CROBHINGNE:NUAIR A chasann Éireannaigh ar a chéile thar lear, is í an chéad cheist a chuirtear ná "Cad as duit?" Nuair a chasann siad ar a chéile abhus, bítear ag caint ar an aimsir.
Deacair beirt Arabach ag casadh um a chéile i lár an ghaineamhlaigh agus go ndeir duine amháin díobh leis an bhfear eile: “Tá sé te.” Dá ndéarfadh, b’iontaí fós an freagra: “Voil, níl, mar a tharlaíonn.”
Is ionadh linn an aimsir mar tá sí athraitheach, claochlóideach, agus is cúis iontais dúinn í a bheith athraitheach, claochlóideach. Is mó sin focal atá againn ar an mbáisteach. Is féidir clagar báistí a bheith ann, go háirithe, agus tú ag dul amach id veistín samhraidh.
Bíonn sé ag gleadhradh báistí nuair a bhíonn bainis le bheith ar siúl. Ag roilleadh idir tú agus an chairt. Taosc mhór anuas ort agus tú ag iarraidh an cat a chur amach. Bíonn buaithreán báistí ann lá chluiche mhóir.
Ag spréachaíl ar an lá is gile sa samhradh. Bús báistí ag teacht amach as an teach tábhairne, agus é ina phéatar lá fhéile Phóil. Tá sé i bhfad níos simplí ag muintir na hAlban. Bíonn sé “ag cur uisce” nuair a bhíonn sé ag cur uisce.
Níl oiread sin cleachtaidh againn ar an sneachta. Tá calóga sneachta againn, is fíor, ach ceapann daoine gurb earra iad a itear sa mhias ar maidin le bainne agus le siúcra. Ach is brat eile ar fad an lóipíneach sneachta atá againn le tamall anuas.
Is é is measa faoin scéal ná nach feas do dhaoine gur ag filleadh ar ár ndúchas atáimid. Is fíor go raibh an tír san leathsféar theas tráth dá raibh ar feadh cúpla billiún bliain agus gur thosnaigh ag gluaiseacht ó thuaidh de réir a chéile. Níl aon chuimhne ag an té is sia meabhrach air sin, áfach. Ach má thagaimid níos gaire don stair chomhaimsireach, beidh le sonrú go rabhamar faoi leac oidhre ar feadh breis agus daichead míle bliain.
Ní dual don duine a bheith beo sna críocha fuara. As an teas a thángamar, agus is chun an teasa a fhillfimid, go háirithe nuair a bhíonn eitiltí saora againn ó Ryanair. Nuair a d’fhéach sinsir na nGael ar an tír seo óna bhfearann breá gréine sa Spáinn, ní fhacadar ach leac oighre. Éire Iathbhán Oileánach. Nuair a chrom na Rómhánaigh ar ionradh a dhéanamh orainn, ní fhacadar ach báisteach. Éire Iathfhliuch Oileánach. Nuair a fhéachann turasóirí orainn ní fheiceann siad ach brádán. Éire Iathcheoch Oileánach.
Bhíomar ar cheann de na fearainn is déanaí ar lonnaigh daoine ann san Eoraip. Fág an Íoslainn thuas i nead an domhain as an áireamh. Ní foláir nó bhí a fhios ag daoine cad a bhí rompu – leac oighre, toirc allta, seam seamróga, leipreacháin hataí arda, fianna fiáine agus fianna fáil.
Ina choinne sin, tá bua áirithe ag baint leis an aimsir fhuar. Bhí aithne agam ar fheirmeoir ó Chiarraí a thugadh uisce te dá chuid cearca ionas go dtabharfadh siad uibheacha cruabhruite dó láithreach bonn baill.
Tá feirmeoirí glice i gContae, voil, – abraimis Ciarraí arís ar eagla na míthuisceana, – a fhágann a gcuid ba amuigh san fhuacht ar son is go dtálfaidh siad uachtar reoite óna gcuid úthanna. Bunús tionscail an méid seo gan beann ar an IDA.
Is é bun agus barr agus íochtar reoite an scéil é nach bhfónann an ghrian dúinn. Fearann fuar is ea sinn, agus sinn chomh fada sin ó thuaidh le heireaball deiridh Alasca agus le Vladivostoc féin. Is esceamónna na hEorpa sinn le ceart, agus gach os agus oisín ina Rudolf. Níl ann ach go raibh an t-ádh linn go dtí seo. Roimhe seo bhíodh mathúin bhána ag siúl na slí agus an tírdhreach ar fad ina císte Nollag.
Anois teacht an Earraigh beidh an fuacht ag dul chun síneadh. Fuar anocht Má Leathan Loirg, is airde an sneachta ná an sliabh. Tugaimis féin an sneachta linn. Bánchnoic Éireann Ó Ó Ó. Tagann an samhradh is ní thagann an ghrian. Tá mise is mo Cheaití ag sneachtóireacht amuigh ar na sléibhte ó thuaidh. Péarla an tsneachta bháin.
Tá bás sa sneachta chugainn gan mhoill, an stathfar neantóga gan a thíocht? Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sneachta, anois ar theacht an gheimhridh. Is a bhonnáin bhuí, nach é an séan inár gcroí, tú a bheith fuarchaite ar leaca lom?
Is fíor nach dtagann turasóirí chugainn de dheasca na haimsire, ach i ngan fhios dóibh tagann siad chugainn ar son an leac oighre. B’í an leac oighre a dhealbhaigh an tír; b’í an leac oighre a dhealbhaigh Cill Áirne, muran féidir í a cheannach fós.
Mar adúirt Roy Keane i gcomhthéacs eile ar fad: “Faigh thairis air!” Agus is ea, chuala sin á rá!