[ Read in EnglishOpens in new window ]
Tá mír sa scannán Kneecap - an scéal leath-fíreannach, leath-finnscéalaíoch faoin mbanna ‘rap’ ó Bhéal Feirste - nuair a deireann athair Móglaí Bap leis: “Labhrann tú an teanga ach ní thuigeann tú an teanga.”
Is é Michael Fassbender a imríonn páirt an athar. Is Óglach poblachtánach é an carachtar den sean scoil. Tá Gaeilge ar a chumas aige agus nuair a bhí Naoise óg deireadh sé leis “Gach focail Gaeilge a a labhraíotar is píléar a scoilteair ar son saoirse na hÉireann”.
Tá sé soiléir cé chomh tábhachtach atá an teanga don athair ar bhoinn chultúrtha, pholaitiúla agus féin-aithne.
Ar an láimh eile de, tá a mhac imithe ar seachrán. Tá saol gan úsáid, gan tairbhe aige, ag gnóthú a chuid mar mhangaire drugaí agus gan aon aidhm aige ina shaol.
The Young Offenders Christmas Special review: Where’s Jock? Without him, Conor’s firearm foxer isn’t quite a cracker
Restaurant of the year, best value and Michelin predictions: Our reviewer’s top picks of 2024
When Claire Byrne confronts Ryanair’s Michael O’Leary on RTÉ, the atmosphere is seriously tetchy
Ach má tá an mac gearr-radharcach, tá an t-athair dall ar shlite eile. Ní thuigeann sé gur féidir le cuspóir eile a bheith ag an teanga, taobh amuigh don dearcadh cúng atá aige féin ar an saol.
Ar a mbealach féin, is urchair ar son na Gaeilge amhráin Kneecap. Ach seasann siad ar son saoirse malartach, agus milieu Gaeilge atá an-difriúil.”Sula bhfágaim an leaba, spliff agus cupán tae,” a chanann Mo Chara.
Tagann an cruthúnas ar seo nuair a thagann bean óg isteach go dtí an banna agus deireann sí leo: “I’m learning Irish because of you’s.”
Is mór an trua nár mhair Rónán Mac Aodha Bhuí chun an scannán Kneecap a fheiceáil. Bheadh sé tógtha go croí le gach ar bhain leis, ón gcead radharc go dtí an críoch. D’oirfeadh an spleodar, an tsamhlaíocht, an dánacht, an chíréib, dó ar chuile bealach. An scannán seo, seasann sé do gach rud leis ar sheas Mac Aodha Bhuí an fód ar feadh 30 bliana nó níos mó le linn a shaol mar chraoltóir ceannródach, saineolaí ceoil, réabhlóídí ar son na teanga, ar son an chultúir, ar son na nGaeltachtaí, agus ar son an chraic.
Eisean níos mó na aon duine eile a scuab an Ghaeilge agus pobal na Gaeilge isteach sa 21ú aois. Ba fhear Gaeltachta amach agus amach an craoltóir ó Ghaoth Dóbhair, agus bhí omós fá leith aige do thobar na teanga, an chultúir, an chéile agus na Gaeltachta.
Ag an am céanna, bhí sé tógtha le ceol nua, spéis aige don saol casta nua-aoiseach agus don aos óg agus a mianta uilig. Bhí goile as cuimse aige gach gné den shaol sin a bhlaiseadh.
Bhí scileanna nádúrtha agus fá leith aige mar chraoltóir agus chabhraigh siad go mór an deis a thapú ar mhaithe leis na cúiseanna go léir lena raibh sé bainteach.
Bhí pearsantacht agus fuinneamh thar an gcoitinne aige. Bhí sé fiosrach. Bhí suim aige i ngach gné den saol. Bhí bá aige do daoine agus bhí sé nádúrtha leor. Ba fhear é le haghaidh an coincheap mór chomh maith, smaointe samhlaíoch chun daoine a thabhairt le chéile a bhí bainteach le ceol, nó le Gaeilge, nó leis an bpobal, nó le cultúr, nó le polaitíocht radiceach, nó a raibh dúil acu craic a bheith acu i gcomhluadar a leath-bhádóirí.
