Grá agus comhionannas ar pháirc na himeartha

Is í Medb Johnstone scríbhneoir an ghearrscannáin Ár gCluiche Féin. Labhair sí le Emma Ferrari

Mír ón scannán Ár gCluiche Féin
Mír ón scannán Ár gCluiche Féin

Suíonn an gearrscannán Ár gCluiche Féin ag crosbhóthar cultúrtha ag a dtagann sochaí, polaitíocht, féiniúlacht, scéalaíocht, agus spóirt na hÉireann le chéile. Is gearrscannán Gaeilge é a chuireann ar ár súile dúinn caidreamh aiteach, trí shúile an phobail CLG, eagras atá i gceartlár nach mór chuile bhaile sa tír seo agus le feiceáil ar scáileáin seomraí suí agus tithe tábhairne gach deireadh seachtaine.

“Tháinig an smaoineamh chugam agus muid i bPáirc an Chrócaigh,” arsa Medb Johnstone, scríbhneoir an ghearrscannáin, a bhfuil fréamhacha ag a muintir i Maigh Eo agus nasc acu le foireann 1951.

B’fhurasta a rá go bhfuil cúrsaí agus cearta LADT+ socraithe anois ó bhí an reifreann pósta ann, ach anseo in Éirinn agus níos faide i gcéin tá brú ciúin ar ghnéithe áirithe den saol aiteach i gcónaí…

“Bhí Deirdre [deirfiúr léi] ag imirt i gcluiche ceannais idirmheánachcamógaíochta na hÉireann in 2017. Bhí Maigh Eo ag imirt i gcluiche ceannais an tseachtain dár gcionn agus ní raibh aon ticéad ar fáil. Rith sé liom go bhféadfainn dul i bhfolach sna leithris ar feadh seachtaine. smaoineamh cineál mental, agus ar ndóigh ní dhearna mé sin ach bhíos ag rá liom féin ‘Jesus, dá mbeadh mála codlata agus cúpla ceapaire b’fhéidir go mbeadh deis agam’. Cheap mé go raibh scéal ann…. Agus ansin thosaigh mé ag rá bhuel, abair, dá mbeadh fáth níos mó ag an duine sin a bheith istigh sa staid ar an lá sin, cén fáth a mbeadh ann?”

Féiniúlacht LADT+ agus na dúshláin atá fós ag an bhféiniúlacht sin i suíomhanna spóirt, go háirithe i gCumann Lúthchleas Gael, sin atá á fhiosrú ag ceist Mhedb.

“Má smaoiníonn tú ar an gcéatadán daoine [atá aerach], caithfidh go bhfuil níos mó ann. Níor chóir go mbeadh brú ar dhaoine riamh teacht amach, ach mura bhfuil mórán daoine sásta a rá amach cé hiad féin, tá fadhb againn.”

B’fhurasta a rá go bhfuil cúrsaí agus cearta LADT+ socraithe anois ó bhí an reifreann pósta ann, ach anseo in Éirinn agus níos faide i gcéin tá brú ciúin ar ghnéithe áirithe den saol aiteach i gcónaí: cúram leighis, aitheantas, cearta tuismitheoireachta, cearta trí chéile i dtíortha áirithe.

Ár gCluiche Féin
Ár gCluiche Féin

“Ara, táim ag féachaint ar an gCorn Domhanda, agus …fir, fir, fir… ní fheiceann muid aon athrú i saol spóirt na bhfear ó thaobh fir a bheith in ann teacht amach. Bhí cluiche Bhróid ann. Ach an dá thír a bhí ag imirt an chluiche sin, tá sé mídhleathach a bheith aerach sna tíortha sin. Agus spórt, is rud é ar chóir go mbeadh spás ag gach duine ann, sin an bhrí atá leis. Ní bhaineann sé le corn a bhuachaint. Go háirithe mar bhall foirne baineann sé le bheith mar chuid de rud éicint a mbeadh comhluadar ann, pobal agus sochaí ann. Má airíonn tú go bhfuil tú ar an imeall, ní maith sin d’aon duine.”

Is minic a eascraíonn cúpla saothar ealaíne as an síol céanna ag aon am amháin. Treocht, d’fhéadfá a rá, ach is minice gur freagra é atá ina cheist ón tsochaí ar an gcultúr. Ar bhealach, ní raibh comparáid lom á déanamh le Heated Rivalry (sraith faoi chaidreamh idir beirt imreoirí haca), ach luaigh Medb féin é: “Le Heated Rivalry, janey mac, bhí gach duine ag caint air, agus seo ag teacht amach ag an am céanna… ach ceapaim go dtarraingíonn scéalta mar seo aird. Ní féidir linn a bheith airdeallach ar rudaí nach bhfeiceann muid. Sin an nádúr atá againn.”

Is mór an tionchar a d’imir Heated Rivalry ar scáileáin, ar algartaim TikTok agus ar an lucht féachana, agus b’éasca a rá go dtagann sé seo chugainn ar an tonn céanna, ach is rud speisialta é scéal Gaelach agus Éireannach a bheith inste, scéal inar féidir linn muid féin agus an pobal inár dtimpeall a aithint. Is léir ón aiseolas go dtí seo go raibh gá leis sin. D’fhág cara le Medb glórtheachtaireacht mhothúchánach di nuair a chonaic sé den chéad uair é.

“Bhí sé ag caoineadh. Agus tá sé sin níos tábhachtaí ná aon rud eile - má fheiceann daoine iad féin ann.

“Thóg sé naoi mbliana orainn ach fós, níor athraigh aon rud san am sin. Mheas mé go raibh an scéal fós le hinsint. Tá aithne agam ar go leor daoine, fir a d’imir spórt, agus labhair mé leo agus níl sé éasca orthu. Agus tá sé aisteach a bheith ag smaoineamh go bhfuil muid aon bhliain déag tar éis an reifrinn agus go bhfuil rudaí ag sleamhnú ar bhealach eile measaim - nó sin a mhothaím féin go pearsanta.”

Is mór an méid naoi mbliana oibre freisin, próiseas ar a gcuireann Medb “cnoc oighir” air: “déanann tú gach rud le clár a chur le chéile - níl a fhios ag éinne céard atá faoin dromchla agus ní fheicfidh siad riamh é. Cloiseann tú i gcónaí mar gheall ar scannán agus conas a rinne siad é agus an brú a bhí ar dhaoine, ach is cuma le daoine ach é a fheiceáil. Ag deireadh an lae níl ann ach siamsaíocht. Níl muid ag sábháil an domhain.”

Dhéanfainn an argóint áfach gur féidir le smaointe an domhain a athrú, agus é a shábháil, ach iad a roinnt agus a chur i bhfeidhm.

Beidh Ár gCluiche Féin le feiceáil mar chuid den fhéile scannánaíochta GAZE Dé Domhnaigh an 2 Lúnasa ar a 5in san Irish Film Institute.

Foclóir

crosbhóthar = crossroads

féiniúlacht = identity

camógaíochta = of camogie

mídhleathach = illegal

airdeallach = alert/aware

algartaim = algorithms

glórtheachtaireacht = voice message

dromchla = surface

siamsaíocht = entertainment