Foclóir: Te reo Māori - Māori language; athneartú teanga – language revitalisation; scéim mhalairte – exchange scheme; beochantóir – animator; athdhéanamh – recreation; fís-amharc – audio-visual; tairbhe - benefit.
‘Caithfidh tú do scéal cultúrtha féin a inseacht, nó inseofar duit é.”
Sin a dúirt an beochantóir Siobhán Ní Thuairisg agus í ag caint ar an nós atá ag comhlachtaí móra léiriúcháin, scéalta dúchasacha a inseacht - uaireanta ar bhealaí atá ciotach nó gan luaíocht.
“Tá mé ag ceapadh gur sampla maith atá in Lilo & Stitch.”
U2’s The Edge conferred with Irish citizenship in Kerry ceremony
Iran launches attack on US air base in Qatar, all missiles intercepted
HSE apologises to teenager (17) for injection of wrong Covid vaccine with already-used needle
Leaving Cert holidays 2025: Pupils and parents on ‘hellish’ Albufeira, ‘crazy’ Zante and ‘cultural’ Berlin
Tagairt atá ann sin d’athdhéanamh 2025 ar scannán de chuid Disney den ainm céanna a seoladh i dtosach in 2002.
Cáineadh an leagan úr as an tslí a gcuirtear cultúr Oileáin Haváí i láthair.
Agus ar bhealach, is ar ábhar gaolmhar atá muid chun caint - scéim nua a chabhróidh le pobail a scéal féin a inseacht.
Is i gcathair Montréal Cheanada a bhí sí nuair a labhair Tuarascáil le Ní Thuairisg faoi scéim malartaithe idir beochantóirí na Gaeilge agus beochantóirí te reo Māori, teanga dhúchasach Aotearoa (An Nua-Shéalainn).

A luaithe agus a chuala Ní Thuairisg faoin scéim, ar a bhfuil an teideal Clár Malartaithe Beochana 2025, chuir sí suim ann ar an bpointe boise.
Gaeilgeoir ó dhúchas a bhí ag obair sa tionscal beochana a bhí de dhíth.
Tá Ní Thuairisg, ar as an Lochán Beag in Indreabhán i gCois Fharraige di, ag obair leis an gcomhlacht léiriúcháin scannán, teilifíse agus beochana Telegael, agus thapaigh sí an deis.
“Bhí a fhios agam go mbeadh suim agam ann. Scríobh mé mo thráchtas faoin tionchar a bhíonn ag na meáin ar theangacha agus ar theangacha atá ag fáil bháis,” a dúirt sí le Tuarascáil.
Cuireadh an clár malartaithe beochana ar an bhfód i mbliana le tacaíocht ó Ardán, TG4, Údarás na Gaeltachta, Comhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe, chomh maith le Screen Wellington, Māoriland, agus Coimisiún Scannán na Nua-Shéalainne.
An sprioc atá leis an scéim ná deis a thabhairt do bheochantóirí Gaeilge agus te reo Māori cleachtadh a fháil ar cheird a chéile agus an nasc a threisiú idir an earnáil sa dá thír. Tá súil leis go dtapófar deiseanna comhléirithe, malartú cultúrtha, agus cur chun cinn na dteangacha dúchasacha.
Chonaic mé an-chuid cosúlachtaí idir Ōtaki agus Conamara. Tá bailte beaga ann atá buailte leis an trá. Labhraíonn chuile dhuine a dteanga dhúchais, agus tá siad bródúil aisti freisin.
Ghlac an rannpháirtí Māori Seth Parata Stewart páirt sa chlár malartaithe ina diaidh, agus d’fhreastail an bheirt ar Fhéile Bheochana Annecy thar cion na Gaillimhe agus Wellington. Is cathracha UNESCO iad an dá chathair Wellington agus Gaillimh agus tá tionscal láidir closamhairc sa dá áit.
Agus í sa Nua-Shéalainn i mí Mhárta fuair Ní Thuairisc deis dul ag obair le stiúideo beochana Māori in Otaki ar feadh trí seachtaine agus thug sí cuairt ar fhéilte beochana.
“Chuaigh mé ann ar feadh trí seachtaine agus d’fhreastail mé ar chúpla féile bheochana cosúil le Wellington Animation Film Festival, Māori Animation Festival agus d’fhreastail mé ar go leor taispeántas le daoine a bhí ag críochnú a gcuid staidéir sa bheochan in Wellington.
“Bhí na daoine óga seo uilig le chéile ag foghlaim cén chaoi le beochan a dhéanamh. Bhí mé in ann cúnamh a thabhairt dóibh agus cúpla rud a thaispeáint dóibh,” a dúirt sí.
Thug Siobhán agus aíonna eile cuairt ar stiúideonna léirithe scannán agus beochana i Wellington.
Bhí Pik Pok, Weta FX, agus Ceardlann Weta ina measc. “Thug mé cuairt ar roinnt stiúideonna difriúla, stiúideonna cluichí, beo-aicsean, scannánaíocht, bhí chuile shaghas acu i ndáiríre.
Ach is i Māoriland [“Gaeltacht” na Nua-Shéalainne] a bhí mé an chuid is mó den am. Tá siad dírithe ansin go mór ar ghlóracha dúchasacha a ardú sna meáin – is te reo Māori a labhraítear ansin.”

