Focail gan teorainn

Chuir Seán a’ Chóta taisce luachmhar focal le chéile lena linn

Ceann Sléibhe, Corca Dhuibhne
Ceann Sléibhe, Corca Dhuibhne

Ní chuirtear treise minic go leor gur réabhlóid shóisialta fara a bheith ina réabhlóid pholaitiúil agus chultúrtha ba ea an suathadh mór a tharla a thug ann do Shaorstát Éireann. Is é sin le rá, tosnaíodh ar éisteacht leis na daoine bochta don chéad uair sa cheart. Cad eile a bhí sa Ghaeilge ag teacht aníos as an gciúnas ach réabhlóid shóisialta? Bhí gradam agus seasamh agus éisteacht á dtabhairt do theanga a bhí faoi tharcaisne, faoi tháir agus ina tost sa saol poiblí, guth nár airíodh ariamh roimhe sin. Litríocht na Gaeilge féin, nuair ba láidre í, b’aicme oilte léannta a scríobh is a bhreac is a d’aithris, ionas gur ardréim cainte agus stíle atá againn don chuid is mó, fág na heisceachtaí déanacha as an áireamh.

Cuid den réabhlóid sin ba ea gnáthchaint agus gnáthbhladar a mhóradh agus a uaisliú, seachas canúint na n-uasal agus caint na cléire. Fionnachtain mhór ar theanga na ndaoine ba bhoichte ba ea gluaiseacht na hathbheochana riamh anall, ionas gur cuireadh an chaint sin ar buanchoimeád i leabhair i dtosach agus ar thaifid i ndéanaí aimsire. Is beag Gaeltacht nár déanadh trálaeireacht inti ag teacht ar an dualchaint ba dhílse is ba dhúchasaí idir fhoclóir, chomhréir agus fhóineolaíocht ionas nach ceadmhach aineolas ar an gcuid is fearr di feasta.

Fág na hollscoileanna as an áireamh, dhein géaga den rialtas iarracht chomh maith ar fhómhar na Gaeilge sin a thabhairt isteach. Dhein an Roinn Oideachais conradh le Seán Óg Ó Caomhánaigh sa bhliain 1936 ar fhoclóir Gaeilge-Gaeilge a thiomsú a bheadh bunaithe ar a cheantar dúchais féin i gCorca Dhuibhne. Duine faoi leith ba ea Seán, Seán Caomhánach chomh maith, agus arb é ‘Seán a’ Chóta’ is mó a thugtaí air mar go gcaitheadh sé filleadh beag ar uaire. Úrscéalaí ba ea é, leis, a scríobh Fánaí (1927), ach a tarraingíodh siar toisc go raibh daoine ag pógadh a chéile ann. Níor cheadmhach sin san am, cé gur tharla sé, deirtear. Leabhar eachtraíochta bunaithe cuid mhór ar a shaol féin i Meiriceá Thuaidh é, agus ar fiú é a léamh i gcónaí.

Tá scéal an duine agus a chuid foclóireachta inste go máistriúil sa leabhar Éist Leis an gCóta: saothar foclóireachta Sheáin a’ Chóta á mheá agus á mheas le Niall Ó Brosnacháin (An Sagart). Ar an gcéad dul amach, ní foláir a rá gur seasca míle ceannfhocal agus breis is dhá mhilliún focal a bhreac An Cóta san ollsaothar seo a ceapadh i dtosach a bheadh oiriúnach do na meánscoileanna! ‘Croidhe Cainte Ciarraighe’ atá mar theideal aige air agus chaith sé seacht mbliana ina bhun, ní nach ionadh. Ní raibh coinne ag an Roinn lena raibh le teacht agus lean easaontais eatarthu a réitíodh ar ball is a bhfuil míniú orthu sa leabhar.

Is é is suimiúla don ghnáthléitheoir inniu, áfach, ná na focail a bhailigh sé agus na míniúcháin a thug sé orthu, go háirithe na samplaí a thug sé uaidh mar sholaoid ar a n-úsáid.

Ní bheadh aon fhadhb le ‘seabhac’, mar shampla: ‘Éan d’aicme an fhiolair go ngob casta géar, agus gathaí fada géara ar a chrobhannaibh: laoch, gaiscidheach, curadh, míleadh.’

