An Cósta Thiar: ‘Route 66 agus Camino na hÉireann’

Sraith nua deich gclár ar phobail Ghaeltachta chósta an Atlantaigh le craoladh

FOCLÓIR: Láithreoir - presenter; camchuairt - tour; fód dúchais - native place; ceann scríbe - journey's end; beo beathach - alive and active; bánaithe - cleared; mealladh na farraige - the pull of the sea; gnásanna - customs; rud inteacht - something; seoid - jewel/precious object; ag amharc - looking; beann - peak.

Is iomaí fíorcharaid a scaras an fharraige óna chéile a deirtear. Agus rian na himirce greanta ar thírdhreach na hÉireann, is cinnte gur fíor é sin. Ach, is fíor freisin gur thug an fharraige daoine le chéile ó thús ama.

Chothaigh sí pobail bhríomhara a lonnaigh taobh léi. Agus, cé go mbíonn a gcuid nósanna, gnásanna agus slite beatha de shíor ag athrú, cuireann sí bia, acmhainní agus deiseanna nua ar fáil do mhuintir an chósta i gcónaí.

Is ar na pobail sin atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta chósta iarthar na tíre a thugann an craoltóir Áine Ní Bhreisleáin cuairt i sraith nua dar teideal ‘An Cósta Thiar,’ a thosaíonn an tseachtain seo ar TG4.

READ MORE

Tógadh Ní Bhreisleán ar an mBunbheag i nGaoth Dobhair agus as a hóige thóg sí léi suim ar leith san fharraige.

Bhí bád ag a hathair agus ba nós leis an teaghlach dul isteach go hOileán Ghabhla, áit ar chaith sí tréimhsí fada agus í ina girseach.

“Bhí an fharraige i gcónaí thart orainn,” a dúirt sí agus í ag caint le Tuarascáil.

“Bheadh sé deacair orm cónaí in aon áit eile sílim ach in aice na farraige.Tá mo chroí inti.”

Ní ionadh mar sin é gur chuir sí fáilte roimh thairiscint tabhairt faoin tsraith nua seo ar phobail Ghaeltachta chósta an Atlantaigh.

Camchuairt atá sa tsraith deich gclár. Cuirtear tús leis ar fhód dúchais Ní Bhreisleáin i nDún na nGall agus leanann sí an cósta ó dheas go ceann scríbe i gCorca Dhuibhne.

Tugtar léargas feasach ar phobail atá beo beathach, ar mhealladh na farraige, agus ar ghnásanna na ndaoine atá ina gcónaí cois mara.

“Tá rud éigin faoin fharraige. Labhair mé le daoine a bhí thar lear agus bhí rud éigin á dtarraingt ar ais arís go dtí an cósta,” a dúirt Ní Bhreisleáin.

“Níl a fhios agam an rud é atá san fhuil. Bhí mé ag iarraidh é sin a fháil amach le linn mo thurais - an bhfuil rud inteacht difriúil fá mhuintir an chósta thiar a cheanglaíonn nó a spreagann muid?

“Sílim go bhfuil,” a dúirt sí.

“Tá sé cosúil le fiántas nó rógaireacht! Is daoine iontach righin agus daingean iad pobal an chósta, ach seasfaidh siad leat. D’aithin mé é sin ar an turas agus muid ag taifead. Bhí achan duine i gcónaí ar mhaithe le lámh chuidithe a thabhairt nó ag iarraidh a gceantar féin a chur chun tosaigh chomh maith agus a thiocfadh leo.”

Tá áilleacht nádúrtha agus oidhreacht na ndúichí a dtugann sí cuairt orthu go mór chun tosaigh sa tsraith.

“Fuair muid an deis dul go dtí an Sceilg. Chuaigh muid isteach nuair a bhí an bád deireanach turasóireachta ag fágáil. Mar sin, ní raibh ar an oileán ach muid féin, an criú agus beirt ó Oifig na nOibreacha Poiblí a bhíonn ag tabhairt aire don áit.

“Ní raibh éinne ann ach muid féin agus na mílte, mílte éan. Agus bhí lá galánta te ann. Tú i do sheasamh thuas ag amharc amach ar An Sceilg Bheag agus ar an tír mhór agus ag ceapadh ‘ní thiocfadh liom a bheith níos faide ón saol anois’.

Fiosraíonn Ní Bhreisleáin na bealaí a bhfuil an saol athraithe le blianta beaga anuas. Is léir go bhfuil meath tagtha ar thionscal dúchasach na hiascaireachta, mar shampla.

“Tá an iascaireacht bánaithe go mór” a dúirt sí.

