Is minic a scríobhaimid - lucht na Gaeilge - faoi bhánú na nGaeltachtaí agus faoi na ceantair atá ag streachailt mar gheall ar easpa tithíochta, easpa fostaíochta agus seirbhísí, agus easpa tacaíochta don teanga. Is rud eiseach é ar ndóigh do phobal na nGaeltachtaí ós rud é go bhfuil todhchaí an phobail teanga i mbaol. Ní hamháin go bhfuil sé ag tarlú sna ceantair imeallacha - sna Breac-Gaeltachtaí - ach i gcroílár na nGaeltachtaí móra chomh maith.
Rialtas i ndiaidh rialtais ag tarraingt na gcos agus gan beart a dhéanamh de réir a bhriathair. Le linn mo shaoil táim ag breathnú ar cheannairí polaitiúla ag ligean na maidí le sruth maidir leis an nGaeilge. Bíonn pleananna go leor ach is annamh a chuirtear i bhfeidhm iad. Tá sé d’aidhm ag an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil a mhéadú go 250,000. Níl sé sin le tarlú.
Tá sé mar sprioc ag an Stát chomh maith go mbeidh 20 faoin gcéad d’fhostaithe nua earcaithe ag eagraíochtaí poiblí inniúil ar an nGaeilge faoi 2030. Níl seans dá laghad go dtarlóidh sé sin ach oiread.
Bíonn eisceachtaí ann ó thaobh an Stáit de. Teacht TG4 (nó Teilifís na Gaeltachta) 30 bliain ó shin; cistí níos flaithiúla do thograí cruthaitheacha trí mheán na Gaeilge (mar shampla an tacaíocht a tugadh do scannán iontach Choilm Bhairéid, An Cailín Ciúin); an borradh atá feicthe againn le glúin nó níos mó sa ghluaiseacht Ghaelscolaíochta.
READ MORE
Ach bíonn sé deacair scaití an misneach a choinneáil ard.
Ach anois agus arís tagann polaiteoir chun cinn a dhéanann gaiscí ar son na Gaeilge a thugann ugach do dhaoine. D’fhéadfá a rá gur Michael D Higgins duine acu, mar Aire (eisean a bhunaigh TG4) agus mar Uachtarán. Duine eile ná an polaiteoir a chuaigh i gcomharbas air, an tUachtarán Catherine Connolly.
An chéad chóisir i ngairdín an Árais in 2027, is trí Ghaeilge a bheas sé, agus beidh píosa ealaíne nuachumtha le feiceáil san fhoirgneamh le linn na bliana.
An lá a oirníodh ina hUachtarán í, gheall Connolly go mbeadh an Ghaeilge ina cuid lárnach dá téarma seacht mbliana in oifig. Ba é an chéad dualgas oifigiúil a rinne sí ná cuairt a thabhairt ar Ghaelscoil i mBaile Átha Cliath.
An tseachtain seo caite, bliain díreach ó thosaigh sí, d’eagraigh sí ócáid in Áras an Uachtaráin a threisigh go láidir cé chomh tiomanta agus atá sí do chur chun cinn na teanga.
D’fhógair sí go raibh sí chun tionscnamh nua a chur ar an bhfód. ‘Togra Gaeilge an Uachtaráin’ an teideal atá air agus tá sé chun rith go dtí Samhain na bliana seo chugainn.
Bhí dream mór bailithe san Áras chun an nuacht a chloisteáil. Bhí siad bainteach le réimse na cumarsáide don chuid is mó. Ach ní ná meáin thraidisiúnta amháin a bhí i gceist. Bhí podchraoltóirí agus tionchairí a ghníomhaíonn sna meáin shóisialta ann chomh maith. Is cinnte go bhfuil Connolly ag díriú ar an aos óg, ag iarraidh iad a spreagadh chun an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh.
Tá gnéithe den togra suimiúil.
Mar shampla, beidh fáilte roimh lucht craolta na Gaeilge (idir chraoltóirí agus phodchraoltóirí) leas a bhaint as an Áras féin chun craoladh beo a dhéanamh i gcaitheamh na bliana.
An chéad chóisir i ngairdín an Árais in 2027, is trí Ghaeilge a bheas sé, agus beidh píosa ealaíne nuachumtha le feiceáil san fhoirgneamh le linn na bliana.
Tá geallúint tugtha ag Connolly chomh maith go dtabharfaidh sí cuairt ar chuile Ghaeltacht sa tír i gcaitheamh an 12 mhí agus go mbeidh cuairteanna go leabharlanna ann leis chun léitheoireacht sa Ghaeilge a spreagadh.
Nuair a toghadh í, dúirt Connolly gur mhaith léi go mbeadh Gaeilge mar theanga ghairmiúil an Árais le linn a hama ann. Cheana féin, tá bearta déanta sa treo sin aici. Tá ceachtanna curtha ar fáil do dhaoine atá fostaithe ina hoifig nó san Áras agus an-éileamh orthu de réir dealraimh.
Dúirt an tUachtarán ag an ócáid nach raibh aon bhrú á chur ar aon duine agus gurb é an aidhm a bhí aici ná misneach a thabhairt do na daoine sin feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
Ní fhéadfá ach tréaslú leis an méid sin chomh maith leis an gclár uaillmhianach atá leagtha amach do 2027.
I ráiteas a eisíodh an tseachtain seo caite dúradh go raibh béim ar leith curtha ag Connolly ar thacú le pobal na tíre ár dteanga a labhairt, a fhoghlaim agus a úsáid.
Bhí sé tábhachtach, a dúirt sí, chun anam agus spiorad na tíre a chothú. Dúirt sí chomh maith go mbeadh sí ag saothrú go dúthrachtach chun a chinntiú go mbeadh cead a cinn tugtha don Ghaeilge bláthú san Áras agus ar fud na tíre.
Bíonn muidne - lucht na Gaeilge - éadóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge agus na nGaeltachtaí ó am go ham.
Ach níorbh é sin an meon a tháinig chun cinn an lá sin san Áras.
Nuair a chuireas féin an cheist ar Connolly agus d’fhiafraigh dí an raibh sí imníoch faoi thodhchaí na teanga, d’fhreagair sí gurbh é a mhalairt an cás.
Dúirt sí go raibh “i bhfad níos mó dóchais agam anois ná mar a bhí ag taisteal timpeall na tíre agus ag breathnú ar an méid oibre atá ar siúl ar an talamh agus an borradh iontach atá ann ó thaobh na Gaeilge de”.
“Chun an cheist a fhreagairt, tá mé i bhfad níos dóchasaí ná mar a bhí mé. Tá beart le déanamh cinnte.”
Ní rómhinic a chloistear é sin. Ach b’fhéidir nach bhfuil an taoide ag trá a thuilleadh agus go bhfuil sé ag líonadh arís.
Feicimid an tionchar atá ag Kneecap, agus ag na tionchairí óga ar Instagram, TikTok, agus ar na podanna atá ag craoladh go rialta trí mheán na Gaeilge, beag beann ar sheanrialacha ná deasghnátha.
B’fhéidir go dtuigeann Connolly níos fearr ná aon duine eile go bhfuil sise mar chuid den zeitgeist a bhaineann leis an teanga i láthair na huaire. Maith í féin.
Foclóir:
ag streachailt = struggling
eiseach = existential
níos flaithiúla = more generous
uaillmhianach = ambition
dúthrachtach = earnest/diligent
éadóchasach = despairing/hopeless