Is reibilúnach a bhí ann ina chroí. Feictear sin san nath atá bainteach leis: “Dorn san aer do na Gaeil!”
Nuair a fógraíodh a bhás an Fómhar seo caite, agus gan ach 53 bliana slánaithe aige, ba mhór an buille an nuacht do mhuintir na Gaeltachta, do phobal na Gaeilge, do cheoltóirí agus do lucht leanúna Rónáin ar fud na tíre agus thar lear.
Chun comóradh a dhéanamh ar a shaol, tá féile speisialta á eagrú ag deireadh mhí Mheán Fómhair i nGaoth Dobhair thar trí oíche. Léiríonn na ceoltóirí atá ag seinm an réimse leathan de cheoil ar chuir Rónán an-suim go deo ann.
Ina mease tá an banna reggae Bréag; Na Firéin; John Spillane, Eoghan Ó Ceannabháin; agus Róisín Chambers.
Chun a léiriú a thabhair ar chomh tógtha a bhí sé le cúrsai (agus cúiseanna) polaitíochta, is í an poblachtánach neamhspleach, Bernadette McAliskey, a sheolfas an Féile.
Rugadh Rónán i 1970, an páiste is óige i gclann mór a bhog go Gaoth Dobhair thart ar an am sin. Bhí sé tógtha le ceol, fiú nuair a bhí sé an-óg. “Thosaigh sé domsa le Clannad agus Skara Brae san 1970í,” a dúirt sé, “an bhealach ar chuir siad dreach nua-aoiseach ar shean amhráin Dhún na nGall.”
Bhog sé go Baile Átha Cliath mar mhacléinn ag staidéar cúrsaí cumarsáide. Fuair sé post mar léitheoir nuachta leis an gcraoltóir neamhspleách Century Radio. Ina dhiaidh sin bhog sé go RTÉ. Bhí sé féin agus Bláthnaid Ní Chofaigh ag obair mar thuairisceoirí do Scaoil Amach an Bobailín. D’fhanadar inn ndlúth-chairde tar éis sin.
“Bhí pearsantacht mhór aige i gcónaí. Thaitin a bheith ag dul amach leis agus an craic. Bhí sé go leor beagáinín bonkers ag an am.
“Bhí suim aige sa bpolaitíocht ón gcéad lá riamh. Dhéanadh sé cairde le daoine ar chas sé orthu ar na sráideanna. ‘Seo fear ó Peru ar bhuail mé leis anois. Éist leis an méid atá le rá aige faoina thír agus na héagóir go léir atá a dhéanamh.”
“Bhí sé an-tógtha ag an am sin le tuairiscí Maggie O’Kane ó Bhosnia. Thug sé tacaíocht do na Pailistínigh blianta roimh a bhí tacaíocht leathan acu i measc mhuintir na hÉireann.
Bhraith an bheirt orthu go raibh easnamh I saol sóisialta na príomh-chathrach. “Ni raibh aon áit le dul a raibh Gaeilge á labhairt agus go raibh daoine in ann an craic a bheith acu ag éisteacht le ceol agus ag caint ina dteanga féin.”
Bhunaigh said An Ciorcal Craiceáilte, oíche sóisialta le bannaí agus DJ, ach le gach rud ag tarlú i nGaeilge. D’éirigh go rí-mhaith leis an smaoineamh agus tosaíodh an Ciorcal in áiteanna eile. Nuair a bhog Rónán ar ais go Dún na nGall cúpla bliain ina dhiaidh sin, chur sé an Cabaret Craiceáilte ar an bhfód.
Ba sort ‘precursor’ iad seo do na ‘pop-up’ Gaeltachtaí atá feicthe againn le cúpla bliana anuas. Chomh maith d’eascair rudaí eile as an gceannródaíocht sin: an Ghaeltacht san Electric Picnic; G-Spota i mBéal Feirste agus i nGaillimh.
