Tá’s ag an saol, nó ag go leor de pé sa domhan de, an sean-nath riamh ‘Cathain ar stop tú de bheith ag bualadh do chéile?’ Claoncheist a éilíonn freagra áirithe.
Ní shamhlaímid a leithéid nuair a chromtar ar phobalbhreith a eagrú nó le guth na ndaoine a mheas ar chora crua na linne. Ach níl aon urlabhra neodrach ann agus níl aon fhriotal nach nochtann claonadh éigin dá neamhurchóidí is mar a shíltear a cheaptar é.
Bhí scata de phobalsuirbhéanna ann, agus beidh arís, ag iarraidh meon na ndaoine a thomhas maidir le hÉirinn Aontaithe de. Tá go dona, agus tá níos measa. Mar is rómhinicí ná a chéile go gcuirtear eireaball leis ar nós, ‘Ach dá gcosnódh sé méadú ar do chuid cánach agus maolú ar chaighdeán leasa sóisialaigh an deiscirt, an mbeifeá fós ar son Éireann Aontaithe?’
Tugtar dod aire nach bhfiafraítear riamh, ‘An mbeifeá ar son aontú na tíre dá gcothódh sé muintearas is síocháin fara fás eacnamaíochta is rathúnas mór breise do chách i ngach cuid den tír’?
Donald Trump’s approval rating in the US is way down, and no one knows what he’s going to do next
Is nothing sacred, even at a pope’s funeral?
Five things your estate agent is too afraid to tell you
Power outage latest: Cyberattack ruled out as source of Spain and Portugal blackout as investigations continue
Tá tuairim agat agus agamsa cad ina thaobh nach ndealbhtar an cheist ar an gcuma sin.
B’é a dhála céanna é ag an gceist a chuir an nuachtán seo agus Ipsos B&A an tseachtain cheana maidir le neodracht an stáit. Bhí cuma mhaith bhán air, is gan aon deilgní ag péacadh amach aisti, ba dhóigh leat. Ach bhí claonta ann ón mbunionramháil aníos.
Is é a bhí ann: ‘An bhfuil tú ar son leagan amach neodrach míleata reatha na hÉireann nó arbh fhearr leat go ndéanfaí athrú air ionas go bhféadfadh Éire breis freagrachta a ghlacadh ar son a cosanta féin agus cosaint na hEorpa?’
Arís eile ar ais, tugtar dár n-aire nár fiafraíodh ‘An bhfuil tú ar son...ionas go mbeadh ar ógánaigh na hÉireann, idir fhireann is bhaineann, dul chun cogaidh de réir toil na gcumhachtaí móra lasmuigh dínn i gcás aighnis pholaitiúla nach chun leasa an domhain iad is nach mbeadh de thionchar againn orthu ach mún dreoilín san fharraige nó broim spideoige sa ghuairneán gaoithe.’
Is maith is eol dom nach dócha go mbeadh friotal reifrinn a choíche chomh fileata leis sin, ach tá a bhfuil ann soiléir.
Bhí an cheist maidir leis an nglas triarach níos caime fós. Arís an plámás tosaigh: ‘Is é is brí leis an nglas triarach atá i bhfeidhm faoi láthair ná go gcaithfidh na Náisiúin Aontaithe faomhadh a thabhairt d’aon mhisean síochána a mbeidh trúpaí na hÉireann páirteach ann.’
Ceart go leor, arsa tusa, níl aon locht mór ar sin. Ach is sa bhreiseán atá an casadh ar nós ruball na muice: ‘Ciallaíonn seo gur féidir le tíortha eile ar nós na Rúise bac a chur ar mhisean dá leithéid.’ Tugtar dod aire arís go dtarraingítear an mathún mór dearg isteach d’aon ghnó cé nár chuir an impireacht chéanna bac orainn riamh oiread is aon uair amháin.
Leantar leis: ‘Tá sé i gceist ag an Rialtas an glas triarach a athrú ionas gur féidir trúpaí na hÉireann a chur ar mhisin síochána gan cead na Náisiún Aontaithe,’ ach d’oirfeadh eireaball eile anseo ar nós ‘in ainneoin na geallúna solmanta a dhein an Rialtas nach ndéanfaí a leithéid.’ Ní gá a rá nár cuireadh nath ar bith dá shamhail leis bíodh go mbeadh macánta agus ionraic.
In ainneoin na gclaoncheisteanna seasann pobal an stáit go daingean láidir diongbhálta ar son na neodrachta agus tá móramh cinnte gan aon siar ná aniar ar son an ghlais thriaraigh a choimeád.
Táimse breá sásta mo chuid scileanna iomadúla a chur ar fáil saor in aisce an chéad uair eile go bhfuiltear ag lorg foclaíochta oibiachtúla le haghadh pobalbhreithe dá sórt.