Is de shuimiúlacht go raibh an ghreadlach a rinne Catherine Connolly ar a raibh ina coinne i dtoghchán na hUachtaránachta ar mhaidhm vótála chomh buacach is a tharla riamh sa stát. Tá daoine áirithe go doicheallach ag maíomh a bua uirthi toisc go raibh oiread sin de vótaí millte san áireamh chomh maith. Gníomh daonlathach is ea do vóta a mhilleadh fara le fanúint sa bhaile go teolaí cois teallaigh, ach ní ghabhann i bhfeidhm ar an toradh – go litriúil agus ní mar mheafar leisciúil – i ndeireadh an lae.
Bhíothas míshásta mar gheall ar an rogha iarrthóirí a bhí mós cúng, dar leo, ach caithfear a chur sa mheá gur gnó dian mall duamhar atá sa pholaitíocht, agus go bhfeidhmíonn ní hamháin ar na meáin agus sa bhoth vótála, ach i seomraí dorcha agus ar choistí leamha agus de bharr cruinnithe fadálacha agus oícheanta fada agus pleanáil chliste agus feachtais thuirsiúla, agus sin allas nárbh fhiú leis na cnáimhseálaithe a dhéanamh. Ní de dhroim oíche a thógtar na hárais.
Dearmadtar, leis, gurb é duine amháin, beirt nó triúr an gnáthbhus iarrthóirí go dtí an geata. Cúig cinn déag de thoghcháin uachtaránachta a bhí againn agus toghadh ár gceann urra sé huaire gan freasúra, beirt a bhí in adharca a chéile trí huaire, triúr san iomaíocht faoi dhó, rud a fhágann gurb iad na feachtais ó 1997 na heisceachtaí, nó cuid acu. Seans gur eisceacht faoi leith ba ea an ceann seo le dhá iarrthóir go leith agus púca na vótaí millte.
Thaibhseofaí dhuit go bhfuil rud éigin suaitheantasach tar éis greim a bhreith ar an uachtaránacht. Tá an chuma air go gcreideann an pobal an sean-nath riamh go bhfuil an cúram ‘os cionn na polaitíochta’. Is ea, tá greim scrogaill ag na páirtithe ar an mbealach mór chun an tí isteach, ach tuigtear dóibh go gcaithfear duine éigin a roghnú chun seasaimh atá beagán i leataoibh na slí ó ghnáthghleithearán an lae agus ón suarachas coitianta.
READ MORE
Dhealródh gurb í sin tuairim an phobail chomh maith céanna. Tá siad breá sásta ligean do na Teachtaí Dála agus na teachtairí mála an ghnáthobair shalach laethúil a dhéanamh, na sclaigeanna bóthair a dheisiú, an pinsean a bhfuil tú ina theideal cheana a fháil duit, litreacha faona a scríobh ar do shon, focal a chur isteach duit le cara sa chúirt, labhairt nuair a dhúntar monarcha áitiúil, fead fholaigh os ard a scaoileadh in ionad lomráitis, fuaimeanna bláith a dhéanamh ar ócáidí oiriúnacha agus gach aon rud eile is dual dóibh ó dhúchas.
Is suaitheanta soiléir gurbh fhearr linn go seasfadh an tUachtarán ar son rud éigin níos airde, níos uaisle, níos idéalaí ná sin. In áit éigin laistigh ionainn, in ainneoin sclamhairt na bhfaolchon agus liúrach na ndaoscar agus mallshleamhnú i dtreo breis armála agus titim isteach i mbaclainn chomhghuaillíochtaí míleata, tá muintir na hÉireann ar an mórchóir mórálach as an seasamh neamhpháirtíneach a bhí riamh againn i gcúrsaí contúirteacha an domhain mhóir.
Táim suite daingean de go raibh baint lárnach ag a raibh le rá ag Catherine Connolly ar son na síochána, ní hea amháin, le linn an fheachtais, ach le blianta fada gan staonadh anuas, go raibh baint lárnach aige le scuabadh buacach na vótaí a fuair sí agus fáilte.
Ba theagmhasach mar a tuairiscíodh lá na vótála féin moladh an Aimiréal Chris Parry le Teach na dTiarnaí thall gur chóir do Nato cleachtaí agus gluaiseachtaí cabhlaigh a dhéanamh i bhfarraigí na hÉireann beag beann orainn ar neamhchead dúinn agus dár n-ainneoin. Sotal agus díomas nár leáigh riamh.
Dá ndéanfaí a leithéid agus an tUachtarán Connolly san Áras bí cinnte de nach mbeadh sí ina tost. N’fheadar faoin rialtas, áfach.