Ar ais i dTír Chonaill, thosaigh sé ag cur i láthair a chlár féin ar Raidió na Gaeltachta - Rónán Beo. Mar láithreoir bhí sé in ann rudaí a bhogadh ag luas aisteach, ó thaobh na cainte de agus i dtaobh na n-ábhar chomh maith. An t-eiseamlár is fearr do bhuanna agus scileanna ildánach Rónaín mar chraoltóir ná nuair a craoladh an seó beo beathaíoch ó Fhéile an Oireachtas gach bliain.
Bhí sé ar a shean-léim ansin, i measc a phobail féin. D’oir a stíl fuinnneamach, sciobhta, ainrialta go hiontach don ócáid. Bhí na cláracha sin i gcónaí den chéad scoth agus é ag craoladh beo, ag imirt páirt an MC, ag mealladh craic, scéalta agus gliondar ó dhaoine.
Bhí bua faoi leith aige chomh maith na ceoltóirí óga is fearr a aithint. Is amhlaidh an scéal a bhí le Kneecap. Eisean an chéad craoltóir a thug tacaíocht dóibh. Is ar Raidió na Gaeltacht a craoladh amhrán de Kneecap don chéad uair i 2018, in ainneoin go raibh air ‘bleep’ a úsáid nuair a scaoileadh buama ‘f’ sna liricí.
In agallamh a rinne sé roinnt blianta ó shin, leag Rónán amach an manifesto a bhí aige maidir leis an gCiorcal Craiceáilte, agus ceol trí mheán na Gaeilge.
“An phríomh aidhm I 1993 ná go mbeadh tionscal láidir ceoil i Gaeilge, go mbéadh grúpaí úra ag teacht chun tosaigh, ag cumadh ceol úr, ag cur ceirníní amach, agus go bhfuil ardán curtha ar fáil dóibh.
“Tugann sé mo chroí go bhfuil an méid sin ceoltóirí úra agus ceol úr ag teacht chun tosaigh mar chuid de réabhlóid an cheoil.
Ba bhuille throm é i 2019 nuair a d’fhoghlaim sé go riabh ailse aige. Le linn na gceithre bliana ina dhiaidh sin, bhí cóir leighis le haghaidh ailse á chur air go leanúnach. Agus a shláinte ag dul in olcais, tháinig ceoltóirí ó gach ball den tír le chéile i Whelans le haghaidh ócáid charthanachta do Rónán. I measc a chairde an oíche sin, bhí Kila, Síle Denvir and Barry Kerr, Colm Mac an Iomaire agus na Mary Wallopers.
Fuair Rónán bás sa bhaile ar an 19ú Meán Fómhair 2023. Bhí a bhean chéile Bernie, agus a iníon, Fionnuala, lena thaobh nuair a chuaigh sé ar shlí na fírinne.
Nuair a chuireann tú an cheist ar Bhláthnaid Ní Chofaigh deireann sí mana Rónán: “Dorn san Aer”.
“Ní propaganda a bhí ann. Chreid sé é. D’athraigh se an cultúr. Tá a thionchar le feiceáil i ngach áit.
“Thug Kneecap ómós do ina gcéad ceirnín anuraidh. Má bhreathnaíonn tú ar an scannán, tá pictiúr de Rónán agus JJ” – JJ Ó Dochartaigh: DJ Próvaí – “agus iad ag tabhairt barróg dá chéile.”
[ First Encounters: Bláthnaid Ní Chofaigh and Rónán Mac Aodha BhuíOpens in new window ]
San agallamh le Ceangal G (atá ar fáíl ar YouTube) dúirt sé: “Ní thuig linn a stopadh anois. Ar aghaidh linn le chéile ar bhóthar na réabhlóide”
D’ardaigh sé a lámh san aer agus dúirt go díreach don cheamara: “Dorn san aer do na Gaeil.”
Tá féile Dorn San Aer ar súil in Ghaoth Dobhair Meán Fómhair 27ú-29ú 2024