Gá le acht láidir atá ‘oiriúnach dá fheidhm’ - Ó Domhnaill

Laigí móra fós le brath beagnach 20 bliain ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach

FOCLÓIR: Neartú - strengthen, agallamh - interview, foráil - provision, fostaithe an stáit - state employees, constaicí - obstructions, oiriúnach - fitting/ suitable, imeallaithe - marginalised.

Tá laigeachtaí móra le brath ó thaobh Acht na dTeangacha de agus is léir le fada an lá go bhfuil gá len é a neartú agus a láidriú.

Sin a thug an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill le fios agus é faoi agallamh ag Tuarascáil tar éis dó Tuarascáil Faireacháin 2019 a fhoilsiú le gairid.

Dúirt Ó Domhnaill gurb é an scéal a léirigh an tuarascáil faireacháin, ná go bhfuil gá le h-acht níos láidre agus go mbeadh i bhfad níos mó daoine le Gaeilge á n-earcú sa státchóras agus go mbeadh spriocanna “an-soiléir” leagtha síos ionas go mbainfí sin amach.

READ MORE

Anuas ar sin, dúirt sé gur cheart go mbeadh foráil ann a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag fostaithe an Stáit atá lonnaithe sa nGaeltacht nó atá ag cur seirbhísí ar fáil sa nGaeltacht.

“In ainneoin go bhfuil beagnach 20 bliain ann ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm, maidir leis na seirbhísí atá ar fáil, feictear domsa go bhfuil laigeachtaí móra fós le brath,” ar sé.

Dúirt sé go mbíonn “constaicí agus deacrachtaí” móra i gcónaí ag daoine agus iad ag iarraidh seirbhísí sásúla a fháil trí Ghaeilge ón Stát.

“An bealach le dul i ngleic leis sin ná trí acht láidir atá oiriúnach dá fheidhm a thabhairt isteach agus sin atá ag teastáil nuair a achtófar bille nua mar atá geallta.”

Tá an Ghaeilge imeallaithe sa chóras polaitiúil agus poiblí le fada an lá agus tá sé soiléir nach dtiocfaidh athrú ar sin gan dualgas reachtúil teanga a bheith leagtha ar an Stáit agus ar chomhlachtaí poiblí an Stáit.

Acht teanga

Tá súil anois ann go neartófar an t-acht teanga ionas go dtabharfar aghaidh ar na fadhbanna seo. Ach, cé nár tharla sé go dtí seo, an bhfuil Ó Domhnaill ag súil leis go n-achtófar é go lua?

“Is ceist don lucht reachtaíochta é sin seachas domsa ach an rud atá mise ag rá ná go bhfuil fíor ghá lena leithéid. Feicim [É SIN]lá i ndiaidh lae, leis na daoine atá ag teacht isteach ag mo oifig - daoine atá ag déanamh gearrán, daoine atá ag lorg seirbhísí.

“Má fhéachann tú ar líon na ngearrán a fhaigheann muid, bíonn orm a rá le os cionn leath acu nach bhfuil dualgas reachtúil dá shárú.

Dúirt Ó Domhnaill go ngoileann sé sin “go mór” air mar Choimisinéir Teanga agus go léiríonn sé “arís agus arís eile” na laigí a bhaineann leis an acht mar atá sé faoi láthair.

Tá sé ráite ag an gCoimisinéir le fada an lá go bhfuil lochtanna móra ar chóras na Scéimeanna Teanga agus go bhfuil géarghá deireadh a chur leis mar chóras faireacháin.

“An dóchas a bhí ann faoi chóras na scéimeanna ná go dtógfaí ar ghealltanais de réir a chéile ach seachas sin an rud atá muid ag feiceáil ná go bhfuil na gealltanais sin dá lagú agus dá laghdú seachas dá neartú agus dá láidriú.”

“Caithfimid imeacht ón córas sin – caithfear córas caighdeánach a thabhairt isteach. Caithfear daoine le Gaeilge a thabhairt isteach sa chóras stáit.

Ach cén uair a tharlóidh sé sin?

“Tá sé fágtha rófhada cheana féin ach ag deireadh an lae is faoi lucht na reachtaíochta atá sé sin,” arsa Ó Domhnaill.

Cé gur foilsíodh an bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha, beidh gá le breis láidrithe ar an méid atá geallta ann agus beidh seans aghaidh a thabhairt air seo i mbliana agus Bille nua na dTeangacha Oifigiúla á achtú.

“Tá bille foilsithe ach caithfear é sin a láidriú go mór, dar liom, chun a chinntiú go bhfreastalóidh sé níos fearr,” arsa Ó Domhnaill.

“Tá mé ag caint mar dhuine a bhíonn ag labhairt le daoine a bhíonn ag lorg seirbhísí trí Ghaeilge. Feicim na constaicí agus feicim na deacrachtaí atá acu. Tá mé ag rá gurb é an bealach le dul i ngleic leis sin ná trí dhlí-phróiséas a bheadh suntasach go maith.

Bheadh córas caighdeánach seirbhísí stáit trí Ghaeilge sa nGaeltacht “mar bhun aidhm” chomh maith le “sprioc chéatadán” ó thaobh earcaíochta de “le go mbainfí amach é sin”. Ba cheart go ndéanfaí monatóireacht neamhspleách ar sin “agus go mbeadh iontaofacht ag baint leis ionas go gcreidfeadh daoine ann”.

Cumhachtaí

Tá uallach mór oibre ar Oifig an Choimisinéara agus fógraíodh an tseachtain seo go bhfuil Séamas Ó Concheanainn – “duine le taithí mhór” mar a deir Ó Domhnaill, ceaptha mar stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara. Beidh sé ag feidhmiú ag leibhéal príomhoifigigh sa Státseirbhís, an leibhéal is sinsearaí in Oifig an Choimisinéara Teanga.