Tráth dá raibh bhíodh na dosaen bád saighne, curachaí agus soithigh eile ag cur chun farraige as céibheanna, calaí agus as calafoirt suas síos an chósta, ach ní minic a fheictear anois iad.

“Agus feiceann tú an rian. Am ar bith a bhí muid amuigh le hiascairí nó bádóirí déarfainn leo, ‘Goidé mar atá rudaí?’ agus déarfaidís: “Tá s’agat féin, níl daoine ag iascaireacht níos mó. Tá mo chlann uilig imithe ar imirce. Ní fiú é. Níl na cuótaí againn. B’fhéidir go bhfuil cúpla pota gliomach agam ach ní le hairgead a dhéanamh.”

Ach, cé go bhfuil laghdú tar éis teacht ar líon na mbád agus ar na daoine atá ag plé leis an iascaireacht, tá fás tagtha ar bhealaí eile ar féidir slí bheatha a bhaint amach.

“Mothaím gur ar mhaithe le pléisiúr anois atá daoine amuigh ar an fharraige,” a dúirt Ní Bhreisleáin.

“Ní chluinfeá an oiread sin daoine fásta ag dul síos ag an fharraige don chraic nuair a bhí muidne óg ach tá an oiread sin daoine dhá dhéanamh anois!

“Tá rudaí ag athrú.Tá daoine anois a raibh teaghlach acu a bhíodh ag iascaireacht ag reáchtáil comhlachtaí farantóireachta nó ag déanamh turais mhara.”

“Go háirithe an dream óg, tá siad ag dul i dtreo eicí-thurasóireachta agus a leithéid - ag dul amach le go bhfeicfidh tú an dúlra ach gan a bheith ag cur isteach air.

“B’fhéidir go mbíodh siad ag iascaireacht tráth, ach tá siad ag tabhairt daoine amach ar naomhóga anois fá choinne go bhfeicfidh siad an fharraige ar an dóigh sin.”

Nósanna agus cleachtaí
Tá an-suim ag Ní Bhreisleáin i ngnásanna agus i gcultúr an phobail. Agus í ar an Ollscoil scríobh sí tráchtas ar fhoclóir na mara. Deis a bhí sa tsraith seo di breis a fhoghlaim faoi nósanna, cleachtaí agus seanchas na ndaoine.

Ar fhoghlaim sí mórán? “D’fhoghlaim leoga. Tá suim mhór agam féin i bpiseoga agus i mbéaloideas agus i seanchas na mara, an chósta agus an cheantair. Tá an t-uafás acu ann a bhaineann le cúrsaí iascaireachta agus cúrsaí bádóireachta.”

“D’fhoghlaim mé an oiread faoi na háiteanna agus na daoine agus ba iontach an deis é tumadh i gcultúr atá díreach cosúil le mo chultúr féin ach é a bheith níos faide síos an chósta. Tá rud éigin iontach speisialta fá dtaobh de.

“Bhí mé amuigh ag iomramh i naomhóg, i gcurach, agus ar bháid eile agus [d’fhoghlaim mé faoi] na téarmaí éagsúla a bhí ag na daoine ar chodanna an bháid agus na rámhaí agus achan rud. Tá siad sin ag imeacht ón chaint.

“Sílim, cuid mhór den seandream, b’fhéidir go n-airíonn siad sin níos mó ná mar a airíonn an dream óg é - na nósanna agus na cleachtaí sin - imíonn siad. Taobh istigh de ghlúin amháin níl duine ar bith b’fhéidir fágtha ag dul dó sin.

“Níl daoine in ann an aimsir a léamh mar a bhíodh; níl daoine ábalta na comharthaí sin a aithint mar nach bhfuil an ceangal díreach sin acu leis an chósta níos mó.

“Tá muid ag amharc ar aipeanna agus achan rud le feiceáil: an bhfuil sé chun báisteach a chur nó an bhfuil stoirm ag teacht, nó an bhfuil an lánmhara ard nó íseal. Cailltear an t-eolas sin go gasta.

Cé go bhfuil an saol ag athrú, tá draíocht faoi leith ag baint leis an fharraige. Seoid ar leith atá againn ar leac an dorais.

“A bheith in aice na farraige nó a bheith ar oileán nó a bheith thuas ar bheann ag amharc síos ar an fharraige, tá rud éigin speisialta faoi.

“Bímid ag caint ar Route 66 agus an Camino agus achan rud ach tá turas galánta againn féin, síos agus suas ár gcósta.”

* Cuirfear tús leis an tsraith ‘An Cósta Thiar’ ar TG4 ar an 12ú Eanáir ag 8.30pm

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.