Saothar Ui Chadhain i gclo i ndiaidh moill 40 bliain

Is ón chill a labhraíonn Máritín Ó Cadhain linn in An Ghaeilge Bheo - Destined to Pass (Coiscéim)

Is ón chill a labhraíonn Máritín Ó Cadhain linn in An Ghaeilge Bheo - Destined to Pass (Coiscéim). Leabhar atá ann a scríobhadh i 1962/63, beagnach 40 bliain ó shin. Níor foilsíodh é go dtí an tseachtain seo caite agus is é Seán Ó Laighin a rinne eagarthóireacht air. Tá obair den chineál céanna déanta aige roimhe seo nó chuir sé eagar ar ailt Uí Chadhain as an tréimhseachán Feasta.

Leabhar ait atá in An Ghaeilge Bheo. Is i mBéarla agus i nGaeilge atá sé scríofa - trian de i mBéarla agus dhá thrian i nGaeilge. Míníonn Ó Laighin i mbrollach an tsaothair gur "suirbhé agus staidéar cuimsitheach a bhí beartaithe ag Máirtín ar gach mórghné den saol a chuaigh i bhfeidhm ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht: stair, polaitíocht, imirce, gorta, cúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta, an Stát, an Eaglais, cúrsaí oideachais agus nádúr an duine ...

"Bhí an t-uafás conspóidí ar siúl ag an am: faoin chaoi le tabhairt faoi fhorbairt eacnamaíochta sa Ghaeltacht; faoi "Ghaeilge éigeantach"; faoi sheasamh na Gaeilge san Eaglais Chaitliceach, go mórmór agus an Laidin ag imeacht as; faoi thionchar Gallda na meánaicme sa Ghaeltacht; faoi easpa Gaeilge ar an teilifís agus ar na nuachtáin; agus go leor eile."

(Is beag a d'athraigh, is cosúil.)

READ MORE

Cén tairbhe atá leis an leabhar? Scríobhann Ó Laighin: "An tábhacht is mó - b'fhéidir an t-aon tábhacht - atá leis an scríbhinn seo anois ná gurbh é Máirtín Ó Cadhain a scríobh. Tá sé dhá scór bliain nach mór ó cumadh í; tá Máirtín faoin bhfód le 30 bliain; d'fhág sé an saothar ar leataobh. Ach fós tá scata cúiseanna ar fiú é a fhoilsiú agus baineann a bhformhór le Máirtín bheith ina údar air.

"I ngeall ar méid a chuid eolais agus doimhne a chuid tuisceana ar gach a bhain le Gaeilge agus le Gaeltacht; i ngeall ar an ngrá a bhí aige dá mhuintir agus dá gcultúr agus an misneach gan teorainn a bhí ann mar dhuine, ní féidir gan aird a tabhairt ar shaothar inar nochtaigh sé na tréithe thuas chomh lom díreach sin."

Tá glór sainiúil Uí Chadhain le haithint sa Bhéarla gan amhras agus tá go leor dá bhfuil le rá aige suntasach don lá atá inniu ann. Agus bí ag caint ar mhacallaí a bhainfeadh croith as an léitheoir comhaimseartha. Seo an Cadhanach ag trácht ar nimh scríbhneoirí Béarla in aghaidh na Gaeilge:

"The meanest thing about Irishmen writing in English today - the majority of them and especially all the host of mercenary scribblers - is their enmity towards the Irish language. For their lack of success they blame the language. It is more than probable that most of their Irish sales come from people who read Irish. Of course, those who fail in the examinations must find some specious excuse. They cannot admit that of the many who are called very few are chosen."

Seo é ag caint ar thionchar na státseirbhíse ar fhear na Gaeltachta: "He is at the mercy of the official and the official can bludgeon him into speaking English in a way in which an official of a foreign government never could."

Seo é ag caint ar an chéad Choimisiún Gaeltachta agus an Ghaeilge mar ábhar scoile: " ... But when one thinks of the Gaeltacht Commission maps, let it be granted at once that the task was a formidable one, perhaps the most formidable Ireland ever faced ... All the scruff politicians and petty scribblers, when they state that after 40 years the policy of gaelicisation has failed, are simply dishonest, whether they are harbouring under the cassock of that great double-barrelled Society of Jesus writer Burke-Savage, or in the columns of the fast-failing Irish Times.

"There never was any policy to fail. They haven't got the simple honesty to state that three or four generations of schoolboys leaving school at fourteen could not and would not be expected by anybody (who would make a simple attempt to speak without prejudice) to impose a language, which was no more than a school subject, on a whole people."

Nó: "In Ireland the Government guarantees the right and provides the means for having the Irish language taught. However, outside of the schools, it makes the functioning of that language, in any practicable form, impossible."

BA léir dó buntáistí an dátheangachais: "To a large extent we are in a better position than most Irishmen today because we are effective bilinguals. This is not altogether satisfactory from the point of view of the Irish language, but certainly from our point of view it is favourable. Irish is holding nobody back today."

Cuireann sé síos ar an imirce agus an dochar a dhéanann sí don Ghaeltacht: "Gaeltacht na himirce! Thug siad leo smior na gcnámh, scéimhe na feola, climirt na fola, an scéal, an t-amhrán, an port, an sclábhaí, an scríbhneoir, an sagart ... a raibh beo, meanmarcach, dúilmhear, fonnmhar, fíochmhar ionainn."

Ní miste a lua nach i gcónaí a bhí an ceart ag an Chadhnach ina chur síos. Tuarann sé sa téacs go mbánófar Oileán Thoraí, Co Dhún na nGall. Níor tháinig an tuar faoin tarngaireacht sin. Agus ní mór don léitheoir bheith cúramach faoi na staitisticí. Mar a mhíníonn an t-eagarthóir, ní dhearna Ó Cadhain athscríobh ar an bhunlámhscríbhinn. D'fhéadfadh sé nach bhfuil na figiúirí céanna chomh cruinn agus ba cheart.

Is é an chuid is measa den scéal, ar ndóigh, nár foilsíodh an dá leagan - Gaeilge agus Béarla - den leabhar seo tá 40 bliain ó shin mar a bhí beartaithe. Dá bhfoilseofaí, cá bhfios cad é an tionchar a bheadh acu ar mheon an phobail. D'fheidhmeodh siad, ar a laghad, mar fhoinse luachmhar eolais agus mar phointe teagmhála do dhaoine ar spéis leo cúrsaí teanga agus Gaeltachta.

Nach bhfuil an t-am ann an t-ábhar céanna a chur faoi bhráid an phobail agus faoi bhráid lucht tuairimíochta an Bhéarla i bhfoirm dhátheangach chomhaimseartha?

  • An Ghaeilge Bheo - Destined to Pass (Coiscéim) le Máirtín Ó Cadhain. Eagarthóir: Seán Ó Laighin