Ach ba nós leis scéal nó scéilín a cheangal le brí an fhocail. Mar shampla faoi ‘Callshaoth’ faighimid an míniú ceart go leor, ‘mí-ádh, duadh thar na beartaibh, duabhais mhór, deacaracht, cruadhtan’ ach cuireann sé leis sin ‘Le linn mo thúis óige bhí tuinncéir sa Daingean gur bh’ainm dó “Callshaoth”’ agus ar aghaidh leis ag eachtraí mar gheall air. Sin é, gan amhras, a dhéanann saothar inléite spraíúil de agus, ar nós an Duinnínigh, tá a phearsantacht féin le léamh ar gach giota de.

Fág gur caint dhílis Chorca Dhuibhne atá ann níor leasc leis ach an oiread focail nua ar bhonn dúchais a chumadh.

B’fhéidir níos láidre fós.

Ba le linn an dara cogadh mór barbartha a bhailigh Seán formhór an ábhair, agus níor leasc leis a chuid claonta féin, nó cad a thug sé faoi deara a chaitheamh isteach mar léiriú ar a raibh ar bun. Faoin bhfocal breá fuaimneach ‘Randamanradaidheacht’ (agus is sa tseanlitriú seo atá a chuid samplaí ar fad) deir sé: ‘Randamanradaigheacht chainnte duit a rádh go mbeidh an cogadh so i leath-taoibh fén Nodlaig.’ D’airíomar é sin cheana. Agus maidir lena bhfuil de dhíospóireacht againn inniu agus tathant ó lucht cogaidh agus airm dul i bpáirt le lucht impireachta, faoin bhfocal ‘Rann-pháirteamhlacht’, tugann sé dúinn: ‘Tabhartas ceart ó Dhia na Glóire neamh-pháirteamhlacht na hÉireann sa chogadh diabhlaidhe seo.’

Tá an chuma air nár thaitnigh Sasana leis. ‘Dá dtéigheadh Sasana ar lár níor ghleó liomsa san, is í m’aigne bheadh go sásta: níor ghoilleamhaint orm é.’ Nó, ‘Mí-reachta Shasana ar an dtír seo budh bhun lenár mbochtnughadh.’ Ar éigean go mbeadh glacadh leo sin in aon leabhar ón Roinn Oideachais inniu!

Ná a chuid claonta maidir le stair na hÉireann féin: ‘B’fhearr liom lúidín coise Sheáin Mhistéal ná corp Dhómhnaill Uí Chonaill ar fad’ ná gur dhícheannaigh Walter Raleigh na Spáinnigh i nGort na gCeann ‘gan cheathramha d’éinne acu’ nó gur bearránach ba ea Lloyd George ‘an tslí do chuir sé an margadh orainn dár n-aindeoin.’ Féasta mór de shamplaí barúla grinn agus léaspairtiúla atá ar fud an tsaothair.

Fág gur caint dhílis Chorca Dhuibhne atá ann níor leasc leis ach an oiread focail nua ar bhonn dúchais a chumadh. Tugtar suas dó gurbh é a chum an focal ‘rothar’ a bhfuil glacadh coitianta iomlán leis anois. Níl an glacadh céanna le ‘ollcharbad’ ar bhus, ach tá ‘instealladh dearmaid’ cliste ar ainéistéiseach agus tá dealramh fileata ar ‘cránacha cogaidh’ in ionad teainceanna.

Tá scagadh mioneolach déanta ag Niall Ó Brosnacháin ar gach gné den fhoclóireacht seo maidir lena chur chuige, na foclóirí ar bhain sé leas astu mar threoir, an chomaoin a chuir Bíobla Bedell air, na catagóirí éagsúla atá ann agus níl sa trácht seo agamsa ach cuid bheag de na rísíní blasta a thagann chugat as an gcíste saibhir de chaint na ndaoine agus de cheapadóireacht shamhlaíoch in éineacht. Leabhar é, leis, ar féidir tumadh isteach ann go neamhthuairimeach agus gheofar seoid éigin insuime ar gach leathanach ann. Agus, tar éis duit ligean don saothar seo cigilt a dhéanamh ar do chuid aineolais, tá an saothar ar fad le fáil ar líne, toisc eagarthóireacht a bheith déanta air ag Tracey Ní Mhaonaigh ó Ollscoil Mhá Nuad. Ní bheidh éalú furasta uaidh.

Foclóir

suathadh = upheaval/disturbance

tarcaisne = contempt/scorn

dualchaint = native dialect/traditional speech

tráiléireacht = trawling

ceannfhocal = headword (in a dictionary)

solaoid = example/illustration

claonta = biases/leaning

scagadh = sifting

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar