Tháinig na sluaite le chéile ag Oireachtas na Gaeilge le cluinstin faoi na háiseanna úra a bheas le fáil ar focloir.ie agus teanglann.ie.
Tá sé beartaithe mórfhoclóir aonteangach Gaeilge-Gaeilge agus mórfhoclóir dátheangach Gaeilge-Béarla a fhoilsiú roimh 2027.
Le linn an tseisiúin eolais, rinne Pádraig Ó Mianáin (Eagarthóir sinsearach an fhoclóra) agus Cormac Breathnach (bainisteoir tionscadail) cur síos thar a bheith spéisiúil ar an gcaoi leis an bhfoclóir úr aonteangach Gaeilge a úsáid.
Bhí deis acu sin a bhí i láthair amharc ar an leagan tástála den suíomh nua agus iontrálacha aonteangacha a fheiceáil i riocht a bhfoilsithe.
READ MORE
Dúirt Ó Mianáin: “Inniu beidh muid ag tabhairt an chéad léiriú do phobal an Oireachtais ar an fhoclóir aonteangeach, an foclóir Gaeilge/Gaeilge mar a thugann achan duine ar a bheas ag gabhail ar líne idir seo agus an Nollaig.”
Dúirt sé go bhfuiltear ag caitheamh leis an bhfoclóir úr mar a bheifear ag caitheamh le foclóir comhaimseartha i dteanga ar bith.
“Tá rudaí úra againn nach raibh sna foclóirí Gaeilge go dtí seo,” a dúirt sé.
“Mar shampla, i bhfoclóir Uí Dhónaill nó De Bhaldraithe is focal amháin a bhí sna hiontrálacha, ach againne beidh focail ar nós ‘spéaclaí gréine’ nó ‘deireadh seachtaine’ mar iontráil astu féin agus beidh cur síos ar cad é atá i gceist leo.
“Má shíleann muid go bhfuil gá le sampla lena léiriú beidh samplaí i láthair.”
Beidh cuid mhór focal as teangacha iasachta san fhoclóir úr ar nós capuccino, ad hoc agus burrito, mar gur pháirt de ghnáth-theanga na nGael atá ann.
Tá cur síos san fhocloir úr ar an difear atá idir capuccino agus latte agus thig leat cliceáil ar an dá cheann agus foghlaim faoi na difríochtaí atá eatarthu.
Dúirt Ó Mianáin gur glacadh cinneadh foclóirí ginearálta a chruthú chun freastal ar phobal ilghnéitheach na Gaeilge ach le fócas ar leith ar phobal na scoileanna Gaeltachta agus an Ghaeloideachais.
Seolfar an foclóir aonteangach Gaeilge-Gaeilge ar dtús ionas go mbeidh dea-chleachtas sna pobail sula dtagann an chéad fhoclóir eile: “Tá muid ag iarraidh dhá bhliain a thabhairt don fhoclóir aonteangach sula gcuirfimid an foclóir Gaeilge-Béarla amach,” a dúirt sé.
“B’fhearr linn deis a thabhairt don fhoclóir aonteangach fréamhú agus deis a thabhairt do dhaoine dhul i dtaithí ar dhul chuig an sainmhíniú Gaeilge seachas a dhul díreach chuig an aistriúchán Béarla,” a dúirt sé.
Ceann de na dúshláin a bhí roimh an bhfoireann eagarthóireachta ná teacht ar shainmhíniú ar leithéidí ‘tachrán’, ‘babaí’, ‘leanbh’ nó ‘girseach’, cailín ó thaobh aoise de: “Níl sainmhíniú ar chuid mhór de na rudaí atá le sainmhíniú againn. Cá huair a stopann tú ag úsáid ‘tachrán’ - cá huair a dtosaíonn tú ag úsáid ‘babaí’? Cad é an difear atá idir babaí, leanbh, páiste - nó an bhfuil siad uilig mar an gcéanna?” a dúirt sé.
Is féidir breathnú ar an seisiún seo ar leathanach YouTube Fhoras na Gaeilge.













