Nil stadas teanga oibre san Eoraip 'praiticiuil'

Measann Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Pat Cox, nach mbeadh sé "praiticiúil" stádas teanga oibre a thabhairt don Ghaeilge in…

Measann Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Pat Cox, nach mbeadh sé "praiticiúil" stádas teanga oibre a thabhairt don Ghaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Agus é ag caint i nGaeilge agus i mBéarla in oifig Pharlaimint na hEorpa i mBaile Átha Cliath, Dé hAoine seo caite, dúirt sé "ó am go céile agus sinn ag caint ar theangacha neamhfhorleathana cuirtear ceist faoi stádas na teanga. Ó thaobh cúrsaí praiticiúla de, rud an-deacair a bheadh ann".

Ba cheist don Rialtas é stádas na Gaeilge a shocrú agus níor mhaith leis dúshlán an Rialtais a thabhairt. Ach, a dúirt sé, "ón gcleachtadh atá agam ní bheadh sé éasca a leithéid a dhéanamh."

Labhair sé faoi na deacrachtaí praiticiúla a bheadh ann ó thaobh aistriúcháin de dá mbeadh na mionteangacha ina dteangacha oibre, deacrachtaí a rachadh i méid le teacht isteach na dtíortha nua in Aontas na hEorpa.

READ MORE

Ag seisiún de chuid Pharlaimint na hEorpa i Strasbourg le déanaí, ag a raibh ionadaithe i láthair ó na ballstáit nua, dúirt sé go raibh 23 teanga á labhairt sa pharlaimint. Cuireadh seirbhís aistriúcháin chomhuainigh ar fáil do gach teanga don ócáid sin. Ba é an chéad uair riamh dóibh a leithéid a dhéanamh agus obair ollmhór a bhí ann.

Ach ainneoin na ndeacrachtaí a bheidh ann le teacht isteach na dtíortha nua níl Cox i bhfábhar teangacha na parlaiminte a theorannú do thrí nó shé cinn de theangacha oifigiúla mar atá ag na Náisiúin Aontaithe.

Bheadh sé mídhaonlathach, a dúirt sé, iachall a chur ar Pholannach, a bhí tofa don pharlaimint ag muintir na Polainne, ní ar son a chumas teanga ach ar son a bhfuil déanta aige don phobal ar díobh é, Béarla nó Fraincis a labhairt.

Agus é ag caint leis an tuairisceoir seo tar éis na cainte dúirt Cox go raibh 700 aistritheoir breise le fostú chun freastal ar na tíortha nua san Aontas ar chostas EURO 40 milliún. Costas i bhfad níos mó a bheadh ann dá mbeifí chun stádas oibre a thabhairt do na teangacha neamhfhorleathana. "Tá teangacha neamhfhorleathana ann ar nós na Catalóinise a bhfuil pobal labhartha i bhfad níos mó acu ná mar atá ag an nGaeilge."

Ina chaint phoiblí dúirt Cox go raibh Parlaimint na hEorpa meáite ar thacaíocht a thabhairt don éagsúlacht teanga agus réigiún atá san Aontas Eorpach.

Bhí súil aige go mbeadh breis agus milliún Euro á chur ar fáil ag an pharlaimint don Bhiúró Eorpach um Theangacha Neamhforleathana san athbhliain.

"Ní féidir linn Eoraip a thógáil ar threoirlínte agus ar chaint ar institiúidí. Tá sé riachtanach caidreamh bheith ann idir daoine agus i gcroílár an chaidrimh sin tá meas ar éagsúlacht cultúr. Mura féidir linn meas bheith againn ar éagsúlacht cultúr ní thógfaimid go deo an Eoraip nua seo."

Thagair Cox fosta dá raibh ráite roimhe ag uachtarán an Bhiúró , Bojan Brezigar, faoi na héilimh atá ag an Bhiúró ar lucht dréachta polasaithe an Aontais nua.

Agus é ag caint i mBéarla dúirt Brezigar, ar ball de phobal labhartha Slovéinise san Iodáil é, nach raibh an Biúró ag iarraidh go gcuirfí le líon na dteangacha oifigiúla agus oibre san Aontas; gurbh é an seasamh a bhí acu go mbeadh sé de chumhacht ag an Aontas céimeanna a ghlacadh chun an éagsúlacht teanga atá ann a chaomhnú agus a chur chun cinn trí chláracha éagsúla.

Chuige sin bheadh gá le hathruithe áirithe i gconarthaí an Aontais. Liostaigh sé na trí phríomhathrú sna conarthaí atá á n-éileamh ag an Bhiúró chun stádas dlíthiúil na dteangacha neamhfhorleathana a chosaint; orthu sin bhí an t-éileamh go mbeadh vóta an mhóraimh ann in áit an vóta d'aonghuth a leagtar síos in Alt 151 de na conarthaí a bhaineann le cúrsaí cultúrtha

Mhol Cox éilimh an Bhiúró as bheith "appropriately ambitious but not excessively ambitious, because excess will not succeed in the political climate into which these ideas are launched".

Bhí Cox ag caint i ndiaidh dó ionad eolais nua an Bhiúró a oscailt in Áras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath. Beidh eolas agus cabhair ar fáil san ionad féin faoi na cláracha Eorpacha atá ann le maoiniú a thabhairt le haghaidh tograí agus sceimeanna a bhaineann le cúrsaí teanga agus oideachais.

Ionad taighde a bheidh ann chomh maith agus táthar ag súil go mbeidh sé ina mhúnla amach anseo d'ionaid eolais réigiúnda eile a lonnófar in áiteanna eile san Aontas Eorpach.