an gheimhridh.
Scríobh ná léamh ní raibh ag mo sheantuistí ná ag éinne dá seachtar clainne. Cé gur cuireadh scoil agus léann rompu, b’éigean dóibh tús áite a thabhairt don dioscaireacht bhaile. Níorbh aon ionadh mar sin nár éirigh go maith leo sa saol dá bharr.
Bhíodh mo sheanmháthair - a thug an greim as a béal dúinn - i gcónaí ag streachailt le greim le hithe a chur ar fáil dá clann óg. In amanna, bhí siad ag fuirseadh na déirce agus b’éigean do na páistí dul go dtí na comharsana chun bia a fháil. Bhí an mí-ádh agus an bhochtaineacht ag siúl leo ón tús.
Níos déanaí shaothraigh m’uncailí glasraí sa gharraí cúil mar bhia don teaghlach agus cheannaigh mo sheanmháthair bó leis an 20 punt a fuair m’uncail mar chúiteamh nuair a chaill sé a chorrmhéar i dtimpiste mheaisín ina ionad oibre. Dá thairbhe sin, bhí a mbainne féin acu agus in am bheadh lao le díol acu chun chur leis an teacht isteach sa teaghlach.
B’oibreoirí den scoth m’uncailí i gcónaí sna goirt agus iad i gceann speile, spáide agus sluaiste. Le hoidhreacht agamsa fágadh cuid de na huirlisí céanna. Agus iad in úsáid agam sa ghairdín, samhlaím go mothaím neart agus scileanna m’uncailí ionam.
Nuair a bhíos bliain go leith, thosaigh an teaghlach ag titim as a chéile, ámh. Thóg triúr de m’uncailí an bád bán go Sasana go luath sna 1950idí ar thóir oibre mar náibhithe – ‘tuathánaigh’ i bhfocal eile. D’éirigh go maith le beirt acu ach d’imigh duine acu gan tásc gan tuairisc go dtí an lá inniu féin.
Tholg uncail eile liom an eitinn de bharr an iomarca fliuchta le linn dó a bheith ag sclábhaíocht sna goirt gan éadach díonta, beag beann ar an aimsir. Níor tháinig sé chuige féin ina dhiaidh sin agus sa deireadh, ghiorraigh sé leis féin in aois a 35 bliana. Ba thrúig bháis do dhuine é obair na ngort ag an am.
Bhuail tinneas mo sheanathair agus bhí luíochán fada air. B’éigean dó éirí as an jab ar chuntas a shláinte; níor tháinig biseach air agus d’éag sé sa bhliain 1952. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhásaigh mo sheanmháthair.
Tá siad curtha in uaigh bhochtáin. Chuaigh mise chun cónaí le m’aintín agus a clann mar cuireadh mo mháthair go dtí an t-ospidéal - athrú buan, mar a tharla sé. Agus ár mbaile tréigthe, tugadh an teach do theaghlach eile.
Ba throm an chros a leag an chinniúint ar mo shinsir agus ar a lán daoine i gcás mar sin. Bhí siad i lúb an angair i gcónaí. Ach bhí teacht aniar iontach iontu agus rinne siad a seacht ndícheall teacht slán as – dá bhféadfaí sin a thabhairt air! Bhí saol gearr, brúidiúil, crua agus cruálach ag a bhformhór díobh.
Tá sé léite agam go raibh cultúr saibhir, éagsúil, casta ag tuathánaigh. A mhalairt ar fad a bhí fíor, mar ba shaol simplí crua suarach a bhí acu: bhíodh siad cráite agus ciaptha leis an mbochtaineacht, ag an tragóid agus ag an gcruatan i gcónaí.
Agus gan acu ach ón lámh go dtí an béal ba bheag aird a thug siad ar an saol cultúrtha. Cuireann bochtaineacht bac mór ar fhorbairt cheart an duine; cloíonn sí daoine diaidh ar ndiaidh; baintear dá misneach agus plúchtar a spiorad dá bharr.
Is cóir dúinn dínit agus macántacht na ndaoine sin a aithint agus urraim a thabhairt dóibh. Ba mhinic gur féachadh orthu mar dhaoine drochmhúinte garbha aineolacha de réir chaighdeáin na ndaoine léanta ach ba mhíthuiscint é sin is cóir a chur ina ceart. Ba dhaoine cróga, umhla, díograiseacha, neamhspleácha agus seiftiúla iad.
Cibé ar bith na lochtanna a bhí acu – agus atá sa dúchas againn féin, b’fhéidir, caithfimid glacadh leo agus iad a mhaitheamh dóibhsean agus dúinn féin.
Níor chóir dúinn breith a thabhairt orthu de réir chaighdeáin na linne seo. Is gá dúinn an comhthéacs stairiúil, sóisialta eacnamaíoch agus reiligiúnach a bhí i réim sa tsochaí in Éirinn lena linn a thuiscint.
Ach má dhearmadaimid orthu, scoithfimid muid féin uathu agus mar sin deighlimid sinn féin ó dhlúthchuid dínn féin.
Foclóir: tál - adze; tuathánach - peasant; sinsir - antecendants; saothraí - labourer; innealra - machinery; uirlisí - tools; cailín aimsire - servant-girl.