“Tá muid ar cheann de na hoifigí stáit is lú sa tír agus ar cheann de na hombudsman is lú sa tír,” arsa Ó Domhnaill ach mar sin féin, b’fhéidir go mbeidh údar aige tuilleadh a fhostú amach anseo má thagann méadú ar fhreagrachtaí na hoifige.

Tá sé soiléir go gcaithfear feidhm an Choimisinéir Teanga a neartú agus an chumhacht atá aige a chur ar bhonn a bheadh inchomórtais le feidhm agus cumhacht na n-ombudsman eile.

“Ceann de na nithe atá dá lorg agam ó thaobh athbhreithniú an t-achta ná go mbeadh de chumhacht agam tráchtaireacht a dhéanamh ar aon phíosa reachtaíochta a bhfuil tionchar aige ar an nGaeilge.

“Níl an chumhacht sin agam faoi láthair.”

Ní cheadaítear d’Oifig an Choimisinéara faireachán a dhéanamh ach ar fhorálacha a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.

“Tá sé [an chumhacht seo] ag oifigí ombudsman eile ar nós Ombudsman na Leanaí - is féidir leis sin tráchtas nó comhairle a thabhairt ar reachtaíocht eile agus an tionchar a bheadh ag an reachtaíocht sin ar chúram leanaí.

“An rud atá mise ag lorg ná go mbeadh sé mar cheann de mo chuid feidhmeanna go mbeadh mé in ann breathnú ar aon phíosa reachtaíochta agus pé tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar an nGaeilge a mheas agus an chomhairle sin a chur faoi bhráid an rialtais.”

“Níl an chumhacht nó an fheidhm sin agam faoi láthair ach is rud é sílim a bheadh nádúrtha d’oifig ar nós na hoifige seo,” ar sé.

“Níl sé sin san acht faoi láthair cé go ndearna mé moltaí chuige sin ach is rud é go mbeinn ag súil leis gur féidir aghaidh a thabhairt air nuair a bheas an díospóireacht faoin acht ar siúil.”

Ceann de na bealaí le’n é sin a dhéanamh, deir sé, ná go mbeadh deis faireacháin aige ar achtanna eile agus nach mbeadh sé “ag brath ar ghearráin chun achtachán eile a fhiosrú”.

“Chuirfeadh sé sin go mór le feidhm Oifig An Choimisinéir Teanga dá mbeidís luaite sa bhille nua,” ar sé.

Scrúdaithe suntasacha

Agus é tosaithe ar a dhara théarma mar choimisinéir ó Mhí Mhárta, is é an rud is suntasaí a thug sé faoi deara “ná an tionchar gur féidir a imirt nuair atá tú ag déileáil le reachtaíocht eile nach Acht na dTeangacha Oifigiúla atá i gceist.”

“Na scrúdaithe is suntasaí atá déanta agam, baineann siad leis an Roinn Oideachais ó thaobh na patrúin scoileanna – tháinig sé sin tríd an Acht Oideachais, scrúdú RTÉ – bhain sé sin leis an Acht Craolacháin, scrúdú Chomhairle Chontae Chiarraí agus cur i bhfeidhm coinníoll teanga – ceist atá an-ábhartha faoi láthair, bhain sé sin leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.

Is de bharr gur rinneadh gearáin a bhain leis na píosaí reachtaíochta sin go raibh sé in ann scrúdaithe a dhéanamh a bhain leis na hachtanna áirithe sin.

“An rud a léirigh sé sin ná go bhfuil píosaí reachtaíochta ann go bhfuil gealltanais shonracha láidre ann ó thaobh na Gaeilge de ach léiríonn sé chomh maith na laigeachtaí agus an t-easpa láidreachta a bhaineann le hAcht na dTeangacha féin.

“Anois an deis, agus muid ag tarraingt ar fiche bliain den acht sa mbliain 2023, an t-acht a láidriú chun a chinntiú go bhfuil sé oiriúnach dá fheidhm.

Nótaí

Tiomáin isteach: Ag Fionnuala Flaherty agus Dara Devaney atá na príomhpháirteanna sa léiriú is deireanaí ó Stiúrthóir Ealaíne Fíbín, Philip Doherty.

Tá an drama ‘Fiach’ atá léirithe ag Fíbín i gcomhpháirt leis An Taibhdhearc, ar an chéad taispeántas ‘drive-in’ trí Ghaeilge in Éirinn agus leanann sé i mBaile na hAbhann go dtí 22 Lúnasa. Gealltar go mbeidh do chroí i do bhéal ag an léiriú le h-atmaisféar ann mar a bheadh ag ceolchoirm rac-cheoil.

“Theastaigh ó Fíbín tabhairt faoin dúshlán agus amharclannaíocht a bheadh sábháilte ach éirí croí inti a chruthú. Bhí orainn a bheith ag smaoineamh lasmuigh den bhosca, agus más tada é, tá sé i ndiaidh brú a chur orainn a bheith níos cruthaithí agus smaointí nua á hceapadh don léiriú,” arsa Doherty agus é ag trácht ar Fiach.

“Tá ríméad orainn go bhfuil muid in ann cuireadh a thabhairt do lucht féachana chuig ‘Fiach’, ár seó amharclannaíochta drive-in, áit ar féidir le daoine taitneamh a bhaint as a bheith ag féachaint ar scéal i dteannta a chéile in atmaisféar iontach,” a dúirt sé.

Breis eolais: fibin.com

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.