Dúirt sí go bhfuil an-chuid cosúlachtaí idir scéal na Gaeilge agus scéal na Maoraise. Cé go bhfuil an Nua-Shéalainn chomh fada ó bhaile is atá, chonaic Ní Thuairisg an-chuid cosúlachtaí idir Ōtaki, áit atá thart ar 70 ciliméadar ón bpríomhchathair Wellington, agus Conamara.
“Chonaic mé an-chuid cosúlachtaí idir Ōtaki agus Conamara. Tá bailte beaga ann atá buailte leis an trá. Labhraíonn chuile dhuine a dteanga dhúchais, agus tá siad bródúil aisti freisin.”
Ar nós na Gaeilge, bhí te reo Māori ina príomhtheanga ag muintir Aotearoa tráth. Ach, de bharr ansmacht na coilíneachta, tháinig meath mór ar úsáid na teanga.
Cuireadh cosc ar a húsáid sna scoileanna i dtús an chéid seo caite mar chuid den iarracht an Béarla a bhuanú mar phríomhtheanga labhartha na tíre. Gearradh pionóis chorpartha orthu siúd a labhair í, agus fearacht mhuintir na hÉireann, tháinig meath mór ar fhoghlaim na teanga dá bharr. Ach níor lagaigh seandílseachtaí teanga ina n-iomláine agus cuireadh borradh faoi ghluaiseacht chearta teanga te reo Māori sna 1970idí.
In 1987 tugadh aitheantas mar theanga oifigiúil do te reo Māori agus roinnt blianta ina dhiaidh sin, in 2004, bunaíodh Whakaata Māori, stáisiún teilifíse Maoraise.
Bunaíodh an dara stáisiún in 2008 agus in 2016, ritheadh Acht Teanga a chuir bonn faoi iarrachtaí athneartaithe teanga.
Ar nós Theilifís na Gaeilge nó TG4 anois, chuir sé borradh faoi thionscadal nua amharc-ealaíon.
Ní haon ionadh mar sin é go láidreofaí naisc idir an dá phobal.
An t-am seo anuraidh ag Féile na Meán Ceilteach i gCaerdydd, shínigh TG4 comhaontú caidrimh le Whakaata Māori chun comhoibriú a dhéanamh maidir le forbairt ábhair, comhléiriú agus malartú eolais, agus chun nasc a chothú idir pobal na Maoraise agus pobal na Gaeilge.

Luach
Is léir gur bhain Ní Thuairisg tairbhe as an malartú, “láidrigh sé sin an tsuim a bhí agam agus an dúil a bhí agam rudaí a chruthú as Gaeilge.”
“Rinne sé an-oiread maitheasa domsa ó thaobh an phaisin atá agam do mo theanga dhúchais agus do mo chuid ealaíne,” a dúirt sí.
Ach bhí luach gairmiúil ag baint leis freisin, agus is léir go bhfuil deiseanna forbartha fós le fiosrú. Tá athrú tagtha ar nósmhaireacht an lucht féachana agus ar an dúil atá ag daoine a bheith ag breathnú ar chláir nach bhfuil ina dteanga féin agus dar le Ní Thuairisg bíonn daoine níos sásta fotheidil a léamh anois ná mar a bhí cheana.
“Mar gheall ar Manga agus Anime [leabhair ghrafacha agus stíleanna beochana Seapánacha], tá daoine sásta breathnú ar chláir fiú nuair nach dtuigeann siad an méid atá á rá, ach tá siad sásta na fotheidil a léamh.”
“Tá mé ag ceapadh go bhfuil an-suim in Éirinn agus sa Nua-Shéalainn i dtionscadail chomhléiriúchán a chur le chéile agus d’éirigh liom aithne a chur ar ealaíontóirí ón dá thír a mbeadh suim acu oibriú le chéile agus a gcuid teangacha a chur os comhair lucht féachana níos mó.”
Spreag
Tá Ní Thuairisg tar éis cur isteach ar an scéim maoinithe ‘Spreag’ a chuireann maoiniú ar fáil do ghearrscannáin Ghaeilge a thugann léargas ar scéalaíocht dhúchasach na tíre.
“An smaoineamh atá agam ná go mbeinn ag obair le cúpla ealaíontóir ón Nua-Shéalainn agus go n-inseodh muid scéalta agus finscéalta ónár dtíortha difriúla, iad a nascadh le chéile chun scéalta nua a inseacht ar an gcaoi sin.”
Leis an dul chun cinn teicneolaíochta atá déanta le tamall anuas, is féidir foireann a chur ag obair le chéile, beag beann ar cá háit ar domhan a bhfuil siad lonnaithe.
“Mar gheall go bhfuil an chuid is mó den tionscal ar líne anois, is cuma i ndáiríre cé chomh fada óna chéile atá muid.” Ach ar dtús báire, beidh sí ag súil le toradh ar a hiarratas.
“Le cúnamh Dé gheobhaidh mé é, agus mura bhfaighidh cuirfidh mé isteach ar an gcéad cheann eile!”
Chun breis eolais a fháil faoin scéim malartaithe, tabhair cuairt ar ardan.ie.